EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0428

Rialuithe onnmhairí dé–úsáide (go dtí an 8 Meán Fómhair 2021)

Rialuithe onnmhairí dé–úsáide (go dtí an 8 Meán Fómhair 2021)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 — Córas AE chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé–úsáide a rialú

Tabhair faoi deara: Déantar Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a athmhúnlú agus a aisghairm le Rialachán (AE) 2021/821. Mar a shonraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/821, áfach, beidh rialacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 fós i bhfeidhm ar iarratais ar údarú a dhéanfar roimh an 9 Meán Fómhair 2021.

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis córas aonfhoirmeach de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, aistriú, idirthuras agus bróicéireacht* ítimí dé–úsáide*. Féachtar sa chóras lena chinntiú go gcloíonn AE lena thiomantais agus lena fhreagrachtaí, go háirithe maidir le neamhleathadh (i.e. cosc a chur ar leathadh arm núicléach).
  • Leagtar síos leis liosta coiteann de chuid AE um rialú agus na rialacha dá chur chun feidhme. Tá údarú onnmhairiúcháin de dhíth chun ítim dhé–úsáide a onnmhairiú ón Aontas Eorpach go dtí tír nach tír den Aontas Eorpach í.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is ionann ítimí dé–úsáide agus earraí agus teicneolaíocht is féidir a úsáid chun críocha sibhialta ach d’úsáid mhíleata chomh maith, lena n–áirítear ítimí lena bhféadfaí cuidiú ar bhealach ar bith le hairm núicléacha nó le feistí pléascacha núicléacha eile a mhonarú.
  • Is ionann trádáil in ítimí dé–úsáide agus cuid nach beag de thrádáil sheachtrach AE; sna sonraí is déanaí dearbhaítear go raibh luach na n–onnmhairí dé–úsáide rialaithe ón Aontas Eorpach ardaithe go dtí EUR 85 billiún.

Liosta AE d’ítimí dé–úsáide

  • In Iarscríbhinn I den rialachán soláthraítear liosta de na hítimí dé–úsáide a dteastaíonn údarú ina leith. Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach, tugtar Iarscríbhinn I cothrom le dáta gach bliain chun é a ailíniú leis na rialacha idirnáisiúnta agus na gealltanais a rinne:
  • D’fhéadfadh onnmhairiú ítimí dé-úsáide áirithe nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a bheith faoi réir ag údarú nuair a bhíonn cúis ann lena chreidiúint go bhfuil siad ceaptha le húsáid i dtaca le clár arm bitheolaíochta, ceimiceach, núicléach nó arm diúracáin bhalaistíoch nó d’úsáid mhíleata i dtíortha atá faoi réir trádbhaic arm.
  • I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit AE rialuithe breise a fhorchur ar ítimí neamhliostaithe le haghaidh cúiseanna a bhaineann le slándáil an phobailcearta an duine.
  • Cuireann Ballstáit srianta i bhfeidhm freisin ar sheirbhísí bróicéireachta i leith ítimí dé–úsáide, agus ítimí a bheith ar idirthuras tríd an Aontas Eorpach.
  • Cé is moite de roinnt ítimí íogaire atá liostaithe in Iarscríbhinn IV den rialachán (amhail maidhmitheoirí pléascacha a thiomáintear go leictreach), féadfar ítimí dé–úsáide a shaorthrádáil laistigh de AE.

Údaruithe onnmhairiúcháin

Tá ceithre chineál údaraithe onnmhairiúcháin i gceist, faoi mar a léirítear thíos:

