Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1426

    Feistí gearr–raoin, RLAN (WiFi), Idirlíon na Rudaí Nithiúla, trealamh ultra–leathanbhanda agus Córais Chliste Iompair (CCI)

    Feistí gearr–raoin, RLAN (WiFi), Idirlíon na Rudaí Nithiúla, trealamh ultra–leathanbhanda agus Córais Chliste Iompair (CCI)

     

    ACHOIMRE AR:

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún maidir le húsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun córais rochtana gan sreang a chur chun feidhme lena n–áirítear líonraí achair logánta gan sreang

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz do chórais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas

    Cinneadh Cur Chun Feidhme AE) 2020/1426 ón gCoimisiún maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 875-5 935 MHz d’fheidhmchláir a bhaineann le sábháilteacht córas cliste iompair (ITS)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra–leathanbhanda

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr–raoin laistigh de na bandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2077 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 GHz le húsáid faoi theorainn ama ag trealamh radair gearr–raoin mótarfheithicleach

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr–raoin

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/339 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 2 010-2 025 MHz le haghaidh naisc físe iniompartha nó mhóibíleacha gan sreang agus ceamaraí gan sreang a úsáidtear do dhéanamh clár agus imeachtaí speisialta

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/641/AE maidir le comhchuibhiú coinníollacha teicniúla um úsáid an speictrim raidió ag trealamh closamhairc gan sreang um dhéanamh clár agus imeachtaí speisialta san Aontas

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/752/AE lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/829/AE lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/485/AE lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 GHz le húsáid faoi theorainn ama ag trealamh radair gearr–raoin mótarfheithicleach

    Cinneadh 2010/368/AE lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr–raoin

    Cinneadh 2009/381/CE lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr–raoin

    Cinneadh 2008/411/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 3 400-3 800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar

    Treoir 91/287/CEE maidir leis an mbanda minicíochta atá le hainmniú le haghaidh tabhairt isteach comhordaithe na teileachumarsáide digití Eorpaí gan sreang sa Chomhphobal

    CAD IAD AIDHMEANNA NA TREORACH AGUS NA GCINNTÍ?

    • Baineann na cinntí cur chun feidhme den chuid is mó le comhchuibhiú, agus déileáiltear sna cinn eile le bandaí minicíochta ar leith chun críocha ar leith, i dteannta le teorainneacha ar neart comharthaí agus trasnaíocht dhíobhálach nuair is infheidhme. Tá tíortha AE freagrach as bainistíocht speictrim raidió, agus léirítear leis na leasuithe an chaoi a bhfuil comhchuibhiú Eorpach agus idirnáisiúnta agus comhaontuithe teicniúla tagtha chun cinn.
    • Ainmnítear i dtreoir “DECT” an banda minicíochta 1 880-1 900 MHz le haghaidh cumarsáid dhigiteach gan sreang faoin 1 Eanáir 1992 agus cuirtear oibleagáid léi ar thíortha AE na dlíthe, na rialacháin agus na rialacha riaracháin náisiúnta is gá a chur i bhfeidhm.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Na cinntí

    Clúdaítear sna cinntí cur chun feidhme feistí trealaimh raidió a oibríonn trí údarú ginearálta nó ar bhonn neamhcheadúnaithe nó roinnte ag úsáideoirí deiridh. Áirítear leis sin feistí líonra rochtana achair logánta raidió (wi-fi) a léirigh fás ollmhór ar an éileamh ar speictream raidió, mar a admhaítear sa Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach 2018.

    Is cinntí comhchuibhithe iad go leor de na gníomhaíochtaí sin. Déileáiltear i gcuid eile díobh le bandaí minicíochta chun críocha éagsúla, amhail éagsúlacht mhór gaireas gearr–raoin, trealamh Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT), trealamh ultra–leathanbhanda, aláraim, osclóirí doirse, ionchlannáin leighis, córais iompair chliste, feistí sainaitheanta radaimhinicíochta raidió (RFID), rad–aimsiú, promhadh talún, agus cineálacha nua feistí idir meaisíní, chomh maith le trealamh chun cláir a dhéanamh agus imeachtaí speisialta (PMSE) amhail naisc físe gan sreang nó micreafóin agus teileafóin dhigiteacha gan sreang.

    Baineann banda údaraithe ginearálta eile le sábháilteacht feithiclí, go háirithe maidir le hoibriú Córais Chliste Iompair (ITS).

    Clúdaítear sna cinntí cur chun feidhme éagsúla an speictream raidió seo a leanas, chomh maith le teorainneacha ar neart comhartha agus trasnaíocht dhíobhálach nuair is infheidhme:

