Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R1185

    Staidreamh lotnaidicídí

    Staidreamh lotnaidicídí

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 — staidreamh i dtaca le lotnaidicídí

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    • Bunaítear leis rialacha agus nósanna imeachta maidir le bailiú agus scaipeadh staidrimh maidir le díol agus úsáid lotnaidicídí.
    • Leis an staidreamh sin, mar aon le sonraí ábhartha eile, beidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) in ann staidreamh mionsonraithe, comhchuibhithe agus cothrom le dáta a sholáthar maidir le díol agus úsáid lotnaidicídí, rud atá riachtanach chun reachtaíocht agus beartais an Aontais a fhorbairt agus chun faireachán a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na straitéise maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí.
    • Tá gá leo freisin chun measúnú a dhéanamh ar bheartais an Aontais maidir le forbairt inbhuanaithe agus chun táscairí ábhartha a ríomh maidir leis na rioscaí don tsláinte agus don chomhshaol a bhaineann le húsáid lotnaidicídí.
    • Ba cheart a thabhairt faoi deara go n-aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 le Rialachán (AE) 2022/2379 le héifeacht ón 1 Eanáir 2025 (féach achoimre).

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Raon feidhme

    Tá feidhm ag an staidreamh maidir le:

    • méideanna bliantúla na lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh, i gcomhréir le hIarscríbhinn I an rialacháin;
    • méideanna na lotnaidicídí a úsáideadh, i gcomhréir le hIarscríbhinn II den rialachán.

    Sonraí a bhailiú, a tharchur agus a phróiseáil

    Ní mór do na Ballstáit na sonraí is gá a bhailiú chun na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a shonrú ar bhonn bliantúil, agus i gcás na sonraí sin a liostaítear in Iarscríbhinn II i dtréimhsí 5 bliana, ar na bealaí seo a leanas:

    • suirbhéanna;
    • faisnéis maidir le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid, agus na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 á gcur san áireamh go háirithe;
    • foinsí riaracháin; nó
    • meascán de na modhanna sin, lena n-áirítear meastacháin staidrimh bunaithe ar bhreithiúnais nó samhlacha saineolaithe.

    Ní mór dóibh ansin na torthaí a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach, go háirithe Eurostat, i gcomhréir leis na sceidil agus leis an minicíocht a leagtar síos in iarscríbhinní an rialacháin. Ní mór dóibh na sonraí a chur i láthair i gcomhréir leis an aicmiú in Iarscríbhinn III agus leis an bhformáid theicniúil a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1264/2014 ón gCoimisiún.

    Ní mór d’údaráis náisiúnta agus do Eurostat aon sonraí rúnda a úsáid chun críocha staidrimh amháin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

    Measúnú cáilíochta

    Cuireann na Ballstáit tuarascálacha isteach chuig Eurostat maidir le cáilíocht na sonraí a cuireadh isteach. Déanann Eurostat measúnú freisin ar cháilíocht na sonraí.

    Bearta agus coiste cur chun feidhme

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún leis an rialachán chun reachtaíocht bhreise a ghlacadh chun críche cur chun feidhme. Déanann an Coimisiún oiriúnú rialta ar liosta na substaintí gníomhacha atá le cumhdach agus ar a n-aicmiú i gcatagóirí táirgí agus in aicmí ceimiceacha, mar atá leagtha amach ar Iarscríbhinn III an rialacháin. Faigheann an Coimisiún cúnamh agus comhairle ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, ina bhfuil saineolaithe náisiúnta.

    Tuarascáil

    Gach 5 bliana, tuairiscíonn an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le cur chun feidhme an rialacháin. Chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, déantar athbhreithniú sa tuarascáil ar na modhanna bailithe sonraí; an t-ualach ar ghnólachtaí, ar ghabháltais talmhaíochta agus ar riaracháin náisiúnta; agus a úsáidí atá an staidreamh chun cuspóirí an rialacháin a bhaint amach. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha in 2017 agus in 2021.

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1185/2009 le Rialachán (AE) 2022/2379 (féach achoimre) amhail an 1 Eanáir 2025.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá sé i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2009.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí (IO L 324, 10.12.2009, lgh. 1-22).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 315, 7.12.2022, lgh. 1-29)

    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí (COM(2021) 790 final, 14.12.2021).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 1264/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 408/2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí, a mhéid a bhaineann le formáid tarchurtha (IO L 341, 27.11.2014, lgh. 6-8).

    Rialachán (AE) Uimh. 656/2011 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí, a mhéid a bhaineann le sainmhínithe agus liosta de shubstaintí gníomhacha (IO L 180, 8.7.2011, lgh. 3-38).

    Rialachán (AE) Uimh. 408/2011 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí, a mhéid a bhaineann le formáid tarchuir (IO L 108, 28.4.2011, lgh. 21-22).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí (COM(2017) 109 final, 3.3.2017).

    Treoir 2009/128/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lgh. 71-86)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n–aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lgh. 1-50).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste na gComhphobal Eorpach um an gClár Staidrimh (IO L 87, 31.3.2009, lgh. 164-173).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 24.01.2023

    Barr