EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020L1828

Cosaint tomhaltóirí — Caingne ionadaíocha

Cosaint tomhaltóirí — Caingne ionadaíocha

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/22/CE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tugtar cumhacht léi d’eagraíochtaí nó do chomhlachtaí poiblí atá ainmnithe ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) chun bearta urghairesásaimh a lorg thar ceann grúpaí tomhaltóirí trí chaingne ionadaíocha (lena n–áirítear caingne ionadaíocha trasteorann). Áirítear leis sin cúiteamh a lorg ó thrádálaithe a sháraíonn cearta tomhaltóirí i réimsí amhail seirbhísí airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh, sláinte, teileachumarsáid agus cosaint sonraí, de réir mar is cuí agus de réir mar atá ar fáil faoi dhlí an Aontais Eorpaigh nó faoin dlí náisiúnta.

Ós rud é go bhféadfadh imeachtaí breithiúnacha agus imeachtaí riaracháin araon freastal go héifeachtach agus go héifeachtúil ar chosaint comhleasanna tomhaltóirí, is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh an féidir caingean ionadaíoch a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha nó in imeachtaí riaracháin, nó sa dá cheann, ag brath ar réimse ábhartha an dlí nó ar an earnáil eacnamaíoch ábhartha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Eintitis cháilithe

Ainmníonn Ballstáit na heintitis a chuirfear ar a gcumas caingne ionadaíocha a thabhairt thar ceann tomhaltóirí (eintitis cháilithe).

D’fhonn go gcuirfí ar a gcumas na caingne ionadaíocha a thionscain i mBallstát seachas i dtír a n–ainmnithe (caingne trasteorann), ní mór do na heintitis cháilithe:

  • bheith ina nduine dlítheanach arna chomhdhéanamh i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát a ainmniúcháin;
  • bheith in ann 12 mhí de ghníomhaíocht phoiblí iarbhír a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a léiriú, sula ndéanfaidh siad iarratas ar ainmniúchán;
  • bheith neamhbhrabúsach;
  • a gcuspóir reachtúil a léiriú maidir le leas dlisteanach a bheith acu i leasanna tomhaltóirí a chosaint dá bhforáiltear i rialacha dhlí AE dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir;
  • gan bheith ina n–ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta agus gan bheith dearbhaithe bheith dócmhainneach;
  • bheith neamhspleách agus gan bheith faoi thionchar daoine seachas tomhaltóirí, go háirithe rannpháirtithe sa mhargadh;
  • nós imeachta bunaithe a bheith acu chun an tionchar agus na coinbhleachtaí leasa sin a chosc;
  • conas a mhaoinítear é a nochtadh go poiblí;
  • a struchtúr eagraíochtúil, bainistíochta agus ballraíochta, cuspóirí, modhanna oibre agus gníomhaíochtaí a nochtadh;
  • faisnéis ina dtaispeántar go gcomhlíonann siad na critéir thuas go léir a nochtadh go poiblí.

Féadfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí thuasluaite a chur i bhfeidhm maidir leis na heintitis cháilithe a ainmniú roimh ré agus a chur ar a gcumas caingne intíre a thionscnamh (sa Bhallstát ina n–ainmnítear iad). Féadfaidh na Ballstáit eintitis cháilithe a ainmniú ar bhonn ad hoc chun caingean ionadaíoch intíre shonrach a thionscnamh.

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach liosta na n–eintiteas cáilithe atá ainmnithe le haghaidh caingne trasteorann ar thairseach ar líne, arna nuashonrú de réir mar is gá.

Bearta urghaire

Is beart sealadach nó cinntitheach é beart urghaire chun cleachtas a stopadh nó a thoirmeasc. D’fhéadfaí an dá cheann a úsáid chun cleachtas atá ann cheana a stopadh nó chun cleachtas atá ar tí tarlú a thoirmeasc. D’fhéadfadh oibleagáid a bheith san áireamh leis freisin (ag brath ar an dlí náisiúnta) chun an cinneadh arna ghlacadh ag an gcúirt nó ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.

Ní bheidh sé de cheangal ar an eintiteas cáilithe cruthúnas a thabhairt maidir le caillteanas nó díobháil iarbhír ar thaobh na dtomhaltóirí aonair a ndeachaigh an sárú i bhfeidhm orthu, nó maidir le hintinn nó faillí an trádálaí.

Bearta sásaimh

Ceanglaítear ar an trádálaí le beart sásaimh leigheasanna a sholáthar amhail cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conarthaaisíocaíocht an phraghais a íocadh, de réir mar is iomchuí agus de réir mar a bheidh ar fáil faoi dhlí an Aontais Eorpaigh nó faoin dlí náisiúnta.

Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a áirithiú:

  • nach féidir tomhaltóirí a chuir in iúl go sainráite nó go hintuigthe gur mian leo go ndéanfaí ionadaíocht dóibh i gcaingean ionadaíoch (“roghnaigh siad a bheith páirteach” nó “roghnaigh siad gan a bheith páirteach”) a bheith páirteach i gcaingean ionadaíoch eile nó caingean aonair a thionscain leis an gcúis caingne chéanna agus i gcoinne an trádálaí chéanna;
  • ní bhfaighidh tomhaltóirí cúiteamh níos mó ná aon uair amháin don chúis chéanna;
  • le beart sásaimh beidh tomhaltóirí i dteideal tairbhe a bhaint as na leigheasanna gan an gá le caingean ar leith a thabhairt iad féin;
  • leagtar síos rialacha maidir le teorainneacha ama do thomhaltóirí aonair chun tairbhe a bhaint as bearta sásaimh.

Tá na leigheasanna sin gan dochar d’aon leigheasanna breise nach bhfuil ina n–ábhar don chaingean ionadaíoch sin.

Chun coinbhleacht leasa a sheachaint nuair a sholáthraíonn tríú páirtí cistiú sásaimh, ní mór do na Ballstáit a cheadaíonn an cineál sin cistiúcháin an méid a leanas a áirithiú, go háirithe:

  • nach mbeidh tionchar ag an soláthraí cistiúcháin tríú páirtí ar chinntí eintitis cháilithe ar bhealach a ndéanfadh dochar do leasanna comhchoiteanna na dtomhaltóirí lena mbaineann;
  • nach dtionscnófar an chaingean ionadaíoch i gcoinne iomaitheora de chuid an tsoláthraí cistiúcháin nó de chuid cosantóra a bhfuil an soláthraí cistiúcháin spleách air.

Socraíochtaí

Ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a áirithiú:

  • go bhféadfaidh an t–eintiteas cáilithe agus an trádálaí go comhpháirteach socrú i ndáil le sásamh a mholadh; nó
  • féadfaidh an chúirt nó an t–údarás riaracháin, tar éis di nó dó dul i gcomhairle leis an eintiteas cáilithe agus leis an trádálaí, a iarraidh ar na páirtithe teacht ar shocraíocht laistigh de theorainn ama réasúnta;
  • go mbeidh socraíochtaí arna gceadú ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin ceangailteach ar na heintitis cháilithe, ar thrádálaithe ar cosantóirí iad agus ar thomhaltóirí ar cosantóirí iad lena mbaineann, ach féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lenar féidir leis na tomhaltóirí lena mbaineann glacadh leis an tsocraíocht nó í a dhiúltú.

Costais na n–imeachtaí

  • Ceanglaítear i bprionsabal ar an bpáirtí nár éirigh leis costais na n–imeachtaí a íoc.
  • Ní íocann tomhaltóirí aonair i gcaingean ionadaíoch costais na n–imeachtaí, ach amháin nuair a tabhaíodh na costais mar thoradh ar iompar d’aon ghnó nó iompar faillíoch na dtomhaltóirí aonair sin.
  • Ní mór do na Ballstáit rialacha a thabhairt isteach a bhfuil sé d’aidhm leo a áirithiú nach gcuirfidh costais na n–imeachtaí a bhaineann le caingne ionadaíocha cosc ar eintitis cháilithe a gceart a fheidhmiú chun na bearta urghaire a lorg go héifeachtach.
  • Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena gceadófar d’eintitis cháilithe a cheangal ar thomhaltóirí ar gur mian leo go ndéanfadh siad ionadaíocht dóibh i gcaingean ionadaíoch ar leith le haghaidh bearta sásaimh táille bheag iontrála nó muirear den chineál céanna a íoc chun bheith rannpháirteach sa chaingean ionadaíoch sin.

Pionóis

Ní mór do na Ballstáit:

  • rialacha a leagan amach maidir le pionóis mar gheall ar mhainneachtain nó diúltú beart urghaire, oibleagáid faisnéise nó oibleagáid nochta fianaise a chomhlíonadh;
  • a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme — ní mór pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Aisghairm

Aisghairtear Treoir (AE) 2009/22/CE le Treoir 2020/1828 (féach an achoimre) ón 25 Meitheamh 2023.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sí i bhfeidhm an 24 Nollaig 2020. Ní mór dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 25 Nollaig 2022 agus ní mór í a chur i bhfeidhm sna Ballstáit ón 25 Meitheamh 2023.

CÚLRA

Tá an treoir mar chuid den phacáiste maidir le “margadh nua do thomhaltóirí”.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lgh. 1–27).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2020/1828/AE a ionchorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 02.05.2023

Barr