EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02008R0593-20080724

Oibleagáidí conarthacha in AE — an dlí náisiúnta is infheidhme a chinneadh

Oibleagáidí conarthacha in AE — an dlí náisiúnta is infheidhme a chinneadh

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 - an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

  • Leagtar amach ann rialacha AE maidir le cé acu an dlí náisiúnta ba chóir a bheith i bhfeidhm ar oibleagáidí conarthacha i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála a mbaineann níos mó ná tír amháin leo.
  • Oibrítear an rialachán seo, ar a dtugtar Róimh I, in éineacht le dhá rialachán eile, Róimh II (oibleagáidí neamhchonarthacha) agus Róimh III (colscaradh agus idirscaradh dleathach) chun an dlí is infheidhme i gcineálacha éagsúla cúrsaí sibhialta agus tráchtála a chinneadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Níl feidhm ag an rialachán seo maidir le cúrsaí ioncaim, custaim nó riaracháin, nó maidir le ceisteanna fianaise agus nós imeachta le linn imeachtaí dlíthiúla. Níl feidhm aige ach oiread le hoibleagáidí lena n-áirítear na cinn a bhaineann le:

  • stádas nó cumas dlíthiúil duine;
  • caidreamh teaghlaigh;
  • réimis maoine pósta;
  • doiciméid ina ráthaítear íocaíocht méid faoi leith airgid amhail billí malairte, seiceanna agus nótaí gealltanais;
  • eadráin agus rogha comhaontuithe cúirte;
  • an dlí cuideachtaí agus comhlachtaí corparáideacha agus neamhchorparáideacha eile;
  • iontaobhais;
  • déileálacha a tharlaíonn sula sínítear conradh.

Raon feidhme an dlí is infheidhme

Leis an rialachán seo cinntear an dlí náisiúnta is infheidhme ar ghnéithe éagsúla conarthaí, lena n-áirítear:

  • an dóigh a léirmhínítear conradh agus cad is gá a dhéanamh lena théarmaí a chomhlíonadh;
  • na hiarmhairtí maidir le hoibleagáidí conartha a shárú, lena n-áirítear measúnú ar dhamáistí;
  • na bealaí éagsúla chun deireadh a chur le hoibleagáidí conarthacha (e.g. íocaíocht, cúiteamh, an conradh a chur ar neamhní), rúradh* agus na teorainneacha ama maidir le caingean dlí a chur ar siúl;
  • na hiarmhairtí a bhaineann leis an gconradh a bheith curtha ar neamhní go dlíthiúil.

Rogha an dlí

  • Féadfaidh na páirtithe sa chonradh an dlí rialaithe a roghnú.
  • Féadfar é a chur i bhfeidhm maidir le cuid den chonradh nó maidir leis an gconradh uile.
  • Féadfar an dlí is infheidhme a athrú ag tráth ar bith ar an gcoinníoll go n-aontaíonn na páirtithe ar fad.

An dlí is infheidhme in easnamh rogha a dhéanamh

Sa chás nár roghnaigh na páirtithe an dlí is infheidhme, cinntear na rialacha le cineál an chonartha:

  • maidir le conarthaí le haghaidh earraí a dhíol, seirbhísí a sholáthar, saincheadúnais nó dáileadh, tá feidhm ag dlí thír chónaithe an díoltóra, an tsoláthraí seirbhíse nó an tseancheadúnais;
  • maidir le conarthaí a bhaineann le maoin dhochorraithe, tá feidhm ag dlí na tíre ina bhfuil an mhaoin lonnaithe, amháin i gcásanna tionachta sealadaí agus príobháidí (6 mhí as a chéile ar a mhéad). I gcásanna dá leithéid, is é dlí thír an tiarna talún an dlí is infheidhme;
  • i gcás earraí a dhíoltar ar ceant, tá feidhm ag dlí thír an cheant;
  • mura bhfuil feidhm ag ceann ar bith, nó níos mó ná ceann amháin de na rialacha thuas maidir le conradh, cinntear an dlí is infheidhme bunaithe ar thír chónaithe an pháirtí a bhfuil príomhchuid an chonartha á cur i gcrích aige.

Má tá baint níos láidre ag an gconradh le tír eile ná an méid a sholáthraítear sna rialacha sin, áfach, beidh feidhm ag dlí na tíre sin. Tá an rud céanna i bhfeidhm sa chás nár féidir dlí is infheidhme a chinneadh.

Conarthaí sainiúla

Maidir le cineálacha sainiúla conartha, leagtar amach sa rialachán chomh maith na roghanna dlí agus cinntear ann an rogha is infheidhme sa chás nach ndearnadh rogha ar bith. Áirítear orthu sin:

  • conarthaí maidir le hiompar earraí;
  • conarthaí maidir le hiompar paisinéirí ;
  • conarthaí tomhaltóir idir tomhaltóirí agus gairmithe;
  • conarthaí árachais;
  • conarthaí fostaíochta aonair.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag an rialachán maidir le conarthaí a cuireadh i gcrích i ndiaidh an 17 Nollaig 2009.

CÚLRA

Oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha

PRÍOMHTHÉARMA

*Rúradh: an ról atá ag imeacht aimsire maidir le tús a chur le cearta agus deireadh a chur le cearta

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lgh. 6-16)

Rinneadh leasuithe leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (Róimh II) (IO L 199, 31.7.2007, lgh. 40-49)

Rialachán (AE) Uimh. 1259/2010 ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 lena gcuirtear comhar feabhsaithe i bhfeidhm sa réimse um dhlí is infheidhme i leith colscaradh agus idirscaradh dleathach (IO L 343, 29.12.2010, lgh. 10-16)

Nuashonraithe 11.01.2016

Barr