Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0604

Beartas tearmainn an AE: Ballstát de chuid an AE atá freagrach as iarratais a scrúdú

Beartas tearmainn an AE: Ballstát de chuid an AE atá freagrach as iarratais a scrúdú

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 maidir leis na critéir agus na sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a scrúdú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear le Rialachán Bhaile Átha Cliath III Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann. Tugann sé cosaint níos fearr d’iarratasóirí go dtí go mbíonn a stádas curtha ar bun. Cuirtear córas nua ar bun faoin rialachán freisin chun na fadhbanna a aimsiú a tharlaíonn go luath i gcórais náisiúnta tearmainn nó fáiltithe agus chun dul i ngleic le bunchúiseanna na bhfadhbanna sin sula dtarlaíonn géarchéim cheart.

PRÍOMHPHOINTÍ

Prionsabail agus critéir chun freagracht a chinneadh

Áirítear leo sin, in ord tosaíochta:

  • cúrsaí teaghlaigh;
  • víosa nó cead cónaithe a bheith ina sheilbh le déanaí i mBallstát;
  • cibé ar tháinig an duine isteach in AE go rialta nó go mírialta.

Tuilleadh ráthaíochtaí d’iarratasóirí

Tá tuilleadh ráthaíochtaí cosanta sa rialachán le haghaidh iarratasóirí, amhail:

  • an ceart chun faisnéise;
  • agallaimh phearsanta;
  • tuilleadh ráthaíochtaí do mhionaoisigh, leasanna na leanaí a chur chun cinn le linn an nóis imeachta;
  • cosaint níos fearr do leanaí, do dhaoine muinteartha, do chleithiúnaithe agus do ghaolta na n-iarratasóirí;
  • cúnamh dlíthiúil saor in aisce, ar iarratas;
  • an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh aistrithe chuig Ballstát eile, lena n-áirítear an rogha éifeacht fionraíochta a dheonú.

Coinneáil

Mar phrionsabal ginearálta, ní ceadmhach iarratasóirí a choinneáil toisc go bhfuil tearmann á lorg acu. Mar sin féin, déantar foráil sa rialachán maidir le hiarratasóirí a choinneáil má tá an baol ann go n-éalóidh siad (e.g. tá siad á n-aistriú chuig Ballstát eile).

Meicníocht le haghaidh luathrabhaidh, ullmhachta agus bainistíochta géarchéime

Buíochas le Rialachán Bhaile Átha Cliath III, tá córas níos éifeachtaí ann, a bhfuil sásra luathrabhaidh, ullmhachta agus bainistíochta géarchéime ina chuid de, arna cheapadh chun:

  • dul i ngleic le mífheidhmeanna i gcórais náisiúnta tearmainn; agus
  • cabhrú leis na Ballstáit atá os comhair líon ard iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ag a dteorainneacha.

Aisghairm

Déanfar Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 a aisghairm le Rialachán (AE) 2024/1351 (féach achoimre) amhail ón .

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear na critéir agus na sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag tríú tír náisiúnach nó duine gan stát (athmhúnlú) (IO L 180, , lgh. 31–59).

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Barr