Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R2067

    Rialachán nua AE maidir le creidiúnú agus fíorú

    Rialachán nua AE maidir le creidiúnú agus fíorú

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 – fíorú sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí tuarascálacha astaíochtaí oibreoirí

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Tá sé mar aidhm leis a áirithiú go mbeidh tuairisciú astaíochtaí gás ceaptha teasa* san Aontas Eorpach (AE) láidir, trédhearcach, comhsheasmhach agus cruinn trí rialacha a leagan amach chun seiceáil a dhéanamh ar na tuarascálacha ar astaíochtaí arna gcur isteach faoi chóras trádála astaíochtaí AE (CTA AE) agus ar chreidiúnú na ndaoine a sheiceálann tuarascálacha na n–oibreoirí.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Baineann an rialachán seo maidir le creidiúnú agus fíorú (AVR) le CTA AE arna bhunú le Treoir 2003/87/CE (féach an achoimre) agus go sonrach le hAirteagal 15 den treoir sin.
    • Rinneadh é a leasú chun tagairtí do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 maidir le leithdháileadh saor in aisce ar lamháltais astaíochtaí a chuimsiú.

    Comhlíonadh

    • Tá nós imeachta bliantúil ann maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar CTA AE. Tugtar timthriall um chomhlíonadh ETS air sin.
    • Ní mór plean faofa a bheith le suiteálacha tionsclaíocha agus ag oibreoirí aerárthaigh atá clúdaithe in CTA AE chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí bliantúla.
    • Ní mór d’oibreoirí tuarascáil bhliantúil a chur isteach.
    • Caithfidh fíoraitheoir creidiúnaithe na sonraí maidir le bliain ar leith a sheiceáil faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn.
    • Tá rialacha AE maidir leis an timthriall um chomhlíonadh leagtha amach sa rialachán seo maidir le creidiúnú agus fíorú agus sa rialachán maidir le faireachán agus tuairisciú – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

    Fíorú

    • Ní foláir go mbeidh tuarascáil fhíoraithe iontaofa do léitheoirí agus go dtiocfaidh sí go dílis leis an méid a mhaítear go dtaispeántar inti. Tá rialacha AE maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil leagtha amach i dTreoir 2003/4/CE (féach an achoimre).
    • Ní mór don phróiseas seiceála tuarascálacha tacú le nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta agus um rialú cáilíochta agus cuidiú le hoibreoirí nó le hoibreoirí aerárthaigh feabhas a chur ar fhaireachán agus ar thuairisciú astaíochtaí.
    • Leagtar amach sa rialachán maidir le creidiúnú agus fíorú freisin roinnt rialacha maidir le fíorú, lena n–áirítear:
      • oibleagáidí ginearálta;
      • oibleagáidí réamhchonarthacha;
      • an fhaisnéis arna soláthar ag oibreoirí;
      • plean um fhíorú;
      • seiceáil sonraí;
      • an tuarascáil maidir le fíorú.
    • Leagtar amach sa rialachán maidir le creidiúnú agus fíorú rialacha agus ceanglais le haghaidh fíoraitheoirí chomh maith. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:
      • raon feidhme an chreidiúnaithe;
      • an nós imeachta um sheiceáil;
      • neamhchlaontacht agus neamhspleáchas.

    Creidiúnú

    Leagtar amach sa rialachán maidir le creidiúnú agus fíorú na rialacha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí arna dhéanamh ag na comhlachtaí creidiúnaithe i mBallstáit AE. Ní mór d’fhíoraitheoirí a thaispeáint:

    • go bhfuil an inniúlacht acu tuarascálacha na n–oibreoirí a sheiceáil;
    • cloí le rialacha agus ceanglais an phróisis um fhíorú agus na seiceálacha á ndéanamh acu;
    • na ceanglais maidir le fíoraitheoirí a chomhlíonadh.

    Leagtar amach sa rialachán freisin na ceanglais maidir le comhlachtaí creidiúnaithe.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    • Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.
    • Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 600/2012 leis agus cuireadh in ionad an Rialacháin sin é ón 31 Nollaig 2018 i leith.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Astaíochtaí. Scaoileadh gás ceaptha teasa isteach san atmaisféar ó fhoinsí i suiteáil nó scaoileadh ó aerárthach a dhéanann gníomhaíocht eitlíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I de na gáis atá sonraithe i ndáil leis an ngníomhaíocht sin (Treoir 2003/87/CE, Airteagal 3(b)).

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus maidir le creidiúnú na bhfíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lgh. 94–134).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/2067 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2019/1842 gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise le haghaidh coigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce ar lamháltais astaíochtaí de bharr gníomhaíochta athruithe leibhéil (IO L 282, 4.11.2019, lgh. 20–24).

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntítear rialacha idirthréimhseacha ar fud an Aontais i ndáil le leithdháileadh lamháltais chomhchuibhithe astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lgh. 8–69).

    Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2018/2066 gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lgh. 1–93).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíd charbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140,5.6.2009, lgh. 114–135).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 30–47).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32–46).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n–aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26–32).

    Nuashonraithe 21.12.2021

    Barr