EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22016A1210(01)

Comhaontú AE-SAM maidir le cosaint sonraí pearsanta

Comhaontú AE-SAM maidir le cosaint sonraí pearsanta

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2016/920 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir SAM agus AE maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath, agus a ionchúiseamh

Comhaontú AE-SAM maidir le caighdeáin um chosaint agus sonraí pearsanta á n-aistriú idir údaráis forfheidhmithe dlí AE-SAM

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

  • Tugadh údarú leis an gcinneadh do shíniú (an 2 Meitheamh 2016) an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) agus an tAontas Eorpach (AE) maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath, agus a ionchúiseamh (an “Scáth-Chomhaontú” mar a thugtar air). Ní thiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm go dtí go gcuirfidh na páirtithe in iúl dá chéile gur cuireadh a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach maidir le teacht i bhfeidhm i gcrích (lena dteastaíonn, ar thaobh AE, go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh chun an comhaontú a chur i gcrích agus toiliú ó Pharlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin).
  • Is é is aidhm leis an gcomhaontú a chinntiú go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint ar ardchaighdeán nuair atáthar á n-aistriú ag údaráis forfheidhmiúcháin dlí (na póilíní agus údaráis an cheartais choiriúil). Tá sé mar aidhm leis fosta comhar um fhorfheidhmiú an dlí a chothú idir AE agus tíortha AE, ar thaobh amháin, agus SAM ar an taobh eile.
  • Tugtar cinnteacht dhlíthiúil níos mó leis agus neartaítear cearta na ndaoine aonair lena mbaineann aistriú a sonraí leis.
  • Tá an comhaontú ar cheann de na trí phríomhghníomhaíocht atá leagtha amach i dTeachtaireacht 2016 a ceapadh chun muinín a chur ar ais i sreafaí sonraí idir AE agus SAM.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Comhlánaítear rialacha leis an gcomhaontú maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhaontuithe AE/thíortha AE/SAM atá ann cheana, agus i ndlíthe náisiúnta, lena dtugtar údarú i leith malartú faisnéise chun críche fhorfheidhmiú an dlí. Bunaítear ann comhchreat cosanta sonraí a mbeidh feidhm aige chomh maith maidir le comhaontuithe sa todhchaí agus dlíthe náisiúnta sa réimse seo.
  • Cumhdaítear leis an gcomhaontú gach sonra pearsanta (lena n-áirítear ainmneacha, seoltaí, taifid choiriúla) a mhalartaítear idir AE agus SAM chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht.

Cosaint

Soláthraítear leis an gcomhaontú roinnt cosaintí do shonraí pearsanta nuair a dhéantar iad a mhalartú idir na póilíní agus údaráis an cheartais choiriúil lena n-áirítear:

  • teorainneacha soiléire maidir le húsáid sonraí — ní fhéadfar sonraí pearsanta a úsáid ach chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh;
  • srianta ar aistriú ar aghaidh — aistriú ar aghaidh ar bith chuig tír neamh-SAM, neamh-AE nó eagraíocht idirnáisiúnta, ní mór d’údarás inniúil na tíre a d’aistrigh na sonraí pearsanta ar dtús é a fhaomhadh;
  • tréimhsí coinneála — níl cead sonraí pearsanta a choinneáil le haghaidh tréimhsí níos faide ná mar is gá nó ná mar is cuí. Ní mór na tréimhsí coinneála sin a fhoilsiú nó iad a chur ar fáil go poiblí ar bhealach eile;
  • ceart chun sonraí pearsanta a rochtain agus iad a cheartú — tá duine aonair ar bith i dteideal a sonraí pearsanta a rochtain, faoi réir coinníollacha áirithe, agus féadfaidh siad a iarraidh go gceartófaí na sonraí má bhíonn siad mícheart;
  • fógra i gcás sáruithe ar shlándáil sonraí — cuirfear sásra i bhfeidhm lena chinntiú go dtabharfar fógra don údarás inniúil agus, más cuí, d’ábhar na sonraí* maidir le sárú ar bith ar shlándáil sonraí;
  • cúiteamh breithiúnach agus in-fhorfheidhmitheacht ceart — tabharfar ceart breise do gach saoránach AE chun cúiteamh breithiúnach a lorg os comhair chúirteanna SAM má dhiúltaíonn údaráis SAM rochtain nó ceartú, nó má nochtann siad a sonraí pearsanta go neamhdhleathach. Lena chois sin, féadfaidh ábhar sonraí AE ar bith brath ar chearta um chúiteamh breithiúnach atá i SAM cheana;

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOMHAONTAITHE?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 20 Bealtaine 2016. Shínigh AE agus SAM an comhaontú an 2 Meitheamh 2016.

CÚLRA

Tuilleadh faisnéise:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ábhar na sonraí: an duine lena mbaineann na sonraí pearsanta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (AE) 2016/920 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath, agus a ionchúiseamh (IO L 154, 11.6.2016, lgh. 1-2)

Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath, agus a ionchúiseamh (IO L 336, 10.12.2016, lgh. 3-13)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Creat-Chinneadh 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89-131)

Nuashonraithe 23.01.2017

Barr