Välj vilka experimentfunktioner du vill testa

Det här dokumentet är ett utdrag från EUR-Lex webbplats

Dokument 32022R2065

    An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

    An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le margadh aonair do sheirbhísí digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Is é is aidhm don Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha timpeallacht ar líne níos sábháilte a chruthú do thomhaltóirí agus do chuideachtaí san Aontas Eorpach (AE), ina bhfuil sraith rialacha ceaptha chun:

    • tomhaltóirí a chosaint agus a gcearta bunúsacha ar bhealach níos éifeachtaí;
    • freagrachtaí soiléire a shainiú d’ardáin ar líne agus do na meáin shóisialta;
    • déileáil le hábhar agus le táirgí neamhdhleathacha, leis an bhfuathchaint agus leis an mbréagaisnéis;
    • trédhearcacht níos fearr a bhaint amach le tuairisciú agus maoirseacht níos fearr; agus
    • nuálaíocht, fás agus iomaíochas a spreagadh i margadh inmheánach an AE.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Leis an rialachán, tugtar isteach freagrachtaí agus córas cuntasachta agus trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, amhail:

    • soláthraithe rochtana ar an idirlíon,
    • seirbhísí óstála amhail néalríomhaireacht agus seirbhísí óstála gréasáin,
    • cláraitheoirí ainmneacha fearainn,
    • margaí ar líne,
    • siopaí aipeanna,
    • ardáin an gheilleagair chomhoibríoch,
    • líonraí sóisialta,
    • ardáin comhroinnte inneachair,
    • ardáin taistil agus chóiríochta ar líne.

    Tá rialacha speisialta sa rialachán freisin maidir leis an méid seo a leanas:

    • ardáin an-mhór ar líne (VLOPanna) a úsáideann níos mó ná 10 % den 450 milliún tomhaltóir san Aontas; agus
    • innill chuardaigh an-mhór ar líne (VLOSEanna) a úsáideann níos mó ná 10 % den 450 milliún tomhaltóir san Aontas.

    Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, cosnaítear cearta agus leasanna na bpáirtithe uile lena mbaineann, go háirithe saoránaigh an Aontais, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • ábhar neamhdhleathach ar líne a chomhrac, lena n-áirítear earraí agus seirbhísí, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
      • níos mó smachta a bheith acu ar an méid a fheiceann úsáideoirí ar líne, agus a bheith níos eolaí faoi na fógraí a fheiceann siad,
      • a bheith in ann ábhar nó táirgí neamhdhleathacha, fuathchaint agus bréagaisnéis a chur in iúl go héasca,
      • modh a chur ar fáil d’ardáin chun comhoibriú le “comharthóirí iontaofa”, agus
      • oibleagáidí a fhorchur ar inrianaitheacht trádálaithe i margaí ar líne;
    • úsáideoirí a chumhachtú agus sochaí shibhialta, lena n-áirítear:
      • a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le modhnóireacht ábhair agus sásamh a lorg, trí shásra díospóide nó sásamh breithiúnach,
      • rochtain d’údaráis agus do thaighdeoirí ar phríomhshonraí arna nginiúint ag na hardáin an-mhór chun rioscaí ar líne a thomhas, agus
      • trédhearcacht maidir le raon saincheisteanna, lena n-áirítear maidir le halgartaim a úsáidtear chun inneachar nó táirgí a mholadh;
    • rioscaí a mheasúnú agus a mhaolú, lena n-áirítear:
      • oibleagáidí ar VLOPanna agus VLOSEanna mí-úsáid a gcóras a chosc agus iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh ar a gcórais bainistithe riosca,
      • córais chun freagairt go tapa agus go héifeachtúil do ghéarchéimeanna a dhéanann difear don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí,
      • coimircí do leanaí agus teorainneacha ar shonraí pearsanta íogaire a úsáid le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe;
    • maoirseacht agus forfheidhmiú a threisiú ar na soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha uile, le ról tábhachtach do chomhordaitheoirí neamhspleácha na seirbhísí digiteacha i ngach Ballstát den Aontas agus don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha — ina theannta sin, tá cumhachtaí maoirseachta breise ag an gCoimisiún Eorpach i ndáil le VLOPanna agus VLOSEanna.

    An Sásra um Fhreagairt ar Ghéarchéimeanna

    I gcás ina dtarlóidh géarchéim, i gcás ina mbeidh baol tromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha den Aontas mar thoradh ar imthosca urghnácha, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar VLOPanna agus ar VLOSEanna an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann a gcuid seirbhísí go suntasach leis an mbagairt thromchúiseach sin agus ar an gcaoi a gcuireann siad go mór leis an mbagairt sin, nó ar dócha go ndéanfaidh siad amhlaidh;
    • bearta maolaithe riosca éifeachtacha agus comhréireacha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm (atá leagtha amach sa rialachán) chun na ranníocaíochtaí sin a chosc, a dhíothú nó a theorannú;
    • tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú agus lena bhfreagairt.

    Treoir leasaithe

    Leasaítear leis an rialachán Treoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    • Tá an rialachán i bhfeidhm ón 17 Feabhra 2024.
    • Tá feidhm ag roinnt rialacha a bhaineann le VLOPanna agus VLOSEnna ón 16 Samhain 2022, lena n-áirítear oibleagáidí tuairiscithe, iniúchtaí neamhspleácha, comhroinnt sonraí, agus maoirseacht (lena n-áirítear táillí), imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán.

    CÚLRA

    Tá an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha mar chuid de phacáiste lena n-áirítear freisin Rialachán (AE) 2022/1925, an Gníomh um Margaí Digiteacha (féach achoimre).

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lgh. 1–102).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Ionstraim um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lgh. 1–66).

    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1–16).

    Nuashonraithe 15.02.2023

    Barr