Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013H0099

    Calaois maidir le margú bianna a chomhrac - muinín tomhaltóirí a athbhunú

    Calaois maidir le margú bianna a chomhrac - muinín tomhaltóirí a athbhunú

    Nuair a mheastar go bhfuil calaois i gceist i réimsí an bhia don duine agus an bheatha ainmhithe, tá údarás ag an Choimisiún Eorpach comhordú pleananna ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) a mholadh lena fhionnadh cé chomh forleathan is atá guaiseacha agus rioscaí maidir le beatha, le bia nó le hainmhithe.

    ACHT

    Moladh 2013/99/AE ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2013 maidir le plean comhordaithe rialaithe chun a fhionnadh cé chomh forleathan is atá cleachtais chalaoiseacha i ndáil le margú bianna áirithe.

    ACHOIMRE

    I dtús na bliana 2013, nochtadh trí rialuithe oifigiúla i mBallstáit éagsúla go raibh feoil chapaill i dtáirgí áirithe réamhphacáistithe, amhail burgair mhairteola, rud nár léiríodh sa liosta comhábhar a thaispeántar go díreach ar an phacáiste nó ar lipéad an phacáiste. Bhí an t-eolas ar lipéid na mbianna seo míthreorach toisc nach ndearnadh tagairt ach amháin do mhairteoil, comhábhar atá i bhfad níos costasach ná feoil chapaill.

    Comhábhar dlisteanach ann féin atá san fheoil chapaill má fhaightear ó chapaill bhia í, capaill a mharaítear i seamlais cheadaithe, agus má dheimhnítear í trí imscrúduithe riachtanacha tréidliachta a dhéanamh uirthi. Ceist níos tromchúisí fós a bhí ann toisc gur féidir an druga tréidliachta, feiniolbútasón, a thabhairt do chapaill nach capaill bhia iad. Bhí eagla ar dhaoine go raibh feoil ó na capaill seo tar éis dul isteach I mbiashlabhra an duine.

    De bharr na n-imthosca seo, rinne na húdaráis Eorpacha (an Coimisiún Eorpach agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia) agus údaráis inniúla na mBallstát, le cabhair ó Europol, agus iad ag obair as lámha a chéile chun raon na faidhbe a imscrúdú, plean a fhorbairt chun dul i ngleic leis an fhadhb seo agus chun muinín tomhaltóirí a athbhunú sa bhia a cheannaíonn siad.

    Dréachtaíodh plean comhordaithe rialaithe ar fud na hEorpa ag an Choimisiún chun a fhorleathan is a bhí na cleachtais chalaoiseacha a fhionnadh, agus bhí ar údaráis náisiúnta dhá bheart a dhéanamh:

    • Rialú a dhéanamh ar bhia a mhargaítear agus/nó a bhí lipéadaithe mar mhairteoil chun féachaint an raibh feoil chapaill ann;
    • Rialú ar fheoil chapaill a bhí ceaptha mar bhia don duine chun a fhionnadh an raibh iarmhar d’fheiniolbútasón inti.

    B’éigean torthaí dearfacha a chur in iúl don Choimisiún ar an bpointe agus dáileadh ar fud an AE iad trí bhíthin an Chóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (RASFF).

    Baineadh torthaí amach go tapa leis an ghníomh comhordaithe seo ar fud an AE nuair a aithníodh iad siúd a bhí bainteach leis an bhiashlabhra táirgeachtaa aithníodh agus nuair a aisghaireadh na táirgía aithníodh .

    Nabearta eile ar glacadhleo :

    • bunaíodh foireann an AE um chalaois bhia laistigh de rannán an Choimisiúin atá freagrach as sláinte agus tomhaltóirí (Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí);
    • i mí na Bealtaine 2013 ghlac an Coimisiún le pacáiste tograí chun cur le forfheidhmiú chaighdeáin sláinte agus sábháilteachta do shlabhra iomlán an agraibhia. Faoi na tograí seo, i measc nithe eile, bheadh ar na Ballstáit seiceálacha frithchalaoise a chomhtháthú go hiomlán ina bpleananna náisiúnta rialaithe agus bheadh orthu a chinntiú go socrófaí pionóis airgeadais i gcás calaoise ag leibhéil athchomhairleacha;
    • tuairisc a ullmhaíodh ag an Coimisiún faoi dhlí nua an AE maidir le heolas bia do thomhaltóirí, maidir le cibé an féidir lipéadú éigeantach de réir ionaid tionscnaimh le haghaidh feola a shíneadh, feoil a úsáidtear mar chomhábhar i mbianna réamhphácáistithe, cuireadh i bhfeidhm í i mí na Nollag 2013 in ionad mhí na Nollag 2014. Tá an Coimisiún ag machnamh ar cibé an ndéanfar togra reachtach a chur síos ar chlár.

    TAGAIRTÍ

    Acht

    Teacht i bhfeidhm

    Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    Moladh 2013/99/AE

    -

    -

    IO L 48 de 21.02.2013

    Tograí

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sláinte Ainmhithe - [COM(2013)260 críochnaitheach de 6.5.2013 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar le cinntiú go gcuirtear na nithe seo a leanas i bhfeidhm: dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, folláine plandaí, ábhar atáirgthe plandaí agus táirgí um chosaint plandaí, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, 1829/2003, 1831/2003, 1/2005, 396/2005, 834/2007, 1099/2009, 1069/2009, 1107/2009, Rialacháin (AE) Uimh. 1151/2012, [….]/2013, agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE, 2008/120/CE agus 2009/128/CE (Rialachán na Rialuithe Oifigiúla) - [COM(2013)265 críochnaitheach de 6.5.2013 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

    Teachtaireacht

    Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: Ainmhithe Níos Sláintiúla, Plandaí Níos Folláine agus Slabhra Agraibhia Níos Sláintiúla - Creat nuachóirithe dlíthiúil le haghaidh AE níos iomaíche - [COM(2013)264 críochnaitheach de 6.5.2013 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

    Nuashonrú is déanaí: 05.02.2014

    Barr