Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008L0098

Dlí AE maidir le bainistíocht dramhaíola

Dlí AE maidir le bainistíocht dramhaíola

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl agus lena n–aisghairtear Treoracha áirithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Bunaítear creat dlíthiúil le Treoir 2008/98/CE chun dramhaíl a chóireáil sanE Aontas Eorpach
  • Ceapadh an creat chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint trí bhéim a chur ar chomh tábhachtach is atá bainistíocht chuí dramhaíola, teicnící aisghabhála agus athchúrsála chun brúnna ar acmhainní a laghdú agus a n–úsáid a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Treoir 2008/98/CE

  • An treoir:
    • bunaíonn sé ordlathas dramhaíola ina bhfuil:
      • cosc;
      • ullmhú d’athúsáid;
      • athchúrsáil;
      • aisghabháil eile (e.g. aisghabháil fuinnimh); agus
      • diúscairt.
    • Dearbhaítear léi an “prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” sa chás go gcaithfidh an buntáirgeoir dramhaíola íoc as na costais a bhaineann leis an mbainistíocht dramhaíola.
    • Tugtar an coincheap freagracht leathnaithe táirgeora”isteach léi.
    • déanann idirdhealú idir dramhaíl agus fotháirgí;1;
    • Tugtar isteach léi spriocanna athchúrsála agus aisghabhála atá le baint amach faoi 2020 maidir le dramhaíl tí (50 %) agus dramhaíl tógála agus scartála (70 %).
  • Ní mór bainistíocht dramhaíola a dhéanamh gan an t–uisce, an t–aer, ithir, plandaí nó ainmhithe a chur i mbaol, gan bheith ina chúis le núis trí thorann nó trí bholadh, nó gan dochar a dhéanamh don taobh tíre nó d’áiteanna sainspéise.
  • Ní mór do tháirgeoirí agus do shealbhóirí dramhaíola í a chóireáil iad féin nó oibreoir atá aitheanta go hoifigiúil a fháil lena láimhsiú. Ní mór dóibh cead a fháil agus déantar iniúchadh orthu ar bhonn tréimhsiúil.
  • Ní mór d’údaráis inniúla náisiúnta pleananna um bainistíocht dramhaíola agus cláir um chosc dramhaíola a bhunú.
  • Baineann coinníollacha speisialta le dramhaíl ghuaiseach, , olaí dramhaíola agus bithdhramhaíl.
  • Ní chumhdaítear cineálacha áirithe dramhaíola sa treoir amhail eilimintí radaighníomhacha, pléascáin dhíchoimisiúnaithe, ábhar faecach, uiscí dramhaíola agus conablaigh ainmhithe.

Treoir Leasaitheach (AE) 2018/851

  • Mar chuid den phacáiste beart maidir leis an ngeilleagar ciorclach, leasaítear Treoir 2008/98/CE le Treoir (AE) 2018/851.
  • Leagtar amach léi na híoscheanglais oibriúcháin maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora2. D’fhéadfadh freagracht eagraíochtúil agus freagracht as cur le cosc dramhaíola agus le hath–inúsáidteacht agus in–athchúrsáilteacht táirgí a bheith i gceist leo sin chomh maith.
  • Neartaítear léi rialacha maidir le cosc dramhaíola. Maidir le giniúint dramhaíola, ní mór doBhallstáit an AE bearta a dhéanamh chun:
    • tacú le táirgeadh inbhuanaithe agus samhlacha tomhaltais;
    • dearadh, monaraíocht agus úsáid táirgí a spreagadh atá tíosach ar acmhainní, atá marthanach, inleigheasta, in–athúsáidte agus ar féidir iad a uasghrádú;
    • díriú ar tháirgí na bhfuil amhábhair chriticiúla ionas nach ndéanfar dramhaíl de na hábhair sin;
    • infhaighteacht páirteanna spártha, lámhleabhar treorach, faisnéise teicniúla, nó bealaí eile lena gcumasaítear deisiú agus ath–úsáid táirgí gan cur as dá gcáilíocht nó dá sábháilteachta a spreagadh;
    • giniúint dramhaíola bia a laghdú chun cur le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe maidir le laghdú 50% a dhéanamh ar an dramhbhia domhanda per capita ar na leibhéil mhiondíola agus tomhaltóirí agus maidir le caillteanais bhia feadh na slabhraí táirgthe agus bia a laghdú faoi 2030;
    • laghdú ábhar na substaintí guaiseacha in ábhair agus i dtáirgí a chur chun cinn;
    • deireadh a chur le giniúint bruscair mhuirí.
  • Leagtar síos léi chomh maith spriocanna úra um athchúrsáil dramhaíola cathrach: faoi 2025, ní mór 55% ar a laghad den dramhaíl chathrach de réir meáchain a athchúrsáil. Ardófar an sprioc sin go 60% faoi 2030 agus go 65% faoi 2035.
  • Tugtar samplaí de dhreasachtaí chun suntais sa treoir chomh maith maidir le hord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm, amhail muirir i leith cur i líonadh talún agus loscadh agus scéimeanna “íoc mar a chaitear”.
  • Ní mór do na Ballstáit:
    • faoin 1 Eanáir 2025, bailiúchán deighilte teicstílí agus dramhaíola guaisí a ghineann teaghlaigh a bhunú;
    • a áirithiú faoin 31 Nollaig 2023, go ndéanfar bithdhramhaíl a bhailiú ar leithligh nó a athchúrsáil ag an bhfoinse (mar shampla, trí mhuiríniú).

