Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L0520

    Dolaí leictreonacha bóthair— idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta

    Dolaí leictreonacha bóthair— idir-inoibritheacht na gcóras náisiúnta

     

    ACHOIMRE AR:

    Treoir (AE) 2019/520 — maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n–éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc in AE

    CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

    Tá sé mar aidhm léi rialacha AE maidir le dolaí leictreonacha bóthair a dhéanamh níos éifeachtaí trí na bearta seo a leanas:

    • feabhas a chur ar idir-inoibritheacht an chórais faoina bhfeidhmítear iad;
    • bonn dlíthiúil a bhunú le haghaidh malartú trasteorann faisnéise maidir le feithiclí, agus maidir lena n–úinéirí nó lena sealbhóirí, ar theip orthu na táillí bóthair a íoc in AE.

    Leis an treoir athmhúnlófar agus athghairfear Treoir 2004/52/CE ón 20 Deireadh Fómhair 2021.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Raon feidhme

    Níl feidhm ag an treoir maidir le:

    • córais neamhleictreonacha dolaí bóthair;
    • córais dolaí bóthair ar córais bheaga áitiúla amháin iad ar mó na costais ná na buntáistí a bhaineann leo.

    Seirbhís Dolaí Leictreonacha na hEorpa (EETS)

    • Is é EETS an dóigh le córas dolaí bóthair comh-inoibritheach a bhaint amach.
    • Cuirtear ar chumas úsáideoirí bóithre leis clárú le conradh aonair agus úsáid a bhaint as trealamh ar bord* chun dolaí leictreonacha a íoc ar fud AE.
    • Comhlánaítear scéimeanna náisiúnta dolaí bóthair leis.

    Leagtar amach leis an treoir rialacha le haghaidh EETS lena n–áirítear:

    • na prionsabail ghinearálta, lena n–áirítear an nós imeachta le haghaidh soláthraithe EETS a chlárú, agus na cearta agus oibleagáidí do sholáthraithe EETS agus do dhaoine a ghearrann táillí dolaí;
    • ról an Chomhlachta Idir-réitigh, a bunaíodh chun idirghabháil a dhéanamh idir daoine a ghearrann táillí dolaí agus soláthraithe EETS;
    • foráiltear chun seirbhís leanúnach aonair a áirithiú, i.e. a luaithe a chuirtear sonraí feithicle isteach sa chóras, ní bheidh gá le hionchur ar bith eile beag beann ar fhearann na soláthraitheEETS trína dtaistealóidh an fheithicil;
    • bunú oifige teagmhála aonair má tá níos mó ná fearann EETS amháin ag tír AE.

    Malartú trasteorann faisnéise

    Leagtar amach leis an treoir rialacha maidir le malartú faisnéise i ndáil leis an mainneachtain dolaí bóthair a íoc, lena n–áirítear:

    • an nós imeachta maidir le malartú faisnéise idir tíortha AE;
    • an litir faisnéise maidir le mainneachtain dola bóthair a íoc;
    • soláthar faisnéise ó thír AE don chomhlacht a ghearrann dolaí bóthair.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

    Tá feidhm léi ón 19 Deireadh Fómhair 2019 agus ní mór dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 19 Eanáir 2021.

    Leagtar amach leis an treoir chomh maith, áfach, roinnt spriocdhátaí sonracha:

    • An 19 Deireadh Fómhair 2019 — maidir leis an gComhlacht Idir-réitigh, gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún Eorpach maidir le sonraíochtaí le haghaidh comhéadain leictreonacha, comhpháirteanna idir-inoibritheachta, agus gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún maidir le comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh;
    • An 19 Deireadh Fómhair 2021 — maidir le hinfhaighteacht na gclár náisiúnta leictreonach;
    • An 19 Aibreán 2023 — maidir le tuairisciú thíortha AE don Choimisiún, agus tuairisciú an Choimisiúin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle;
    • An 17 Aibreán 2024 — maidir le cumhacht an Choimisiúin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    CÚLRA

    Bhunaigh AE rialacha chomh maith maidir le comhroinnt faisnéise idir tíortha AE i gcás cionta tráchta bóthair.

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Trealamh ar bord: sraith iomlán na gcomhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí atá le húsáid mar chuid den tseirbhís dolaí atá suiteáilte nó a iompraítear ar bord feithicle chun sonraí a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a ghlacadh agus a tharchur go cianta, mar fhearas ar leithligh mar fhearas atá suiteáilte san fheithicil.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n–éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas (IO L 91, 29.3.2019, lgh. 45-76)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n–éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lgh. 9-25)

    Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n–aisghairtear Rialachán 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lgh. 62-106)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/53/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (athmhúnlú) (IO L 96, 29.3.2014, lgh. 79-106)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 21.06.2019

    Barr