EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014L0055

Sonrascú leictreonach sa soláthar poiblí

Sonrascú leictreonach sa soláthar poiblí

Mar chuid den phróiseas chun riarachán poiblí na hEorpa a nua-aoisiú, tháinig airí an Aontais Eorpaigh (AE) ar chomhaontú maidir le dlí, dlí a bhfuil mar aidhm aige úsáid an tsonraiscthe leictreonaigh do chonarthaí soláthair phoiblí a éascú agus a spreagadh, go háirithe le haghaidh cuideachtaí a oibríonn ar chonarthaí i mBallstát AE eile.

ACHT

Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le sonrascú leictreonach sa soláthar poiblí

ACHOIMRE

Ghlac Ballstáit AE le dlíthe nua maidir le soláthar poiblí sa bhliain 2014. Ghlac siad freisin le dlí nua go mba cheart go dtiocfadh méadú dá bharr ar líon na gconraitheoirí a n-úsáidfidís sonrascú leictreonach don obair a dhéanann siad, nó le haghaidh na n-earraí a sheachadann siad, san earnáil phoiblí.

Sonrascú leictreonach ag gnóthas i mBallstát áirithe, d’obair a rinneadh nó le haghaidh earraí a seachadadh d’údarás poiblí i mBallstát éigin eile, cuireadh bac ar an sonrascú leictreonach sin de bharr fadhbanna maidir le heaspa idir-inoibritheacht, .i. córais sonraiscthe leictreonaigh neamhchomhoiriúnacha i dtíortha éagsúla.

Cuirtear an dlí i bhfeidhm maidir le sonraisc a thagann faoi raon na dtreoracha um sholáthar poiblí, (.i. formhór na gconarthaí) ach ní chuirtear i bhfeidhm é maidir le conarthaí a thagann faoi raon na Treorach 2009/81/CE sna réimsí cosanta agus slándála, réimsí ina gcoimeádtar soláthar agus feidhmiú conarthaí faoi rún nó inar gá bearta speisialta slándála a bheith ag gabháil leo.

COMHCHAIGHDEÁN IDIR-INOIBRITHEACH

Forbrófar caighdeán Eorpach maidir le sonrascú leictreonach agus déanfaidh comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú tástáil air laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm na treorach. A luaithe is a chuirfear an caighdeán ar fáil, beidh d’oibleagáid ar na húdaráis phoiblí uile ar fud an AE glacadh le sonraisc leictreonacha a chloíonn leis an chaighdeán agus na sonraisc leictreonacha sin a phróiseáil.

Buíochas leis an chaighdeán, ba cheart go mbeifeá in ann córais sonraiscthe leictreonaigh sholáimhsithe (furasta le tuiscint agus le húsáid) a chur ar bun. Cuirfear san áireamh sa chleachtadh caighdeánaithe riachtanais shonracha na bhfiontar beag agus meánmhéide agus na n-údarás agus na n-eintiteas conarthach beag, nach mbíonn ach líon beag foirne agus acmhainní airgeadais teoranta acu.

Beidh an caighdeán oiriúnach freisin lena úsáid in idirbhearta tráchtála idir ghnóthais, agus i réimse an tsoláthair phoiblí.

CUR I BHFEIDHM

A luaithe is a fhoilseofar an caighdeán nua, beidh 18 mí ag údaráis chonarthacha an rialtas láir i mBallstáit AE agus suas le 30 mí ag údaráis chonarthacha áitiúla agus réigiúnacha chun an caighdeán a chur i bhfeidhm.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/55/AE

26.5.2014

27.11.2018

IO L 133, 6.5.2014, lgh. 1-11

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta a bhaineann le conarthaí oibreacha, le conarthaí soláthair agus le conarthaí seirbhíse a dhámhachtain ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis sa réimse cosanta agus sa réimse slándála, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (Iris Oifigiúil L 216, an 20 Lúnasa 2009, lgh. 76-136).

Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (Iris Oifigiúil L 94, an 28 Márta 2014, lgh. 1-64).

Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (Iris Oifigiúil L 94, an 28 Márta 2014, lgh. 65-242).

Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a ghníomhaíonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (Iris Oifigiúil L 94, an 28 Márta 2014, lgh. 12-23).

Nuashonraithe 13.10.2014

Barr