EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32014R0654
Cearta AE rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú
Áirithítear leis go bhfuil AE ábalta a chearta faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhorghníomhú agus a fheidhmiú trí bhearta beartais trádála a ghlacadh.
Leagtar amach leis an rialachán na rialacha agus na nósanna imeachta do AE maidir leis na hoibleagáidí atá air faoi chomhaontú trádála náisiúnta a chur ar fionraí nó a aistarraingt chun:
Gníomh
Chun leasanna AE a chosaint, féadfaidh an Coimisiún Eorpach gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a bheartas trádála a oiriúnú mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na tíre lena mbaineann nach tír de AE í. I gcásanna práinneacha féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme cuí a ghlacadh láithreach. Téann an Coimisiún, le cúnamh ó Bhallstáit AE, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann sula nglacfaidh sé na gníomhartha sin.
Beartais trádála atá ar fáil
Is éard atá iontu sin:
Beart iomchuí a chinneadh
Cinntear bearta beartais trádála ar bhonn an mhéid seo a leanas:
Athbhreithniú ar an rialachán
De bharr easpa ceapacháin nua i gComhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) níl an dara sraith dá córas don réiteach díospóidí in ann feidhmiú, le leasú ar Rialachán (AE) 2021/167 tugadh isteach roinnt athruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 654/2014.
Rialachán leasaitheach (AE) 2021/167:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lgh. 50-58)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/886 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2018 maidir le bearta beartais tráchtála áirithe i ndáil le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme 2018/724 (AE) (IO L 158, 21.6.2018, lgh. 5-18)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/724 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2018 maidir le bearta beartais tráchtála áirithe i ndáil le táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 122, 17.5.2018, lgh. 14-28)
Féach an leagan comhdhlúite.
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Athbreithniú Tosaigh ar raon feidhme an Rialacháin maidir le Forghníomhú (COM(2017) 373 final, 11.7.2017)
Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (téacs códaithe) (IO L 272, 16.10.2015, lgh. 1-13)
Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1-101)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 26.03.2021