EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1542

Bearta sriantacha de chuid AE in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach

Bearta sriantacha de chuid AE in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2018/1544 — bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach

Rialachán (AE) 2018/1542 — bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Tugtar isteach leis an gcinneadh (a glacadh i gcomhthéacs chomhbheartas eachtrach agus slándála AE) agus leis an rialachán (a glacadh ar bhonn Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)) le chéile córas “téamúil” smachtbhannaí AE, chun dul i ngleic leis an mbagairt a bhaineann le húsáid agus leathadh arm ceimiceach*.

  • Cuirtear oibleagáid ar thíortha AE leis an gcinneadh cosc a chur ar thaisteal ar fud AE agus déantar foráil ann i leith reo sócmhainní a dhírítear ar dhaoine aonair, ar eintitis nó ar chomhlachtaí atá bainteach le forbairt agus úsáid arm ceimiceach.
  • Cuirtear chun feidhme leis an rialachán na bearta sin a thagann faoin CFAE, go háirithe an reo sócmhainní.
  • Cuireann na bearta sin le hiarrachtaí AE dul i ngleic le leathadh agus úsáid arm ceimiceach agus lena iarrachtaí tacú leis an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) agus lena Rúnaíocht Theicniúil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cinneadh (CBES) 2018/1544

Ceanglaítear ar thíortha AE leis an gcinneadh cosc a chur ar na daoine agus ar na eintitis a ndírítear orthu a bhfuil freagracht dhíreach acu as forbairt agus úsáid arm ceimiceach, chomh maith leo siúd a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha, agus leo siúd a chuidíonn leo, a spreagann iad nó a bhaineann leo dul isteach ina gcríoch nó dul trína gcíoch.

Tá roinnt eisceachtaí ceadaithe, lena n–áirítear, mar shampla:

  • níl sé de cheangal ar thír AE iontráil a náisiúnach féin ina críoch féin a dhiúltú;
  • tír AE atá faoi cheangal ag oibleagáid dlí idirnáisiúnta, amhail a bheith ina hóstach d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;
  • tír AE ar tír aíochta de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip í.

Ní mór do thíortha AE cistí nó acmhainní eacnamaíocha* ar bith ar leis na daoine nó na eintitis a ndírítear orthu iad, atá ina seilbh nó atá á rialú acu a reo. Go heisceachtúil, féadfaidh siad údarú a thabhairt i leith scaoileadh cuid de na cistí sin, mar shampla, má tá siad riachtanach sna cásanna seo a leanas:

  • le haghaidh bhunriachtanais an duine aonair nó an eintitis a ndírítear air nó uirthi;
  • chun íoc as seirbhísí dlíthiúla;
  • chun íoc as táillí nó muirir sheirbhíse ar ghnáthchoinneáil agus ar ghnáthchoimeád na gcistí nó na n–acmhainní eacnamaíocha reoite;
  • chun cinneadh cúirte nó eadrána a tharla roimh an reo sócmhainní a chomhlíonadh.

Ní mór do thíortha AE tíortha AE eile agus an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas maidir leis na cásanna sin.

Tá an Chomhairle freagrach as liosta de na daoine aonair agus de na eintitis a ndírítear orthu a dhréachtú san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh. Gníomhaíonn an Chomhairle de réir aontoilíochta ar bhonn togra ó thír AE nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Cuireann an Chomhairle a cinneadh in iúl ansin don duine (daoine) aonair nó don eintiteas (eintitis) a ndírítear air nó uirthi (orthu) go díreach (má tá a seoladh ar eolas) nó go hindíreach trí fhógra a fhoilsiú.

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542

Leis an rialachán:

  • forlíontar an cinneadh agus leagtar amach sraith sainmhínithe;
  • ceanglaítear go ndéanfar na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha ar fad ar le daoine nó comhlacht ar bith a ndírítear orthu iad arna sainaithint ag an gComhairle agus atá liostaithe in Iarscríbhinn I, atá ina seilbh nó atá á rialú acu a reo;
  • leagtar amach cásanna eisceachtúla i gcás go bhféadfar cistí reoite áirithe a scaoileadh agus na coinníollacha atá le comhlíonadh — féach thuas maidir le Cinneadh (CBES) 2018/1544.

