Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R1156

    Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta

    Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2019/1156 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Leagtar amach leis rialacha aonfhoirmeacha le haghaidh rialachán náisiúnta maidir le ceanglais um margaíocht le haghaidh gnóthais chomhinfheistíochta (nó “cistí infheistíochta”) agus maidir le cumarsáid mhargaíochta a dhírítear ar infheisteoirí, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an mhargaidh mar chuid d’aontas na margaí caipitil de chuid AE.

    Leagtar amach leis chomh maith cur chuige comhchoiteann maidir leis na táillí agus leis na muirir a tabhaítear ar bhainisteoirí cistí infheistíochta dá ngníomhaíochtaí trasteorann agus moltar leis bunachar sonraí lárnach ar mhargaíocht trasteorann gnóthas comhinfheistíochta.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Tá feidhm ag an rialachán maidir le:

    Cumarsáid mhargaíochta

    • Ní mór do bhainisteoirí AIFManna, EuVECA, EuSEF agus GCUI, chomh maith le cuideachtaí bainistíochta GCUI, a áirithiú go mbeidh gach cumarsáid mhargaíochta a bheidh dírithe ar infheisteoirí so-aitheanta dá réir agus cur síos a dhéanamh ar na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna CIM nó aonaid GCUI ar bhealach a bheidh chomh feiceálach céanna. Maidir le cumarsáid mhargaíochta:
      • ba cheart go mbeadh sí cóir, soiléir agus níor cheart go mbeadh sí míthreorach;
      • ba cheart go léireofaí inti go bhfuil eolaire ann agus go bhfuil príomhfhaisnéis d’infheisteoirí ar fáil, agus go sonrófaí inti cá háit agus cá huair ar féidir le hinfheisteoirí an t–eolaire agus príomhfhaisnéis a fháil agus cén teanga ina mbeidh siad ar fáil;
      • ba cheart go sonrófaí inti, cá háit, agus cén dóigh ar féidir le hinfheisteoirí achoimre ar chearta infheisteoirí a fháil agus cén teanga ina mbeidh sí ar fáil, ina gcuimseofar, más cuí, faisnéis maidir le rochtain ar mheicníochtaí chomhshásaimh ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta i gcás dlíthíochta.
      • ba cheart go mbeadh faisnéis shoiléir inti lena léireofar go bhféadfadh an bainisteoir nó an chuideachta bainistíochta stop a chur lena ciste infheistíochta a mhargú.
    • Ní mór d’údaráis inniúla a suíomhanna gréasáin a choinneáil cothrom le dáta ina mbeidh faisnéis iomlán maidir le dlíthe náisiúnta, rialacháin agus rialacha riaracháin is infheidhme, lena n–áirítear achoimrí, ceanglais rialaithe margaíochta lena n–áirítear CIManna agus GCUI, i dteanga a bheidh curtha in oiriúint do chúrsaí airgeadais idirnáisiúnta.
    • Chun comhlíonadh an rialacháin seo agus rialacha náisiúnta maidir le ceanglais um margaíocht a fhíorú, d’fhéadfadh sé go n–iarrfadh na húdaráis inniúla fógra roimh ré maidir le cumarsáid mhargaíochta a bheidh beartaithe ag cuideachtaí bainistíochta GCUI lena húsáid go díreach nó go hindíreach ina ndéileálacha le hinfheisteoirí.

    Táillí agus muirir

    • Ní foláir nó go mbeidh prionsabail chomhchoiteanna maidir le táillí agus muirir arna dtabhú ag údaráis inniúla ar bhainisteoirí gnóthas comhinfheistíochta dá ngníomhaíochtaí trasteorann comhsheasmhach le costais fhoriomlána an údaráis inniúil.
    • Faoin 2 Feabhra 2022, cuirfidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) uirlis idirghníomhach lena soláthrófar ríomh táscach na dtáillí agus na muirear ar fáil ar a shuíomh gréasáin.

    Bunachar sonraí lárnach

    Leis an rialachán chomh maith tugtar isteach bunachar sonraí lárnach maidir le margaíocht idirnáisiúnta cistí infheistíochta malartacha agus GCUI laistigh de AE. Ní mór do ESMA an bunachar sonraí sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin faoin 2 Feabhra 2022, i dteanga a bheidh curtha in oiriúint do chúrsaí airgeadais idirnáisiúnta.

