EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R1095

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Cruthaítear leis an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) — ceann de na trí údarás maoirseachta Eorpacha (ESAnna) — a neartaíonn an comhordú idir rialtóirí náisiúnta na margaí airgeadais agus a áirithíonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach reachtaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh (AE) i mBallstáit AE.
  • Rinneadh é a leasú le Rialachán (AE) 2019/2175 lena dtugtar freagracht níos mó do na trí ESA go léir as cóineasú na maoirseachta ar an margadh airgeadais ina réimsí faoi seach a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cur i bhfeidhm comhsheasmhach an dlí

  • Dréachtaíonn an ESMA caighdeáin rialála agus theicniúla bunaithe ar reachtaíocht airgeadais AE. Tá an chumhacht aige freisin treoirlínte agus moltaí a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm dhlí AE.

Cosaint tomhaltóirí agus gníomhaíochtaí airgeadais

  • Cuireann ESMA trédhearcacht, simplíocht agus cothroime sna margaí chun cinn chun tomhaltóirí táirgí airgeadais a chosaint. Déanann sé faireachán ar ghníomhaíochtaí airgeadais agus déanann sé anailís ar threochtaí tomhaltóirí, mar aon le cúraimí eile. Faoi dhianchoinníollacha áirithe, féadfaidh sé gníomhaíochtaí airgeadais lena gcuirtear mbagairt ar chobhsaíocht na margaí a thoirmeasc nó a shrianadh ar bhonn sealadach.

Sárú dlí

  • Is féidir le ESMA imscrúdú a dhéanamh ar shárú dlí a dhéanann údarás náisiúnta. Tagann sí sin chun cinn nuair a theipeann ar an údarás náisiúnta a áirithiú go gcloíonn rannpháirtí an mhargaidh airgeadais le dlí AE.
  • Laistigh de 2 mhí, féadfaidh ESMA moladh a eisiúint ina gceanglaítear ar údarás náisiúnta an beart cuí a dhéanamh chun cloí le dlí AE. Ansin, féadfaidh an Coimisiún Eorpach tuairim fhoirmiúil a eisiúint. Má leanann an t-údarás náisiúnta leis an neamhchomhlíontacht, féadfaidh ESMA cinneadh a chur go díreach chuig rannpháirtí an mhargaidh airgeadais faoi dhianchoinníollacha áirithe. Tugtar tús áite don chinneadh seo thar chinntí a rinne an t-údarás náisiúnta roimhe sin.

Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175

  • Leis an rialachán leasaitheach seo tugtar cumhachtaí maoirseachta díreacha don ESMA ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla* agus ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide sonraí.
  • Aistríonn sé cumhachtaí údaraithe agus maoirseachta i ndáil le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí* ó údaráis inniúla chuig an ESMA, seachas iad siúd a bhaineann leas as maolú toisc go mbaineann ábharthacht theoranta AE leo. Laghdófar leis sin ilroinnt agus costais agus áiritheofar leis an cháilíocht chéanna agus an iontaofacht chéanna maidir le sonraí ar fud an Aontais Eorpaigh.
  • Faigheann an ESMA ról comhordaithe níos mó i gcásanna drochúsáide margaidh. I gcás go bhfuil amhras ann mar gheall ar orduithe, idirbhearta áirithe nó iompar áirithe go bhfuil drochúsáidí á mbaint as an margadh agus go mbaineann impleachtaí trasteorann leo ar shláine na margaí airgeadais nó ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas Eorpach, féadfaidh an ESMA tuairim a thabhairt maidir leis an measúnú leantach iomchuí.
  • Deonaítear leis an rialachán don ESMA, agus do na húdaráis inniúla, inniúlachtaí chun sonraí a bhailiú go díreach ó rannpháirtithe an mhargaidh maidir le ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála agus chun soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus a mhaoirsiú.
  • Tá an ESMA ábalta imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láithreáin a dhéanamh agus féadfaidh sé fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh chun iallach a chur ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí deireadh a chur le sárú nó an fhaisnéis iomlán agus cheart a theastaíonn uaidh a sholáthar.
  • Mar an t-údarás inniúil maidir le riarthóirí tagarmhairc i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a aithint, is é an ESMA an chontrapháirt AE do mhaoirseoirí i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, rud a fhágann go bhfuil comhar trasteorann níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ón 1 Eanáir 2011.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175 (a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010) ón 1 Eanáir 2020 i leith.

CÚLRA

  • Bunaíodh an ESMA in 2010, atá lonnaithe i bPáras, chun cobhsaíocht margaí airgeadais AE a chosaint agus chun dul i ngleic le heasnaimh sa mhaoirseacht airgeadais.
  • Tá ESMA ina chuid den chóras Eorpach maoirseoirí airgeadais (ESFS), a cruthaíodh in 2010 le dhá eagraíocht mhaoirseachta eile:
    • an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde atá lonnaithe in Frankfurt;
    • an tÚdarás Baincéireachta Eorpach atá lonnaithe i bPáras.
  • Cuimsítear sa chóras Eorpach maoirseoirí airgeadais freisin an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach um Maoirseacht Airgeadais agus Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tagarmharcanna criticiúla. Innéacsanna nó táscairí a úsáidtear chun ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais a phraghsáil nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas.
soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Cuideachtaí a éascaíonn tuairisciú idirbheart in ionstraimí airgeadais do rialtóirí agus don phobal.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Iúil 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lgh. 84–119).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349–496).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2014/51/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoracha 2003/71/CE agus 2009/138/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le cumhachtaí an Údaráis Eorpaigh Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) agus an Údaráis Eorpaigh Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (IO L 153 an 22.5.2014, lgh. 1–61).

Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lgh. 1–73).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle an 17 Samhain 2010 lena dtugtar tascanna sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lgh. 162–164).

Nuashonraithe 17.11.2021

Barr