This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32015R0207
Faisnéis maidir le tionscadail um beartas comhtháthaithe arna maoiniú ag AE — rialacha agus samhlacha
Faisnéis maidir le tionscadail um beartas comhtháthaithe arna maoiniú ag AE — rialacha agus samhlacha
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach ann rialacha agus teimpléid tuairiscithe an Aontais Eorpaigh (AE) don chlárthréimhse 2013-2020 atá le húsáid ag Údaráis Bhainistíochta* agus tuarascáil á tabhairt acu don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme clár faoi Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 14 Feabhra 2015.
CÚLRA
Is é maoiniú an bheartais chomhtháthaithe príomhchuid infheistíochta AE agus tacaíonn sé le cuspóir straitéiseach AE maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i bpoist, i ndlúth-ailíniú le spriocanna Eoraip 2020.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Údarás bainistíochta: an comhlacht oifigiúil atá freagrach as an gclár a reáchtáil, tionscadail a roghnú, monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid agus faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún, do na páirtithe agus don phobal.
Comhaontú comhpháirtíochta: Ceanglaítear ar thíortha AE pleananna straitéiseacha a dhréachtú agus a chur chun feidhme lena mbeidh tosaíochtaí infheistíochta faoina gcumhdófar na Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta uile. Déantar comhaontuithe comhpháirtíochta a chaibidliú ag tús na tréimhse 7 mbliana idir an Coimisiún Eorpach agus údaráis náisiúnta, i ndiaidh comhairliúcháin le grúpa leasmhara, an tsochaí shibhialta agus ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha.
Comhar críochach Eorpach: Féachtar le clár um chomhar críochach Eorpach réigiúin agus cathracha ó thíortha AE éagsúla a spreagadh chun oibriú le chéile, eolas a chomhroinnt agus foghlaim óna chéile chun feabhas a chur ar chomhtháthú agus ar cháilíocht na beatha trí chláir, tionscadail agus líonraí comhpháirteacha.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/207 gCoimisiún an 20 Eanáir 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na samhlacha don tuarascáil ar dhul chun cinn, leis an bhfaisnéis a chur isteach maidir le mórthionscadal, leis an bplean gníomhaíochta comhpháirtíochta, leis na tuarascálacha um chur chun feidhme maidir le sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post, leis an dearbhú bainistíochta, leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóireachta agus an modheolaíocht chun an anailís costais agus tairbhe a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an tsamhail do na tuarascálacha um chur chun feidhme agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 38, 13.2.2015, lgh. 1-122)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos na forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 320-469)
Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 259-280)
Nuashonraithe 13.09.2016