Treoir Leasaitheach (AE) 2025/1892

Leasaíonn Treoir (AE) 2025/1892 Treoir 2008/98/CE tuilleadh chun rialacha bainistithe dramhaíola a neartú, go háirithe maidir le dramhaíl bhia agus teicstílí. Cumhdaítear leis

  • tugtar isteach spriocanna ceangailteacha dlíthiúla chun dramhaíl bhia a laghdú faoi 2030:
    • laghdú 10 % ar dhramhaíl bia ó próiseáil agus monarú, agus
    • a laghdú 30 % in aghaidh an duine ar dhramhaíl bia ó earnáil mhiondíola, bialanna, seirbhísí bia agus teaghlaigh, sa dá chás i gcomparáid leis an meán 2021–2023;
  • Éilítear ar an gCoimisiún Eorpach na spriocanna sin a athbhreithniú faoin 31 Nollaig 2027, agus féadfar spriocanna breise a leagan síos do 2035;
  • tugtar isteach EPR do theicstílí agus coisbhirt, rud a dhéanann na táirgeoirí freagrach as na costais a chumhdach a bhaineann le bailiú, sórtáil, ullmhú le haghaidh athúsáide, athchúrsáil, feachtais eolais, tuairisciú sonraí agus tacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt;
  • ceanglaítear ar na Ballstáit EPR a bhunú do theicstílí agus do choisbheart roimh an 17 Aibreán 2028 (agus micrifhiontair á gclúdach ó 17 Aibreán 2029);
  • léirítear go meastar gur dramhaíl iad teicstílí agus coisbheart a bhailítear ar leithligh a luaithe a bhailítear iad;
  • sonraítear go bhfuil teicstílí agus coisbheart úsáidte a measadh go díreach agus go gairmiúil a bheith oiriúnach lena n-athúsáid ag an bpointe bailithe nach meastar, ag an oibreoir athúsáide nó ag eintitis den gheilleagar sóisialta, gur dramhaíl iad;
  • cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go dtuairisceoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí go bliantúil do na húdaráis inniúla, agus ceanglaítear ar an gCoimisiún Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1004 agus (AE) 2021/19 a leasú chun sceidil thuairiscithe choiteanna agus formáidí sonraí comhchuibhithe a shocrú do na tuarascálacha sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

  • B’éigean Treoir 2008/98/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 12 Nollaig 2010.
  • B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2018/851 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 5 Iúil 2020.
  • B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2025/1892 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 17 Iúil 2027.

CÚLRA

  • Ba ghnách le giniúint dramhaíola a bheith ina seachtháirge dosheachanta agus mí-ámharach a bhain le gníomhaíocht agus fás eacnamaíoch. Le teicneolaíocht chomhaimseartha agus bainistíocht chúramach, is féidir an nasc féiltiúil sin a bhriseadh.
  • Tá an leasú is déanaí seo mar chuid d’iarrachtaí an Aontais faoi plean gníomhaíochta an gheilleagair chiorclaigh agus faoi an gComhaontú Glas don Eoraip (féach achoimre) chun dramhaíl bia a laghdú agus slabhraí luacha teicstíle ciorclacha a chur chun cinn.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Seachtháirge. Substaint nó ní a bhíonn mar thoradh ar phróiseas táirgthe nach é táirgeadh na substainte nó an ní sin an phríomhaidhm leis. Leagtar síos coinníollacha sa treoir faoina meastar nach ionann substaint nó ní dá leithéid agus dramhaíl.
  2. scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Sraith beart a dhéanann na Ballstáit lena áirithiú go nglacfaidh táirgeoirí táirgí an fhreagracht airgeadais nó an fhreagracht airgeadais agus eagraíochtúil as céim dhramhaíola saolré táirge a bhainistiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/98/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl agus lena n–aisghairtear treoracha áirithe (IO L 312,, lgh. 3–30).

Nuashonraithe

Barr