Beartais fostaíochta thíortha AE: treoirlínte (2018)
ACHOIMRE AR:
Cinneadh (AE) 2018/1215 — treoirlínte maidir le beartas fostaíochta thíortha AE
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
Soláthraítear leis treoir do thíortha AE agus a mbeartais fostaíochta á ndréachtú acu agus spriocanna náisiúnta á leagan síos acu, chun beartais chomhordaithe AE a áirithiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Dírítear treoirlínte 2018 ar an méid seo a leanas:
Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar
Ba cheart do thíortha AE roinnt beart a dhéanamh, lena n–áirítear:
- cruthú post ardchaighdeáin lena gcothaítear fiontraíocht fhreagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a éascú;
- an geilleagar sóisialta a chur chun cinn go gníomhach agus nuálaíocht shóisialta a chothú;
- na cineálacha nuálacha sin oibre lena gcruthaítear deiseanna post ardchaighdeáin a spreagadh;
- sásraí socraithe tuarastal atá trédhearcach agus intuartha a spreagadh;
- mar aon le comhpháirtithe sóisialta, íosleibhéil tuarastal imleora a áirithiú.
Soláthar saothair a threisiú agus rochtain ar fhostaíocht, scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú
Ba cheart do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
- táirgiúlacht agus infhostaitheacht a chur chun cinn, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta;
- na leibhéil fhoriomlána oideachais a ardú, go háirithe do na daoine is lú cáilithe agus foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste;
- straitéisí cuimsitheacha a chur chun feidhme chun dul i ngleic le dífhostaíocht fhadtéarmach agus struchtúrach;
- díriú ar fháil réidh le bacainní agus dídhreasacht ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair;
- comhionannas inscne a áirithiú agus rannpháirtíocht ban sa mhargadh saothair a mhéadú;
- dul i ngleic leis an mbearna inscne maidir le pá.
Feidhmiú na margaí saothair agus éifeachtúlacht an phlé shóisialta a threisiú
Ba cheart do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
- oibriú le chéile leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le prionsabail na solúbthachta agus na slándála, agus cearta agus oibleagáidí á gcothromú;
- iad siúd ar féidir leo páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair a ghníomhachtú agus a chumasú go gníomhach;
- sochair dhífhostaíochta imleora a thabhairt do dhaoine dífhostaithe ar feadh tréimhse réasúnta, i gcomhréir lena ranníocaíochtaí agus le rialacha náisiúnta incháilitheachta;
- soghluaisteacht foghlaimeoirí agus oibrithe a chur chun cinn chun scileanna infhostaitheacht a neartú agus leas iomlán a bhaint as acmhainn an mhargaidh shaothair Eorpaigh;
- rannpháirtíocht thráthúil agus fhónta na gcomhpháirtithe sóisialta i ndearadh agus i gcur chun feidhme beartas agus athchóirithe ábhartha a áirithiú.
Comhdheiseanna a chur ar fáil do gach uile dhuine, cuimsiú sóisialta a chothú agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht
Ba cheart do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
- margaí saothair uileghabhálacha a chur chun cinn, a bheidh oscailte do chách, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le gach cineál idirdhealaithe agus comhdheiseanna a chur chun cinn do na grúpaí atá faoi ghannionadaíocht;
- córais cosanta sóisialta a nuachóiriú;
- straitéisí coisctheacha agus comhtháite a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí chomhcheangal díobh seo a leanas
- tacaíocht ioncaim imleor
- margaí saothair uileghabhálacha agus rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin
- freastal ar riachtanais aonair;
- infhaighteacht seirbhísí inacmhainne, inrochtana agus ardchaighdeáin a áirithiú, amhail
- oideachas agus cúram luath-óige
- cúram lasmuigh den scoil
- oideachas
- oiliúint
- tithíocht
- seirbhísí sláinte agus
- cúram fadtéarmach;
- rochtain thráthúil ar chúram sláinte coisctheach agus íceach, agus cúram fadtéarmach ardchaighdeáin a sholáthar;
- leorgacht agus inbhuanaitheacht córas pinsean d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe a áirithiú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá sé i bhfeidhm ón 19 Iúil 2018.
CÚLRA
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh (AE) 2018/1215 ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir le treoirlínte bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 224 an 5.9.2018, lgh. 4-9)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Cáilíochta agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lgh. 1-6)
Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lgh. 10-15)
Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le mór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lgh. 27-31)
Cinneadh 2010/707/AE ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 308,24.11.2010, lgh. 46-51)
Nuashonraithe 05.03.2019