This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32015R0478
Comhrialacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh allmhairí
Rialachán (AE) 2015/478 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí
Oibríonn an Aontas Eorpach (AE) ar an bprionsabal gur cheart táirgí a allmhairiú faoi shaoirse gan a bheith faoi réir srianta cainníochtúla ar bith (e.g. cuótaí), mura bhfuil bearta1 cosanta i bhfeidhm. Chun críche trédhearcachta, in 2015 d’fhoilsigh AE leagan códaithe2 dá chomhrialacha le haghaidh allmhairí chun na leasuithe éagsúla a rinneadh le déanaí a chuimsiú i bpíosa amháin reachtaíochta.
Leagtar síos ann:
Tá feidhm ag an rialachán maidir le hallmhairí táirgí a thionscnaítear i dtíortha neamh-AE, ach amháin le haghaidh:
Ní mór do thíortha AE a chur in iúl don Choimisiún Eorpach má tá an chuma air de réir treochtaí in allmhairí go dteastaíonn faireachán nó bearta cosanta a dhéanamh.
Féachtar san imscrúdú lena dhearbhú an bhfuil nó nach bhfuil díobháil thromchúiseach3 á déanamh ag allmhairí táirge (nó go mbaineann bagairt leo díobháil thromchúiseach a dhéanamh) do tháirgeoirí AE lena mbaineann. Ní mór imscrúdú a chur i gcrích i 9 mí de ghnáth ach, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí é a shíneadh go 11 mhí.
Déanfar imscrúdú ann ar an treocht in allmhairí, na dálaí ina ndéantar iad agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil díobháil thromchúiseach á déanamh acu nó go mbaineann bagairt leo díobháil thromchúiseach a dhéanamh do tháirgeoirí de chuid AE mar thoradh ar tháirgí dá leithéid.
Breithnítear ann ar na fachtóirí seo a leanas:
Má thaispeántar san imscrúdú go bhfuil an oiread méadaithe tagtha ar tháirgí go ndéanann siad díobháil thromchúiseach (nó go mbaineann bagairt leo díobháil thromchúiseach a dhéanamh) do tháirgeoirí de chuid AE, féadfaidh an Coimisiún bearta cosanta a fhorchur.
D’fhéadfadh srianta cainníochtúla ar allmhairí táirge ó thír neamh-AE ar bith a bheith mar thoradh ar imscrúdú AE. Níor chóir do chuótaí allmhairí a bheith níos ísle ná meánleibhéal na n-allmhairí le linn na 3 bliana ionadaíocha a chuaigh thart a bhfuil staitisticí ar fáil ina leith.
Baineann cosaintí le gach allmhaire den táirge lena mbaineann, ó gach tír.
D’fhéadfadh réamhfhaireachas nó faireachas cúlghabhálach AE ar tháirge a bheith mar thoradh ar an imscrúdú. Is éard is faireachas ann ceadúnú allmhairiúcháin uathoibríoch thar thréimhse ama. Ní chuirtear srian ar allmhairí go cúlghabhálach nó roimhe ré leis. D’fhéadfaí táirgí ar a ndearnadh réamhfhaireachas a chur i saorchúrsaíocht, ach i ndiaidh doiciméad allmhairiúcháin arna fhormhuiniú ag údarás inniúil arna ainmniú ag tír AE agus atá bailí ar fud AE a thabhairt amháin.
Roimh nós imeachta imscrúdaithe AE agus ina dhiaidh, téann an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Choimircí (ionadaithe na dtíortha AE uile). Ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt do thíortha AE maidir le cinneadh ar bith a dhéanann sé maidir le bearta cosanta. Mar phointe tosaigh, is féidir bearta cosanta a fhorchur má thugann tíortha AE tacaíocht ina leith le tromlach cáilithe. Déantar foráil sa rialachán chomh maith i leith cúinsí sonracha vótála eile.
Ní féidir beart cosanta ar bith a chur i bhfeidhm ar tháirge a thionscnaítear i dtír i mbéal forbartha atá ina bhall den Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar an gcoinníoll nach mó sciar tíre tháirgí de chuid AE an táirge lena mbaineann ná 3 % agus nach ionann sciar allmhairiúcháin gach tíre i mbéal forbartha agus níos mó ná 9 %.
Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an .
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: “Allmhairiú isteach in AE” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, , lgh. 16-33)
nuashonrú is deireanaí