Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011D0884

    Rís ghéinmhodhnaithe neamhúdaraithe i dtáirgí ríse ón tSín — bearta éigeandála

    Rís ghéinmhodhnaithe neamhúdaraithe i dtáirgí ríse ón tSín — bearta éigeandála

     

    ACHOIMRE AR:

    Cinneadh cur chun feidhme 2011/884/AE — bearta éigeandála maidir le rís ghéinmhodhnaithe i dtáirgí ríse de thionscnamh na Síne

    CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

    • Leagtar amach leis bearta éigeandála maidir le rís ghéinmhodhnaithe (GM) i dtáirgí ríse de thionscnamh na Síne nó de choinsíniú na Síne.
    • Bunaítear leis prótacal maidir le sampláil agus anailísiú coiteann d’fhonn rís ghéinmhodhnaithe a bhrath in allmhairí den sórt sin.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Réamhfhógra

    Ní mór do ghnólachtaí bia agus beatha na nithe seo a leanas:

    • réamhfhógra leordhóthanach a thabhairt maidir le cineál na coinsíneachta agus dáta agus am measta a sroichfidh sí an pointe ainmnithe iontrála go fisiceach;
    • a léiriú más bia nó bia ainmhithe atá sa táirge.

    Coinníollacha allmhairithe

    • Ní mór tuarascáil anailíseach le haghaidh gach birt agus deimhniú sláinte arna chomhlánú, arna shíniú agus arna fhíorú ag ionadaí údaraithe de chuid Riarachán na Maoirseachta Cáilíochta, na Cigireachta agus an Choraintín, Daonphoblacht na Síne a bheith ag gabháil le gach coinsíneacht.
    • Más amhlaidh nach bhfuil rís sa táirge nó nach bhfuil an táirge comhdhéanta de rís nó mura bhfuil an táirge táirgthe ó rís, féadfaidh an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht ráiteas a chur in ionad na tuarascála agus an deimhnithe ina gcuirtear é sin in iúl.
    • Ní mór gach coinsíneacht a shainaithint leis an gcód atá ar an deimhniú sláinte. Ní mór gach mála aonair nó gach pacáiste de chineál ar bith eile den choinsíneacht a bheith sainaitheanta leis an gcód sin.

    Rialuithe oifigiúla

    • Ní mór don údarás náisiúnta inniúil a áirithiú go ndéantar seiceáil ar na doiciméid a bhaineann le gach coinsíneacht lena dheimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha allmhairithe maidir le gach aon táirge den sórt sin.
    • Mura bhfuil deimhniú sláinte nó tuarascáil anailíseach ag gabháil le coinsíneacht de tháirgí ríse, ní mór an choinsíneacht a athsheoladh chuig an tír tionscnaimh nó ní mór í a scriosadh.
    • Má tá an deimhniú sláinte agus an tuarascáil anailíseach leis an gcoinsíneacht, ní mór don údarás sampláil a ghlacadh uaithi chun anailísiú a dhéanamh ar aon rís ghéinmhodhnaithe neamhúdaraithe. Má tá roinnt beart sa choinsíneacht, ní mór sampláil a ghlacadh ó gach beart agus anailísiú a dhéanamh orthu.
    • Féadfar iompar ar aghaidh na coinsíneachta a údarú nuair a gheofar na torthaí ó na seiceálacha fisiceacha. Idir an dá linn, áfach, ní mór go bhfanfadh sí faoi smacht leanúnach na n-údarás inniúil.
    • Ní cheadaítear scaoileadh i saorchúrsaíocht na gcoinsíneachtaí go dtí go soláthraítear torthaí na dtástálacha fisiceacha agus má chomhlíonann na bearta uile dlí AE.

    Tuarascálacha

    Gach 3 mhí ní mór do thíortha AE tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún Eorpach ina dtugtar mionchuntas ar thorthaí na tástálacha anailíseacha go léir a rinneadh sna 3 mhí roimhe sin. Ní foláir nó go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil:

    • líon na gcoinsíneachtaí a ndearna sampláil orthu lena n-anailísiú;
    • torthaí na seiceálacha a rinneadh;
    • líon na gcoinsíneachtaí a diúltaíodh de dheasca deimhniú sláinte nó tuarascáil anailíseach a bheith in easnamh.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

    Tá feidhm leis ón 12 Eanáir 2012.

    CÚLRA

    Le haghaidh breis faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Cinneadh Cur chun Feidhme 2011/884/AE ón gComhairle an 22 Nollaig 2011 i dtaca le bearta éigeandála maidir le rís ghéinmhodhnaithe neamhúdaraithe i dtáirgí ríse de thionscnamh na Síne agus lena leasaítear Cinneadh 2008/289/CE (IO L 343, an 23.12.2011, lgh. 140-148)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2011/884/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Cinneadh 2013/287/AE ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2013 lena leasaítear Cinneadh 2011/884/AE maidir le bearta éigeandála i dtaca le rís ghéinmhodhnaithe neamhúdaraithe i dtáirgí ríse de thionscnamh na Síne (IO L 162, 14.6.2013, lgh. 10-14)

    Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 1-23)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 18.12.2017

    Barr