EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0576

Gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí ainmhithe

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

Gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí ainmhithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 maidir le gnásanna do pheataí ainmhithe ag taisteal idir thíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachtar leis gnásanna a éascú d'úinéirí madraí, cait agus firéid agus iad ag taisteal lena bpeataí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Baineann an dlí seo le gluaiseachtneamhthráchtála peataí ainmhithe chuig tír AE ó thír AE eile nó ó chríoch nó ó thír nach tír AE í. Leis an dlí seo, cuirtear le scéim pasanna na bpeataí atá ann cheana féin agus is é atá i gceist leis ná cineál nua pas a thabhairt isteach.
  • Is féidir le cait, madraí agus firéid taisteal lena n-úinéirí laistigh d'AE má tá pas acu ar a bhfuil cruthúnasvacsaíniú frithchonfaidh dá n-aitheantas agus cruthúnas go bhfuilvacsaíniú frithchonfaidh faighte acu.
  • Chun taisteal idir thíortha AE, ní mór do pheataí:
    • a bheith marcáilte (le trasfhreagróir* nó le tatú);
    • vacsaíniú frithchonfaidh a bheith faighte acu;
    • cloí le bearta coiscthe sláinte ar bith le haghaidh galar eile seachas confadh;
    • a bheith á dtionlacan ag pas arna chomhlánú agus arna eisiúint ag tréidlia údaraithe.
  • sonraíochtaí an phas nualeagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach i Rialachán (AE) Uimh. 577/2013. Áiríonn an pas faisnéis amhail:
    • suíomh an trasfhreagróra nó an tatú agus an cód alfa-uimhriúil a thaispeántar ag an trasfhreagróir nó ag an tatú;
    • na nithe seo faoin bpeata: ainm, speiceas, pór, inscne, dath, dáta breithe agus aon tréithe ar leith is fiú a nótáil;
    • sonraí an úinéara agus sonraí an tréidlia údaraithe;
    • sonraí faoin vacsaíniú frithchonfaidh.
  • Chun dul isteach in AE, ní mór do pheataí ó thíortha nach tíortha AE iad na híoschoinníollacha céanna a chomhlíonadh. Ag brath ar stádasfrithchonfaidh na tíre nach tír AE í , féadfaidh ceanglais bhreise dhochta a bheith le comhlíonadh, lena n-áirítear tástáil fola a dhéantar tar éis don pheata vacsaíniú a fháil, a fhíoraítear ag saotharlann cheadaithe.
  • Beidh an cineál pas reatha fós bailí fad is a eisítear é roimh an 29 Nollaig 2014.
  • Má bhíonn confaidh nó galar eile ar pheataí ainmhithe, féadfar gluaiseacht nó iompar neamhthráchtála na bpeataí ainmhithe a chur ar fionraí ó iomlán nó ó chuid de chríoch na tíre AE lena mbaineann, nó na tíre nach tír AE í.
  • Ní mór go gcuirfí ar fáil don phobal ag tíortha AEeolas soiléir atá éasca le rochtain maidir leis na ceanglais is infheidhme do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí agus na rialacha maidir le scrúduithe comhlíonta ar ghluaiseacht dá leithéid. Ní mór dóibh an t-eolas seo a fhoilsiú ar an Idirlíon chomh maith.

Eisceachtaí

  • Féadfaidh tíortha AE gluaiseacht neamhthráchtála peataí ó thír AE eile chuig a gcríoch féin a cheadú do pheataí
    • atá níos óige ná 12 sheachtain agus nach bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu; nó
    • atá idir 12 sheachtain agus 16 sheachtain d’aois agus a bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu, ach nach gcloíonn go fóill le ceanglais an dlí um bailíochtú vacsaínithe.
  • Ach amháin sa chás gur féidir le húinéirí a thaispeáint go bhfuil na hainmhithe ag taisteal leo chun páirt a ghlacadh in imeachtaí spórtúla nó i dtaispeántais, ní féidir leo ach 5 pheata ar a mhéid a thabhairt leo.

Aisghairm

Déantar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/429 le feidhm ón 21 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 29 Nollaig 2014.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMA

trasfhreagróir: gléasra sainaithinte minicíochta raidió éighníomhach inléite amháin

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí ainmhithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (IO L 178, 28.6.2013, lgh. 1–26)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir le doiciméid aitheantais cineáil do ghluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, le liostaí críoch agus tríú tíortha a bhunú agus le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena ndeimhnítear comhlíonadh coinníollacha áirithe a bhforáiltear dóibh i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [IO L 178, 28.6.2013, lgh. 109–148].

Rinneadh leasuithe leantacha ar Rialachán (AE) Uimh. 577/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1–208)

Nuashonraithe 04.07.2016

Barr