  • Le húdaruithe ginearálta onnmhairiúcháin AE, ceadaítear ítimí dé–úsáide áirithe a onnmhairiú chuig tíortha áirithe agus faoi choinníollacha áirithe (féach Iarscríbhinn II den rialachán). Cumhdaítear iontu, mar shampla:
    • onnmhairí ítimí dé–úsáide áirithe chuig tíortha amhail an Astráil, Ceanada, an Eilvéis, an Iorua, an Nua–Shéalainn, an tSeapáin, agus na Stáit Aontaithe;
    • onnmhairí ítimí dé–úsáide áirithe tar éis deisiúcháin/athsholáthair;
    • onnmhairí sealadacha roinnt ítimí déan tSeapáin, úsáide le haghaidh taispeántas/aontaí;
    • onnmhairí ítimí teileachumarsáid áirithe agus ceimiceáin chuig cinn scríbe áirithe.
  • Féadfaidh Ballstáit údaruithe náisiúnta ginearálta onnmhairiúcháin a eisiúint má tá siad comhsheasmhach le húdaruithe ginearálta onnmhairiúcháin AE atá ann cheana agus nach dtagraítear iontu d’ítimí atá liostaithe in Iarscríbhinn II den rialachán (mar shampla, úráiniam, pataiginí daonna agus pataiginí ainmhithe ar nós víreas áirithe, lena n–áirítear Ebola).
  • Eisíonn údaráis náisiúnta ceadúnais dhomhanda ar onnmhaireoir amháin agus d’fhéadfaí go gcumhdófaí iontu ítimí éagsúla chuig tíortha éagsúla nó úsáideoirí deiridh éagsúla.
  • Eisíonn údaráis náisiúnta ceadúnais aonair ar onnmhaireoir amháin agus cumhdaítear iontu onnmhairiú ítim dé–úsáide amháin nó níos mó chuig úsáideoir deiridh amháin nó choinsíní amháin i dtír nach bhfuil sa AE.

Líonra na n–údarás rialaithe onnmhairí

Faoin rialachán, bunaítear líonra d’údaráis inniúla um rialú onnmhairí, a chomhordaíonn an Grúpa Comhordúcháin um Dhé-úsáid, ina ndéantar faisnéis a mhalartú ar rialú onnmhairí, agus a fhorbraíonn uirlisí le tacú lena chur chun feidhme.

An t–athbhreithniú beartais um rialú onnmhairí

  • Faoin rialachán, ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas AE um rialú onnmhairí. I mí Dheireadh Fómhair, 2013, chuir an Coimisiún tuarascáil um chur chun feidhme agus um measúnacht tionchair faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle Eorpaí. Cinntear inti gurb amhlaidh, cé go bhfuil bonn stuama dlí agus institiúideach á sholáthar ag an gcóras reatha um rialú onnmhairí, gur chóir é a uasghrádú d’fhonn na cumais rialaithe nu–aimseartha a bheidh de dhíth ar AE amach anseo a ghiniúint.
  • I mí Aibreáin 2014, glacadh teachtaireacht ina ndearnadh cur síos ar fhís fhadtéarmach do rialuithe onnmhairí straitéiseacha AE agus inar sainaithníodh roghanna beartais nithiúla maidir le nuachóiriú an chórais um rialú onnmhairí. In 2015, rinneadh measúnacht tionchair ag an gCoimisiún agus cuireadh togra reachtach i láthair i Meán Fómhair 2016 maidir le rialuithe onnmhairí AE a nuachóiriú.

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 428/2009

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a athmhúnlú agus a aisghairm le Rialachán (AE) 2021/821 le héifeacht ón 9 Meán Fómhair 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 27 Lúnasa 2009.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bróicéireacht. Obair na n–idirghabhálaithe a bhíonn ag ceannach agus ag díol ar son daoine eile.
Ítimí dé–úsáide. Ítimí is féidir a úsáid chun críocha sibhialta agus míleata araon, amhail úráiniam is féidir a úsáid chun cumhacht a ghiniúint agus in airm núicléacha araon.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé–úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lgh. 1–269).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé–úsáide a rialú (athmhúnlú) (IO L 206, 11.6.2021, lgh. 1–461).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — An t–athbhreithniú ar bheartas um rialú onnmhairí: slándáil agus iomaíochas a áirithiú i ndomhan atá ag athrú (COM(2014) 244 deiridh, 24.4.2014).

Nuashonraithe 22.10.2021

Barr