EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 31999L0094

Faisnéis maidir le hídiú breosla agus astaíochtaí CO2 gluaisteán nua

Faisnéis maidir le hídiú breosla agus astaíochtaí CO2 gluaisteán nua

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 1999/94/CE — infhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht bhreosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin phaisinéirí nua a mhargú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Chun cuidiú a thabhairt do thomhaltóirí feithiclí a roghnú a bhfuil a n–ídiú breosla íseal, ceanglaítear leis an treoir ar dhéileálaithe i ngluaisteáin phaisinéirí nua faisnéis úsáideach a sholáthar do cheannaitheoirí ionchasacha maidir le hídiú breosla agus astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí sin. Ní mór an fhaisnéis sin a léiriú ar lipéad an ghluaisteáin, ar phóstaeir agus ar ábhar cur chun cinn eile, agus i dtreoracha sonracha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é is cuspóir leis an treoir a chinntiú go gcuirfear ar fáil do thomhaltóirí an fhaisnéis a bhaineann le barainneacht bhreosla agus astaíochtaí CO2 gluaisteán paisinéirí nua a thairgtear lena ndíol nó lena léasú in AE. Cuirtear an fhaisnéis do thomhaltóirí in iúl trí cheithre mhodh éagsúla:

  • lipéad ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 a cheangal den fheithicil;
  • treoir maidir le hídiú breosla agus astaíochtaí CO2 a cheangal den fheithicil;
  • póstaeir a chur ar taispeáint i seomraí taispeántais gluaisteán;
  • sonraí maidir le hídiú breosla agus astaíochtaí CO2 a chur san áireamh in ábhar cur chun cinn.

Lipéad barainneachta breosla

Ní mór lipéad barainneachta breosla a cheangal de ghaothscáth gach gluaisteáin phaisinéirí nua ag an bpointe díola. Ní mór an lipéad sin a bheith le feiceáil go soiléir agus ní mór dó ceanglais áirithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Go sonrach, ní mór meastachán den ídiú breosla a bheith air, agus é curtha in iúl i lítir in aghaidh an 100 ciliméadar nó i gciliméadair in aghaidh an lítir (nó i mílte in aghaidh an ghalúin), mar aon le meastachán de na hastaíochtaí CO2.

Treoir maidir le hídiú breosla

Ní mór treoir maidir le hídiú breosla a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta uair amháin sa bhliain ar a laghad. Ní foláir nó go mbeidh an fhaisnéis ar fad atá sonraithe in Iarscríbhinn II leagtha amach inti, lena n–áirítear liosta de na 10 leagan gluaisteáin nua is breosla-éifeachtúla ó thaobh a n–astaíochtaí CO2 de réir a chineáil bhreosla. Ní foláir nó go mbeidh an treoir sin dlúth, iniompartha agus saor in aisce. Beidh tomhaltóirí ábalta í a fháil ag pointe díola an déileálaí agus ó chomhlacht ainmnithe laistigh de gach tír AE.

Sonraí maidir le hídiú breosla

Maidir le gach déanamh atá ar díol, ní mór don déileálaí liosta de na sonraí maidir le hídiú breosla le haghaidh na leaganacha go léir a thaispeáint ar phóstaeir nó i bhfoirm ar bith eile (lena n–áirítear taispeántais leictreonacha). Ba cheart na sonraí sin a mhiondealú de réir an chineáil bhreosla agus iad a aicmiú in ord barainneacht bhreosla mar a thaispeántar leis na leibhéil astaíochtaí CO2.

Ní mór sonraí maidir le hídiú breosla agus astaíochtaí CO2 a bheith in ábhar cur chun cinn (fógraí i nuachtáin, póstaeir agus bróisiúir) a úsáidtear chun gluaisteáin nua a mhargú.

Toirmisctear margaíocht ar bith a bhaineann le hídiú breosla nach gcomhlíonann na rialacha thuas agus a bhféadfadh mearbhall bheith mar thoradh uirthi.

Iarmheasúnú agus monatóireacht

Ní mór do thíortha AE an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas faoin gcomhlacht inniúil nó na comhlachtaí inniúla atá freagrach as scéim na faisnéise do thomhaltóirí a chur chun feidhme agus a fheidhmiú.

