EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02004L0080-20040806

Cúiteamh d'íospartaigh na coireachta i dtíortha AE eile

Cúiteamh d'íospartaigh na coireachta i dtíortha AE eile

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2004/80/CE — a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Bunaítear léi córas comhair chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh na coireachta cúiteamh a fháil beag beann ar cá háit san Aontas Eorpach (AE) a ndearnadh an cion.
  • Oibrítear an córas ar bhonn scéimeanna náisiúnta cúitimh thíortha AE d’íospartaigh na coireachta foréigní toiliúla a dhéantar ar a gcríoch féin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá dhá phríomhghné sa treoir.

  • Ceanglaítear léi ar gach tír AE scéim um chúiteamh a bheith acu d’íospartaigh na coireachta foréigní toiliúla a dhéantar ar a gcríoch féin. Is faoi gach tír AE atá eagrú agus oibriú na scéimeanna sin.
  • Bunaítear léi córas comhair ar fud AE bunaithe ar na scéimeanna náisiúnta sin.

Cúiteamh leordhóthanach a ráthú

D’fhéadfadh sé a bheith deacair cúiteamh leordhóthanach a chinntiú d’íospartaigh toisc:

  • níl na hacmhainní airgeadais is gá ag an gciontóir; nó
  • ní rabhthas ábalta an ciontóir a aithint nó a ionchúiseamh (pléitear an fhéidearthacht maidir le cúiteamh a fháil ón gciontóir i dTreoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartach na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint).

Ceanglaítear leis an treoir maidir le híospartaigh:

  • go bhfaighidh siad cúiteamh beag beann ar a dtír chónaithe nó tír AE ina ndearnadh an cion;
  • go dtabharfar cúiteamh cóir agus cuí dóibh —tá an méid beacht faoi rogha na tíre AE ina ndearnadh an cion.

Comhar

Bhí sé de cheangal ar gach tír AE scéimeanna náisiúnta a bhunú ina dtairgtear cúiteamh cóir agus cuí faoin 1 Iúil 2005. Bunaítear leis an treoir scéim um chomhar idir na húdaráis náisiúnta chun rochtain ar chúiteamh d’íospartaigh ar fud AE a éascú.

  • Féadfaidh íospartaigh cionta a rinneadh i dtír AE eile seachas an tír AE a bhfuil gnáthchónaí orthu faisnéis a iarraidh ar an údarás sa tír ina bhfuil cónaí orthu (údarás cúnta) maidir le conas iarratas ar chúiteamh a dhéanamh.
  • Tarchuireann an t-údarás náisiúnta an t-iarratas díreach chuig údarás náisiúnta na tíre AE ina ndearnadh an cion ansin (údarás cinntitheach), atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar an iarratas agus as an gcúiteamh a íoc.
  • Ní mór an chumarsáid ar fad a dhéanamh i dteanga na tíre cinntithí. Tá foirmeacha caighdeánacha dréachtaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun na hiarratais agus na cinntí a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh a tharchur.
  • Cruthaítear leis an treoir córas pointí teagmhála lárnacha i ngach tír AE chun comhar a éascú i gcásanna trasteorann agus tagann siad le chéile ar bhonn rialta. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin na Tairsí Eorpaigh don Cheartas.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sé i bhfeidhm an 26 Lúnasa 2004. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Eanáir 2006.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2004/80/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO L 261, 6.8.2004, lgh. 15-18)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2006/337/CE ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2006 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha chun iarratais agus cinntí a tharchur de bhun Threoir 2004/80/CE ón gComhairle a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO L 125, 12.5.2006, lgh. 25-30)

Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartach na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 20 01/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57-73)

Nuashonraithe 08.12.2015

Barr