Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0250

    Leasanna airgeadais AE a chosaint ar chalaois agus ar éilliú — clár Hercule III

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Leasanna airgeadais AE a chosaint ar chalaois agus ar éillitheacht' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

    Leasanna airgeadais AE a chosaint ar chalaois agus ar éilliú — clár Hercule III

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 lena mbunaítear clár Hercule III

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Maoinítear tionscadail faoi chlár Hercule III chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac (e.g. smuigléireacht agus góchumadh toitíní) nach dtagann le buiséad AE nó le leasanna airgeadais de chuid AE, a chosnóidh airgead cháiníocóirí AE ar an tslí sin.

    Tá an clár á bhainistiú ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Cuirtear béim sa chlár ar na nithe seo a leanas:

    • gníomhaíochtaí nua a fhorbairt, ar leibhéal AE agus i dtíortha AE araon, chun dul i gcoinne na calaoise agus gníomhaíochtaí góchumtha;
    • comhar agus comhordú a mhéadú idir tíortha AE, an Coimisiún agus OLAF;
    • oiliúint a chur ar bhaill foirne i riarachán, cúirteanna agus córais forfheidhmithe dlí, institiúidí oideachasúla agus taighde, etc. thíortha AE agus thíortha neamh-AE chun calaois a chosc.

    Le comhsholáthar um shaintrealamh agus bunachair shonraí, Hercule III, cruthófar coigiltis do na páirtithe go léir atá páirteach i leasanna airgeadais de chuid AE a chosaint.

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    • 1.
      Sa chúnamh teicniúil do thíortha AE, d’fhéadfadh an méid seo a leanas bheith i gceist, mar shampla:
      • eolas speisialaithe, trealamh ardteicneolaíochta agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise a sholáthar chun comhar le húdaráis i dtíortha AE eile agus comhar leis an gCoimisiún Eorpach a chumasú;
      • tacaíocht a chinntiú d’imscrúduithe, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus oibríochtaí trasteorann;
      • tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit, lena n-áirítear, go háirithe, i gcustam.
    • 2.
      Oiliúint spriocdhírithe speisialaithe agus oiliúint maidir le hanailís riosca a eagrú chun:
      • malartú taithí agus dea-chleachtas a spreagadh idir údaráis ábhartha i dtíortha rannpháirteacha;
      • eolas a scaipeadh, go háirithe maidir le haithint riosca níos fearr chun críocha fiosrúcháin;
      • feasacht a mhéadú tuilleadh i measc na mbreithiúna agus an lucht dlí maidir leis an ngá atá le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

    An Buiséad

    Is ionann buiséad Hercule III don tréimhse 2014-20 agus €104.9 milliún. Tá 70 % ar a laghad den bhuiséad sin curtha i leataobh do chúnamh teicniúil agus tá 25 % agus 5 % de ar a mhéad curtha i leataobh le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna agus gníomhaíochtaí eile chun cuspóirí Hercule III a bhaint amach.

    Is féidir leis na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh sa chlár chomh maith: tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa, stáit aontacha agus tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE (IO L 84, 20.3.2014, lgh. 6-13)

    Nuashonraithe 03.11.2017

    Barr