Wählen Sie die experimentellen Funktionen, die Sie testen möchten.

Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.

Dokument 32013R0473

    Faireachas buiséadach agus ceartú easnaimh iomarcaigh sa limistéar euro

    Faireachas buiséadach agus ceartú easnaimh iomarcaigh sa limistéar euro

    ACHOIMRE AR:

    Measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha thíortha limistéar an euro agus ceartú easnaimh iomarcaigh a áirithiú — Rialachán (AE) Uimh. 473/2013

    ACHOIMRE

    CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

    • Ceapadh é chun feabhas a chur ar fhaireachas na mbeartas buiséadach i dtíortha limistéar an euro. Déantar é seo, mar shampla, trí mheasúnú comhordaithe a dhéanann an Coimisiún Eorpach ar a ndréachtbhuiséid gach fómhar.
    • Tugtar isteach leis measúnú Eorpach ar dhréachtphleananna buiséadacha ar fhráma ama comhordaithe san fhómhar do thíortha limistéar an euro.
    • Cuirtear feabhas leis ar chreata buiséadacha náisiúnta trí éileamh go gcruthófar comhlachtaí neamhspleácha.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Raon feidhme

    Baineann an rialachán le tíortha uile limistéar an euro, agus tá rialacha speisialta ann dóibh siúd atá faoi réir ag nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP).

    Sraith rialacha atá san EDP a ceapadh chun an t-easnamh a laghdú go dtí níos lú ná 3% den sprioc olltáirgeacht intíre atá sonraithe in Airteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhthéacs an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (SGP). Bíonn tír in easnamh le haghaidh bliana áirithe nuair a bhíonn a caiteachas sa bhliain sin níos mó ná a hioncam.

    Amlíne choiteann

    Ar na forálacha nua coiteanna buiséadacha tá amlíne choiteanna bhuiséadach a chuireann iallach ar thíortha uile limistéar an euro a ndréachtphleananna buiséadacha a chur isteach faoin 15 Deireadh Fómhair, i.e. sula nglacfar leo ag parlaimintí náisiúnta. Má fhaightear go bhfuil na rialacha coiteanna buiséadacha á sárú ag an bplean, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an tír lena mbaineann dréachtphlean leasaithe a chur isteach laistigh de thrí seachtaine óna thuairim a fhoilsiú. Déanfar tuairim an Choimisiúin a réasúnú agus a chur ar fáil go poiblí. Ní tuairim cheangailteach í tuairim an Choimisiúin agus forchoimeádann parlaimintí náisiúnta a gceannasacht.

    Sa bhliain 2013, d'eisigh an Coimisiún teachtaireacht inar leagadh amach na sonruithe do dhréachtphleananna buiséadacha agus tuarascálacha eisiúna fiachais. Rinne sé leasú ar na sonruithe sin ina dhiaidh sin i bpáipéar breise sa bhliain 2014, d'fhonn soiléiriú níos mó a thabhairt.

    Comhlíonadh agus réamhaisnéis

    Éilítear sa rialachán ar thíortha limistéar an euro comhlachtaí neamhspleácha a bhunú le bheith i gceannas ar fhaireachán ar chomhlíonadh na rialacha fioscacha ábhartha agus chun na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a tháirgeadh nó a cheadú a thacaíonn leis an bhuiséad bliantúil agus le pleananna meántéarmacha fioscacha.

    Tuairisciú

    Mar chríoch, cuirtear riachtanais tuairiscithe níos déine i bhfeidhm maidir le tíortha limistéar an euro atá faoi réir ag EDP. Tugtar uirlis nua don Choimisiún faoin rialachán a chuireann ar a chumas gníomhú níos tapa trí bhíthin rabhadh a eisiúint nuair a bhíonn riachtanais EDP i mbaol.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá sé i bhfeidhm ón 30 Bealtaine 2013.

    CÚLRA

    ACHT

    Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lgh. 11–23)

    ACHT GAOLMHAR

    Rialachán (AE) Uimh. 877/2013 arna tharmligean ag an Choimisiún an 27 Meitheamh 2013 ag forlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú. [IO L 244, 13.9.2013, lgh. 23–31].

    Teachtaireacht ón gCoimisiún: Creat comhchuibhithe do dhréachtphleananna buiséadacha agus tuarascálacha eisiúna fiachais laistigh de limistéar an euro (COM(2013) 490 final an 27.6.2013)

    Teachtaireacht ón gCoimisiún lena n-aisghairtear an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Creat comhchuibhithe do dhréachtphleananna buiséadacha agus tuarascálacha eisiúna fiachais laistigh de limistéar an euro (COM(2014) 675 final an 28.10.2014)

    Nuashonraithe 22.02.2016

    Barr