Moladh ón gComhairle agus nós imeachta tástála rialála nua

I mí na Bealtaine 2017, ghlac an Coimisiún moladh maidir le húsáid luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 arna gcineálcheadú agus arna dtomhas i gcomhréir leis an nós imeachta tástála comhchuibhithe domhanda nua d’fheithiclí éadroma (WLTP). Ní mór é sin a dhéanamh agus faisnéis á cur ar fáil do thomhaltóirí lena chinntiú go bhfuil rochtain acu ar luachanna WLTP-bunaithe níos ionadaíche a luaithe is féidir, chun saobhadh an mhargaidh a sheachaint agus tacú le cur chun feidhme éascú agus comhchuibhithe in AE. Déanann an Coimisiún roinnt moltaí le tíortha AE, lena n–áirítear go gcinnteoidh siad an méid seo a leanas:

  • Baintear úsáid as luachanna na dTimthrialla Tiomána Nua Eorpacha a thaifeadtar i ndeimhnithe comhréireachta gluaisteán nua cláraithe chun ídiú breosla oifigiúil agus astaíochtaí sonracha CO2 a chur in iúl do thomhaltóirí go dtí an 31 Nollaig 2018. I ndiaidh an dáta sin déanfar na feithiclí nua ar fad a chuirfear ar mhargadh AE a thástáil agus a chineálcheadú i gcomhréir leis an WLTP, lena mbainfidh coinníollacha tástála níos doichte agus luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 níos réadúla.
  • Níor cheart ach luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 WLTP a úsáid chun críche faisnéise do thomhaltóirí ón 1 Eanáir 2019.
  • Ní mór a thaispeáint go soiléir ar ábhar cur chun cinn a dháiltear trí mhodh leictreonach agus lenar féidir le tomhaltóirí feithicil faoi leith a chumrú, amhail cumraitheoirí gluaisteáin ar líne, conas a théann trealamh sonrach éagsúil agus roghanna breise i gcion ar luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 a chineálcheadaítear agus a thomhaistear de réir an WLTP.
  • Sula ndéantar cinneadh maidir le gluaisteán a cheannach, ní mór tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na hathruithe ar luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 mar thoradh ar an WLTP a thabhairt isteach chomh maith leis na himpleachtaí a d’fhéadfadh bheith ag na hathruithe sin ag tráth an chláraithe (e.g. ar chánachas gluaisteáin).
  • Ba cheart go gcuimseofaí sna luachanna ídithe breosla oifigiúil agus astaíochtaí sonracha CO2 na luachanna “comhcheangailte”* ar a laghad a tomhaiseadh i gcomhréir leis an nós imeachta tástála rialála.
  • Seoltar feachtais faisnéise cuí le míniú a thabhairt do thomhaltóirí faoi thabhairt isteach an WLTP agus a impleachtaí maidir le luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2, go háirithe an méadú ar na luachanna sin i gcomparáid leis na luachanna a fhaightear faoin NEDC, agus ciall na luachanna a thagann as na céimeanna tástála éagsúla.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 18 Eanáir 2000 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 18 Eanáir 2001.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Luachanna comhcheangailte: luach a fhaightear as comhcheangal luach oifigiúil an ídithe breosla agus luach oifigiúil na n–astaíochtaí sonracha CO2.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht bhreosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin phaisinéirí nua a mhargú (IO L 12, 18.1.2000, lgh. 16-23)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 1999/94/CE a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lgh. 1-643)

Moladh (AE) 2017/948 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 maidir le húsáid luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 arna gcineálcheadú agus arna dtomhas i gcomhréir leis an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma agus faisnéis á cur ar fáil do thomhaltóirí de bhun Threoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 142, 2.6.2017, lgh. 100-103)

Moladh 2003/217/CE ón gCoimisiún an 26 Márta 2003 maidir le forálacha Threoir 1999/94/CE, a bhaineann le litríocht bholscaireachta, a chur i bhfeidhm maidir le meáin eile (IO L 82, 29.3.2003, lgh. 33-34)

Nuashonraithe 13.12.2017

Barr