Féadfaidh institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí a aistríonn tríú páirtithe chuig cuntas duine aonair nó comhlachta liostaithe na cistí a chur do shochar na gcuntas reoite, ach déanfar suimeanna breise ar bith ar na cuntais sin a reo chomh maith. Ní mór don institiúid an t–údarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas faoi idirbheart ar bith dá leithéid gan aon mhoill.

Ní foláir nach mbeidh an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha nó an diúltú cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, a rinneadh le meon macánta ar an mbonn go bhfuil gníomh ar bith dá leithéid i gcomhréir leis an rialachán seo, ina gcúis le dliteanas de chineál ar bith ar thaobh an duine aonair nó an chomhlachta a bheidh á chur chun feidhme, nó a stiúrthóirí nó a f(h)ostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar mar thoradh ar neamairt.

Tá toirmeasc ar ghníomhaíocht d’aon turas nó d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí chun na bearta (an cosc ar thaisteal/nó an reo sócmhainní) a sheachaint.

Tá feidhm ag an rialachán:

  • laistigh de chríoch AE, lena n–áirítear a aerspás;
  • ar bord aerárthaigh ar bith nó soithigh ar bith faoi dhlínse thír AE;
  • duine ar bith laistigh nó lasmuigh de chríoch AE ar náisiúnach de thír AE é nó í;
  • duine nó comhlacht ar bith, laistigh nó lasmuigh de chríoch AE, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí thír AE;
  • duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ar bith i ndáil le gnó ar bith a rinneadh go hiomlán nó i bpáirt laistigh de AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag an gcinneadh agus ag an rialachán ón 16 Deireadh Fómhair 2018.

CÚLRA

Ghlac AE an córas nua maidir le bearta sriantacha, nó smachtbhannaí, an 15 Deireadh Fómhair 2018 mar thoradh ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach 2018, inar iarradh go nglacfaí córas nua AE maidir le bearta sriantacha a luaithe ab fhéidir chun dul i ngleic le húsáid agus leathadh arm ceimiceach.

Tugadh isteach na chéad smachtbhannaí faoin gcóras nua i mí Eanáir 2019 a raibh leasú ar an gcinneadh agus an rialachán (féach “Doiciméid ghaolmhara”) mar thoradh air.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Airm cheimiceacha: is iad seo a leanas airm cheimiceacha arna sainiú sa Choinbhinsiún um Airm Cheimiceacha (CWC), le chéile nó astu féin:

(a) ceimiceáin thocsaineacha agus a réamhtheachtaithe, ach amháin i gcás go bhfuil siad beartaithe le haghaidh cuspóirí nach bhfuil toirmeasctha faoin gCoinbhinsiún seo, ar an gcoinníoll go bhfuil na cineálacha agus na méideanna comhsheasmhach leis na cuspóirí sin;

(b) muinisin agus feistí, a dheartar go sonrach chun duine a mharú nó a ghortú trí airíonna tocsaineacha na gceimiceán tocsaineach sin arna sainiú i bhfo-alt (a), a scaoilfí mar thoradh ar úsáid a bhaint as na muinisin agus na feistí sin;

(c) trealamh ar bith a dheartar go sonrach lena úsáid go díreach i ndáil le húsáid na muinisean agus na bhfeistí arna sainiú i bhfo-alt (b).

Acmhainní eacnamaíocha: sócmhainní de chineál ar bith, bídís ina sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, nach cistí iad, ach ar féidir iad a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (CBES) Uimh. 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lgh. 25-30)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 maidir le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lgh. 12-21)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/84 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 maidir le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 181, 21.1.2019, lgh. 1-3)

Cinneadh (CBES) 2019/86 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 maidir le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 181, 21.1.2019, lgh. 10-12)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 sean-Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144)

Nuashonraithe 05.04.2019

Barr