    Réamh-mhargaíocht*

    Tugtar isteach leis an rialachán rialacha maidir le EuVECAanna agus EuSEFanna a réamh-mhargú ón 2 Lúnasa 2021, i gcomhréir leis na cinn atá leagtha síos le haghaidh cistí infheistíochta malartacha i dTreoir (AE) 2019/1160. Dírítear na rialacha ar a chur ar chumas bainisteoirí díriú ar infheisteoirí trína n–inghlacthacht le deiseanna nó straitéisí infheistíochtaí atá ag teacht a thástáil trí chistí caipitil fiontair cáilitheacha agus trí chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

    Tuairisciú

    Ní mór d’údaráis inniúla tuairisc a thabhairt don ESMA maidir le cumarsáid mhargaíochta faoin 31 Márta 2021 agus gach 2 bhliain, ina léireoidh siad líon na n–iarratas ar leasuithe ar an gcumarsáid mhargaíochta, agus na sáruithe is minice a dhéantar a idirdhealú go soiléir, agus samplaí a thabhairt.

    Meastóireacht

    Faoin 2 Lúnasa 2024, déanfaidh an Coimisiún Eorpach trí chomhairliúchán poiblí agus trí phlé le ESMA agus údaráis inniúla, meastóireacht ar chur i bhfeidhm an rialacháin.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 1 Lúnasa 2019. Tá feidhm le hAirteagal 4(1) go (5) maidir le faisnéis faoi mhargaíocht, Airteagal 5(1) agus (2) maidir le suíomhanna gréasáin údarás inniúil, agus Airteagal 15 agus Airteagal 16 maidir le leasuithe ar reachtaíocht roimhe seo i ndáil le réamh-mhargaíocht EuVECAanna agus EuSEFanna ón 2 Lúnasa 2021.

    CÚLRA

    Féach chomh maith:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (AIFM): duine dlítheanach arb é a ghnáthghnó nó a gnáthghnó CIM amháin nó níos mó a bhainistiú.
    Cistí infheistíochta malartacha (CIM): gnóthas comhinfheistíochta (ciste infheistíochta) a thiomsaíonn caipiteal ó líon infheisteoirí chun é a infheistiú i gcomhréir le beartas sainithe infheistíochta chun tairbhe na n–infheisteoirí sin, agus nach dteastaíonn údarú ina leith faoi Airteagal 5 de Threoir GCUI 2009/65/CE. Ina measc tá EuVECA, EuSEF agus ELTIF*.
    Gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI): gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta (nó “cistí infheistíochta”) a infheistíonn in urrúis i.e. i stoic, bannaí, stoic agus bannaí, ionstraimí státchiste gearrthéarmacha agus airgead tirim.
    Ciste Caipitil Fiontair Eorpach (EuVECA): lipéad a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 trínar féidir le bainisteoirí a gcistí a chur ar bun agus a chur ar an margadh ar fud AE ag baint úsáid as sraith aonair rialacha.
    Ciste fiontraíochta sóisialta Eorpach (EuSEF): lipéad a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 atá ceaptha chun cistí a shainaithint a dhírítear ar ghnólachtaí sóisialta Eorpacha, agus ar an tslí sin beidh sé níos fusa dóibh infheistíocht a mhealladh.
    Réamh-mhargaíocht: faisnéis nó cumarsáid a sholáthar maidir le straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta bainisteora ciste caipitil fiontair incháilithigh d’infheisteoirí ionchasacha in AE chun a suim i gciste caipitil fiontair nach bhfuil bunaithe fós a thástáil.
    Ciste infheistíochta fadtéarmaí Eorpach (ELTIF): arna thabhairt isteach le Rialachán (AE) 2015/760 agus atá dírithe ar bhainisteoirí cistí infheistíochta ar mian leo infheistíocht fhadtéarmach a sholáthar d’infheisteoirí institiúideacha agus príobháideacha ar fud na hEorpa. Dírítear iad ar chineálacha sonracha tionscadal, tionscadail a dteastaíonn maoiniú fadtéarmach ina leith ionas go bhforbrófar go rathúil iad ach a mbíonn sé deacair maoiniú a fháil ina leith.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 (IO L 188, 12.7.2019, lgh. 55-66)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta chun Aontas na Margaí Caipitil a Thógáil (COM(2015) 468 críochnaitheach, 30.9.2015)

    Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 98-121).

    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1-23)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: Plean infheistíochta don Eoraip (COM(2014) 903 críochnaitheach 26.11.2014)

    Rialachán (CE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lgh. 18-38)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lgh. 1-17)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lgh. 1-73)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lgh. 84-119)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2009/65/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lgh. 32-96)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 06.12.2019

    Barr