EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014D0388

Comhar réigiúnach trasteorann – incháilitheacht i leith cistithe

Comhar réigiúnach trasteorann – incháilitheacht i leith cistithe

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Cur chun Feidhme 2014/388/AE — réigiúin atá incháilithe i leith cistithe i gcomhair comhar trasteorann

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Déantar liosta ann de na réigiúin agus na limistéir atá incháilithe i leith cistithe ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chun tionscnaimh trasteorann agus trasnáisiúnta um Chomhar Críochach Eorpach (CCE) le haghaidh 2014-2020 a chur chun feidhme.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faigheann na réigiúin agus na limistéir lena mbaineann cistiú a bhaineann go sonrach le tionscadail a bhaineann le comhar le réigiúin i dtíortha eile AE. Liostaítear de réir spriocanna CCE grúpa réigiúin agus limistéir sna hiarscríbhinní:

  • Comhar trasteorann: cláir a dhéanann réigiúin chóngaracha nó réigiúin a bhfuil teorainn mhuirí eatarthu ó 2 thír AE nó níos mó i gcomhpháirt. Cuimsítear ann comhchláir lena mbaineann réigiúin chomharsanachta thíortha AE agus neamh-AE, ar an gcoinníoll nach bhfuil na réigiúin neamh-AE cumhdaithe faoi chláir atá faoi ionstraimí seachtracha airgeadais* AE.
  • Réigiúin bheaga (NUTS 3*) nach bhfuil ina gcuid de limistéar trasteorann ar bith agus atá cumhdaithe faoi ionstraimí seachtracha airgeadais AE.
  • Comhar trasnáisiúnta: cláir a bhaineann le comhpháirtithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla thar limistéir mhóra um chomhar, amhail an Réigiún Mhuir Bhailt.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 18 Meitheamh 2014.

CÚLRA

  • Clár AE is ea CCE (ar a dtugtar Interreg chomh maith) ina spreagtar comhchláir, comhthionscadail agus comhlíonraí idir réigiúin i dtíortha éagsúla AE agus idir réigiúin i dtíortha AE agus réigiúin neamh-AE chomharsanachta.
  • Le CCE is féidir le réigiúin agus cathracha oibriú le chéile ar cheisteanna praiticiúla, eolas a chomhroinnt agus foghlaim óna chéile, chun feabhas a chur ar chomhtháthú agus ar cháilíocht na beatha thar theorainneacha.
  • Tacaíonn CFRE le tionscadail beartais réigiúnaigh a cheaptar chun éagothroimí a cheartú idir réigiúin AE agus mar sin neartaítear an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉAMAÍ

Ionstraimí seachtracha airgeadais: tacaíonn siad sin le tionscadail ina gcuirtear leasanna agus luachanna AE chun cinn i dtíortha neamh-AE, e.g. forbairt eacnamaíoch i réigiúin nach bhfuil chomh maith as; síocháin, daonlathas agus cearta an duine; athchóirithe san earnáil phoiblí i dtíortha is iarrthóirí AE; etc.
NUTS 3: sainítear san Ainmníocht Aonad Críochach le haghaidh Staidrimh (NUTS) réigiúin NUTS 3 amhail na cinn ina bhfuil meándaonra idir 150 000 agus 800 000 ina n-aonaid riaracháin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Cur chun Feidhme 2014/388/AE an 16 Meitheamh 2014 ina leagtar amach liosta na réigiún agus na limistéar atá incháilithe i leith cistithe ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa faoi chomhpháirteanna trasteorann agus trasnáisiúnta sprioc an chomhair chríche Eorpaigh le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020 (IO L 183, 24.6.2014, lgh. 75-134)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 259-280)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) (IO L 77, 15.3.2014, lgh. 11-26)

Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IO L 77, 15.3.2014, lgh. 27-43)

Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’aonaid chríochacha le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lgh. 1-41)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.07.2017

Barr