Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013DC0594

    Beartais fhorbartha Eorpacha agus cúnamh seachtrach: Tuairisc 2012

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

    Beartais fhorbartha Eorpacha agus cúnamh seachtrach: Tuairisc 2012

    I 2013, d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tuairisc ar chur chun feidhme bheartais an AE maidir le cabhrach seachtraí agus forbairt i 2012.

    ACHT

    Tuairisc ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Tuairisc Bhliantúil 2013 ar bheartais fhorbartha Eorpacha agus cúnamh seachtrach agus a gcur i ngníomh in 2012 [COM(2013) 595) críochnaitheach do 21.8.2013 - níor foilsíodh san Iris Oifigiúil é].

    ACHOIMRE

    Is é an AE an deontóir is mó ar domhain le haghaidh cúnaimh forbartha, le € 55.2 billiún curtha ar fáil go comhchoiteann i 2012. Seo í an chéad bhliain a cuireadh an Clár um Athruithe i bhfeidhm, ag méadú thionchar bheartas forbartha an AE a laghdaíonn bochtanas. Chomh maith le sin, lean ullmhúcháin do chreatlach domhanda iar-2015 ar aghaidh, le ról lárnach ag an AE ann.

    Clár um Athruithe

    Leagann an clár seo cur chuige níos straitéiseacha an AE chun bochtanas domhanda a laghdú chun tionchar a mbeartas forbartha a chur chun cinn.

    Moladh sraith phríomh-athruithe:

    • díriú ar 3 earnáil ar an uasmhéid do gach tír;
    • díriú níos soiléire ar rialachas maith, cearta an duine agus daonlathas;
    • ag díriú cúnaimh ar na háiteanna a bhfuil géarghá ann do agus ar na háiteanna a mbeidh tionchar is fearr aige;
    • níos mó feidhme a bhaint as sásanna maoinithe nuálacha
    • comhleanúnachas beartas feabhsaithe agus comhordú méadaithe le Ballstáit.

    Anuas ar sin, mhéadaigh an Coimisiún úsáid cumaisc, agus comhcheanglaítear acmhainní deontais agus neamh-dheontais chun meascán maoinithe oiriúnach a chur i láthair do thionscadail faoi leith sa Áis, sa Chairib agus i réigiún an Aigéin Chiúin.

    Bunaíodh creatlach le haghaidh tuairisciú torthaí agus faireacháin ar chórais fheidhmithe do chláir chomh maith.

    Príomh-réimsí téamacha roghnaithe a cuireadh faoi bhráid i 2013:

    • an acmhainn chun teacht aniar; lena n-áirítear bainistíocht thubaistí agus ullmhacht,
    • slándáil an tsoláthair bhia agus cothú, go háirithe tríd an fhóntais bhia € 1 billiún a fheabhsaigh 59 billiún saol i 49 dtír agus a thacaigh le 93 milliún go hindíreach.

    Chomh maith le sin, agus ar aon dul leis an gClár um Athruithe, léirigh an AE a chuid tacaíochta do bhearta a chuireann forbairt shóisialta, fuinnimh inbhuanaithe agus beartais chomhshaoil glasa chun cinn sa domhain i mbéal forbartha.

    Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFM)

    Leagann an tuairisc seo béim ar fhócas an AE ar na SFM le líon na ndaoine i ndianbhochtanas laghdaithe ina leath roimh 2015 am a bheidh ócáid speisialta de chuid na NA ar siúl ag déanamh athbhreithnithe ar dhul chun cinn na SFM.

    Seoladh roinnt clár faoi thionscnamh SFM € 1 billiún an AE a bhfuil sé mar aidhm acu dul chun cinn na SFM a luasghéarú.

    Mar sin féin, tá dúshláin fós ann le fadhbanna an ocrais, mortlaíocht naíonán, cáilíocht uisce agus córais sláintíochta, a réiteach, go háirithe san Afraic fho-Shahárach, áit go bhféadfadh nach mbainfear amach príomh-spriocanna in am.

    ACHTANNA GAOLMHARA

    Teachtaireacht ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún: Ag méadú tionchair Pholasaí Forbartha an AE: Clár um Athruithe [COM(2011)637 críochnaitheach 13.10.2011, níor foilsíodh san Iris Oifigiúil é.]

    Nuashonrú is déanaí: 19.05.2014

    Barr