Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R0352

    Calafoirt: soláthar seirbhísí agus trédhearcacht airgeadais

    Calafoirt: soláthar seirbhísí agus trédhearcacht airgeadais

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2017/352 — rialacha maidir le soláthar seirbhísí calafoirt agus trédhearcacht airgeadais calafort

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    • Is é seo an chéad phíosa reachtaíochta AE a bhaineann go sainiúil le calafoirt. Leagtar amach ann rialacha maidir le trédhearcacht airgeadais, soláthar seirbhísí calafoirt agus táillí bonneagair.
    • Rinneadh é a leasú le Rialachán (AE) 2020/697 ionas go bhféadfaidh comhlacht bainistíochta calafoirt nó an t–údarás inniúil solúbthacht a chur ar fáil i ndáil le muirir ar bhonneagar calafoirt a thobhach i gcomhthéacs ráig COVID-19.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Tá feidhm ag an reachtaíocht maidir le:

    • breosla umair a sholáthar*
    • láimhseáil lastais
    • múráil
    • seirbhísí do phaisinéirí
    • bailiú dramhaíola agus iarmhar lasta ó longa
    • píolótaí a threoraíonn soithí lena loingseoireacht shábháilte a áirithiú sa chalafort agus thart ar an gcalafort
    • an tarraingt*.

    Bainisteoirí calafoirt:

    • d’fhéadfadh sé go mbeidh soláthraithe seirbhísí ag teastáil uathu d’fhonn freastal ar cheanglais íosta, amhail cáilíochtaí gairmiúla, trealamh oiriúnach agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha;
    • ní mór dóibh a áirithiú go bhfuil na ceanglais íosta sin trédhearcach, oibiachtúil, neamh–idirdhealaitheach, comhréireach agus ábhartha do na seirbhísí atá á soláthar;
    • féadfaidh siad teorainn a chur le líon na soláthraithe seirbhíse ar chúiseanna faoi leith, go háirithe má bhíonn an réimse atá i gceist in áirithe le haghaidh úsáid eile;
    • ní mór dóibh an deis a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí ionchasacha trí aon srianta atá beartaithe a fhoilsiú 3 mhí ar a laghad sula nglactar cinneadh;
    • féadfaidh siad a chinneadh an tseirbhís a sholáthar iad féin nó í a sholáthar trí chomhlacht nó eagraíocht a rialaíonn siad mar a bheadh ceann dá ranna féin é.

    Má chuirtear srian i bhfeidhm, beidh nós imeachta roghnúcháin nach mór a bheith oscailte do na dreamanna uile ar suim leo é, ar bhonn neamh–idirdhealaitheach agus trédhearcach, ina dhiaidh sin.

    Tíortha AE:

    • féadfaidh siad oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar oibreoirí calafoirt le seirbhísí neamhbhriste agus incheannaithe a áirithiú, mar shampla, nó ar fhorais shábháilteachta, slándála agus thimpeallachta;
    • ní mór dóibh tobhach maidir le muirir ar bhonneagar calafoirt a áirithiú — ní chuireann sé sin cosc ar sholáthraithe seirbhíse óna muirir féin a ghearradh;
    • féadfaidh calafoirt sna réigiúin is forimeallaí* de AE a dhíolmhú ón reachtaíocht;
    • ní mór dóibh soláthar a dhéanamh do nósanna imeachta chun déileáil le gearáin a ardaítear agus pionóis a leagan amach i gcásanna ina sáraítear an reachtaíocht.

    Soláthraithe seirbhíse calafoirt:

    • ní mór dóibh a áirithiú go gcuirtear an oiliúint is gá ar na fostaithe, go háirithe maidir le sláinte agus sábháilteacht, d’fhonn tabhairt faoina gcuid oibre;
    • ní mór dóibh féachaint chuige go ndéanfar an oiliúint a nuashonrú go minic d’fhonn freastal ar fhorbairtí teicneolaíochta.

    Ní mór don chaidreamh airgeadais idir na húdaráis náisiúnta agus bainisteoirí calafoirt bheith trédhearcach agus go léirítear ann go soiléir:

    • cistiú poiblí a dhéantar go díreach, nó a dhéantar trí idirghabhálaithe, le comhlachtaí bainistithe calafort;
    • an úsáid a bhaintear as na cistí;
    • na muirir arna soláthar ag oibreoir inmheánach ag freastal ar oibleagáidí seirbhísí poiblí an oibreora inmheánaigh.

    Níl feidhm ag an rialachán maidir le:

    • tionchar ar bith a imirt ar rialacha sóisialta agus náisiúnta ná rialacha saothair ná reachtaíochta AE maidir le soláthar poiblí nó conarthaí lamháltais;
    • conarthaí seirbhíse calafort a cuireadh i gcrích roimh an 15 Feabhra 2017 agus a bhfuil teorainn ama leo (conarthaí dátaithe roimh an 15 Feabhra 2017 gan aon teorainn ama luaite leo, ní mór dóibh sin bheith i gcomhréir faoin 1 Iúil 2025).

    Ní mór don Choimisiún Eorpach measúnacht ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 24 Márta 2023 ar a dhéanaí.

    Leasú i ndiaidh ráig phaindéim COVID-19

    • Le Rialachán leasaitheacha (AE) 2020/697 tugtar isteach riail idirthréimhseach úr lena dtugtar an deis do bhainisteoir an chalafoirt nó don údarás inniúil cinneadh a dhéanamh na muirir ar bhonneagar calafoirt a tharscaoileadh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a chur siar le haghaidh na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.
    • Ní mór do bhainisteoir an chalafoirt nó don údarás inniúil a áirithiú go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus ionadaithe nó cumainn úsáideoirí calafoirt ar an eolas dá réir sin.
    • Ní mór tarscaoileadh, fionraí, laghdú nó cur siar íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt a thabhairt ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh–idirdhealaitheach.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 24 Márta 2019.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Breosla umair a sholáthar: breosla soladach, leachtach nó gásach a sholáthar do shoitheach.
    Tarraingt: cabhair ó thugaí d’fhonn soitheach a ainliniú. Éascaíonn sé sin loingseoireacht shábháilte an tsoithigh sa chalafort nó timpeall ar an gcalafort.
    Na réigiúin is forimeallaí: Guadalúip, Guáin na Fraince, Réunion, Martinique, Mayotte agus Saint Martin (an Fhrainc), na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil) agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn).

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lgh. 1-18)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/352 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Nuashonraithe 08.07.2020

    Barr