Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L1023

    Athstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais

    Athstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais

     

    ACHOIMRE AR:

    Treoir (AE) 2019/1023 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú

    CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

    • Tá sé mar aidhm léi an dara seans a thabhairt d’fhiontraithe* féimhithe* .
    • Déantar é níos éasca léi do chuideachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu rochtain a fháil ar bhearta um athstruchtúrú go luath ionas nach n–éireoidh siad dócmhainneach.
    • Leasaítear léi Treoir (AE) 2017/1132 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí maidir le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Leagtar síos leis an treoir rialacha maidir le:

    • athstruchtúrú* i gcomhair féichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, d’fhonn an dócmhainneacht a chosc agus a n–inmharthanacht a áirithiú;
    • fiachas fiontraithe dócmhainneacha a urscaoileadh;
    • bearta chun nósanna imeachta um athstruchtúrú, dócmhainneacht* agus urscaoileadh fiachais a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla.

    Leis an reachtaíocht cuirtear an méid seo a leanas ar fáil d’fhéichiúnaithe:

    • córas luathrabhaidh agus faisnéis ar líne ina leagtar béim ar aon dóchúlacht dócmhainneachta. D’fhéadfaí a áireamh leis sin:
      • foláirimh nuair nach ndéantar íocaíochtaí áirithe;
      • seirbhísí comhairleacha poiblí nó príobháideacha;
      • dreasachtaí do thríú páirtithe amhail cuntasóirí, údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, chun aird a tharraingt ar aon fhadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann;
    • clár coisctheach trínar féidir leo a gcuid airgid a athstruchtúrú chun an fhéimheacht a sheachaint agus chun poist agus gníomhaíocht an ghnólachta a choimeád;
    • an fhéidearthacht go mbeidh siad fós ábalta a sócmhainní agus a ngníomhaíocht laethúil gnó a rialú go hiomlán nó i bpáirt agus athstruchtúrú á dhéanamh;
    • bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair* ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 4 mhí i dtosach, agus síneadh féideartha ar feadh tréimhse suas le 12 mhí, agus plean athstruchtúraithe á idirbheartú.

    Pleananna Athstruchtúraithe:

    • beidh faisnéis bhunúsach iontu amhail aitheantas an fhéichiúnaí agus a sócmhainní agus a dliteanais, na páirtithe dá ndéantar difear, agus téarmaí an phlean;
    • féadfaidh féichiúnaithe, creidiúnaithe agus saineolaithe sa réimse iad a chur isteach;
    • ní mór d’údarás breithiúnach nó riaracháin iad a dheimhniú go bhfuil siad ceangailteach sna cásanna seo a leanas:
      • i gcas go ndéanann siad difear d’éilimh nó do leasanna páirtithe easaontacha dá ndéantar difear;
      • má sholáthraítear iontu do mhaoiniú nua;
      • má bhaineann caillteanas níos mó ná 25 % den lucht saothair leo;
    • mura ndéanann siad difear do chearta aonair agus comhchoiteanna oibrithe, amhail cearta chun cómhargála, chun gníomhaíocht thionsclaíoch agus chun faisnéise agus comhairliúcháin.

    Maidir le tíortha AE:

    • féadfaidh siad coinníollacha breise a chur i bhfeidhm maidir le socruithe um athstruchtúrú coisctheach, baic ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair, glacadh pleananna athstruchtúraithe agus urscaoileadh fiachais;
    • ní mór dóibh a áirithiú go ndéanfar maoiniú nua agus maoiniú eatramhach um oibríochtaí athstruchtúraithe a chosaint go leordhóthanach;
    • nós imeachta amháin ar a laghad a thabhairt d’fhiontraithe féimhithe chun a chur ar a gcumas a gcuid fiachas a urscaoileadh go hiomlán laistigh de 3 bliana;
    • áirithíonn siad go gcuirfear deireadh le haon dícháilíochtaí gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith ag fiontraí dócmhainneach a luaithe a scaoilfear a gcuid fiachais;
    • cuireann siad oiliúint iomchuí ar fáil d’údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin agus do chleachtóirí i réimse an athstruchtúraithe, na dócmhainneachta agus an urscaoilte fiachais;
    • bailíonn siad sonraí ar bhonn bliantúil ar na nósanna imeachta a úsáidtear.

    Ní mór do stiúrthóirí, nuair is dóchúil go mbeidh dócmhainneacht ann:

    • aird a thabhairt ar leasanna creidiúnaithe, sealbhóirí cothromais* agus geallsealbhóirí eile;
    • céimeanna a ghlacadh chun dócmhainneacht a sheachaint;
    • staonadh ó iompar a dhéantar d’aon ghnó nó atá mórfhaillíoch, agus atá ina bhagairt d’inmharthanacht an ghnólachta.

    Níl feidhm ag an treoir maidir le:

    Cuirfidh an Coimisiún Eorpach, tráth nach déanaí ná an 17 Iúil 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

    Beidh feidhm ag an treoir i dtíortha AE ón 17 Iúil 2021, seachas na rialacha maidir le cumarsáid leictreonach (Airteagal 28) a mbeidh feidhm acu ón 17 Iúil 2024 agus ón 17 Iúil 2026.

    CÚLRA

    • Measann an Coimisiún go ndéantar féimheach de thart ar 200 000 gnólacht gach bliain in AE, agus gurb é an toradh atá air sin go gcailltear 1.7 milliún post.
    • Cabhraíonn na rialacha nua le gnólachtaí athstruchtúrú a dhéanamh níos luaithe, nuálaíocht a chothú agus d’fhéadfaí 3 mhilliún post a chruthú. Tugtar le fios i dtaighde go bhfásann gnólachtaí a bunaíodh trí atosuithe níos tapúla ó thaobh láimhdeachais agus post de ná iad siúd a bhunaigh daoine céaduaire.
    • Comhlánaítear leis na rialacha nua seo Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta trasna theorainneacha AE.
    • Chun breis faisnéise a fháil, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Fiontraí: duine aonair a chleachtann ceird, gnó, ceardaíocht nó gairm.
    Féimheach: duine a dearbhaíodh, tar éis imeachtaí dlíthiúla, a bheith dócmhainneach.
    Athstruchtúrú: athrú a dhéanamh ar chomhdhéanamh, ar choinníollacha nó ar struchtúr sócmhainní agus dliteanas de chuid fhéichiúnaí.
    Dócmhainneach: staid airgeadais i gcás nach bhfuil cuideachta nó duine aonair in ann a gcuid fiach a íoc in am.
    Bac ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe aonair: fionraí sealadach ar an gceart atá ag creidiúnaí éileamh in aghaidh féichiúnaí a fhorfheidhmiú.
    Sealbhóir cothromais: duine, lena n–áirítear scairshealbhóir, ag a bhfuil leas úinéireachta i bhféichiúnaí nó ina ghnólacht nó ina gnólacht.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO L 172, 26.6.2019, lgh. 18-55)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (códú) (IO L 169, 30.6.2017, lgh. 46-127)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2017/1132 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 19-72)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 08.01.2020

    Barr