    • an banda minicíochta 5 GHz (5 150-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz) le haghaidh córais rochtana gan sreang, lena n–áirítear líonraí achair logánta gan sreang (WAS/RLANanna — leathanbhanda wi–fi);
    • banda minicíochta 3 400-3 800 MHz le haghaidh córais trastíre le haghaidh “líonraí cumarsáide leictreonacha seasta, fánacha agus móibíleacha”;
    • banda minicíochta 5 875-5 935 MHz le haghaidh feidhmchlár a bhaineann le sábháilteacht Córas Cliste Iompair;
    • an speictream raidió lena úsáid ag gairis ghearr–raoin;
    • banda speictrim raidió raon 24 GHz le haghaidh úsáid teoranta ama ag trealamh radair gearr-raoin mótarfheithicleach;
    • úsáid speictrim raidió ag trealamh déanta clár fuaime gan sreang agus ag trealamh imeachtaí speisialta;
    • banda minicíochta 2 010-2 025 MHz le haghaidh naisc físe iniompartha nó móibíleach gan sreang agus ceamaraí gan sreang a úsáidtear chun cláir a dhéanamh agus le haghaidh imeachtaí speisialta;
    • bandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz do chórais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar i ndáil le hIdirlíon na Rudaí Nithiúla;
    • speictream raidió lena úsáid ag gairis ghearr–raoin laistigh de na bandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz;
    • speictream raidió do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda, amhail rianú suímh feithiclí agus aerárthaí.

    Treoir 91/287/CEE

    Leis an treoir, cuirtear oibleagáid ar thíortha AE an banda minicíochta 1 880-1 900 MHz a ainmniú le haghaidh cumarsáid dhigiteach gan sreang faoin 1 Eanáir 1992.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH AGUS NA GCINNTÍ?

    Reachtaíocht

    Dáta cur i bhfeidhm

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179

    10 Feabhra 2022

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173

    9 Feabhra 2022

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426

    8 Deireadh Fómhair 2020

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785

    16 Bealtaine 2019

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538

    12 Deireadh Fómhair 2018

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2077

    13 Samhain 2017

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483

    10 Lúnasa 2017

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/339

    9 Márta 2016

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/641/AE

    2 Meán Fómhair 2014

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/752/AE

    12 Nollaig 2013

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/829/AE

    9 Nollaig 2011

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/485/AE

    1 Lúnasa 2011

    Cinneadh 2010/368/AE

    1 Iúil 2010

    Cinneadh 2009/381/CE

    14 Bealtaine 2009

    Cinneadh 2008/411/CE

    21 Bealtaine 2008

    Treoir 91/287/CEE

    5 Meitheamh 1991

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n–áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 628) (IO L 29, 10.2.2022, lgh. 10-16).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 a chorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú na mbandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 605) (IO L 28, 9.2.2022, lgh. 29-39).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 875-5 935 MHz le haghaidh feidhmchláir a bhaineann le sábháilteacht córas cliste iompair agus lena leasaítear Cinneadh 2008/671/CE (IO L 328, 9.10.2020, lgh. 19-23).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le speictream raidió le haghaidh trealaimh a chomhchuibhiú ag baint úsáid as teicneolaíocht ultra–leathanbhanda san Aontas agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2007/131/CE (IO L 127, 16.5.2019, lgh. 23-33).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr–raoin laistigh de na bandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz (IO L 257, 15.10.2018, lgh. 57-63).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2077 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú raon an bhanda speictrim raidió 24 GHz lena úsáid faoi theorainn ama ag trealamh radair gearr-raoin mótarhfeithicleach sa Chomhphobal (IO L 295, 14.11.2017, lgh. 75-76).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2017 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr–raoin agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2006/804/CE (IO L 214, 18.8.2017, lgh. 3-27).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/339 ón gCoimisiún an 8 Márta 2016 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 2 010-2 025 MHz le haghaidh naisc físe iniompartha nó mhóibíleacha gan sreang agus ceamaraí gan sreang a úsáidtear do dhéanamh clár agus imeachtaí speisialta (IO L 63, 10.3.2016, lgh. 5-8).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/641/AE ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2014 maidir le coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le húsáid speictrim raidió trí dhéantús clár fuaime gan sreang agus trealamh imeachtaí speisialta san Aontas (IO L 263, 3.9.2014, lgh. 29-34).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/752/AE ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr–raoin agus lena leasaítear Cinneadh 2005/928/CE (IO L 334, 13.12.2013, lgh. 17-36).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/829/AE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2011 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag gearr–raon (IO L 329, 13.12.2011, lgh. 10-18).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/485/AE ón gCoimisiún an 29 Iúil 2011 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 Ghz lena úsáid faoi theorainn ama ag trealamh radair gearr–raoin mótarhfeithicleach sa Chomhphobal (IO L 198, 30.7.2011, lgh. 71-72).

    Cinneadh 2010/368/AE ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr–raoin (IO L 166, 1.7.2010, lgh. 33-41).

    Cinneadh 2009/381/CE ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2009 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr–raoin (IO L 119, 14.5.2009, lgh. 32-39).

    Cinneadh 2008/411/CE ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2008 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 3 400-3 800 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa Chomhphobal (IO L 144, 4.6.2008, lgh. 77–81).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir ón gComhairle 91/287/CEE an 3 Meitheamh 1991 maidir leis an mbanda minicíochta a bheidh le hainmniú chun tabhairt isteach comhordaithe teileachumarsáide digití Eorpaí gan sreang (DECT) sa Chomhphobal (IO L 144, 8.6.1991, lgh. 45-46).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (IO L 321, 17.12.2018, pp. 36-214).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála don bheartas speictream raidió sa Chomhphobal Eorpach (Cinneadh maidir le Speictream Raidió) (IO L 108, 24.4.2002, lgh. 1–6).

    Nuashonraithe 05.04.2024

    Barr