EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007D0198

Comhghnóthas AE um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E)

Comhghnóthas AE um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2007/198/Euratom lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a fhorbairt agus lena dtugtar buntáistí dó

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Le Cinneadh 2007/198/Euratom bunaítear Fuinneamh Comhleá (F4E), comhghnóthas de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) atá freagrach, go sonrach, as ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh leis an tionscadal ITER, turgnamh idirnáisiúnta ar mhórscála a cuireadh ar bun chun inmharthanacht an fhuinnimh comhleá mar fhoinse fuinnimh nua a chruthú.
  • In 2021, áiríodh le Cinneadh leasaitheach (Euratom) 2021/281 go leanfaí le maoiniú Eorpach thionscadal ITER le linn chreat airgeadais ilbhliantúil 2021–2027.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóirí

Is iad sin:

Chomh maith lena ghníomhaíochtaí eile, is iad seo a leanas príomhchúraimí F4E:

  • acmhainní ábhartha, airgeadais agus daonna a sholáthar don eagraíocht ITER;
  • gníomhaíochtaí taighde agus forbartha eolaíocha agus teicneolaíocha i réimse an chomhleá a chomhordú;
  • gníomhú mar chomhéadan leis an eagraíocht ITER.

Buiséad

Tá ranníocaíocht Euratom le F4E don tréimhse 2021-2027 socraithe ag €5,614 milliún.

Struchtúr

Tá pearsantacht dhlítheanach ag F4E agus is é seo a leanas an struchtúr atá air.

Dliteanas agus dlínse

  • Tá dliteanas conartha F4E á rialú ag an gconradh atá i gceist agus ag an dlí a bhaineann leis.
  • Tá dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne agus in achomhairc a dhéantar i gcoinne F4E.

Measúnú agus cumarsáid

  • Ceanglaítear le Cinneadh leasaitheach (Euratom) 2021/281 go ndéanfar measúnuithe rialta, tráthúla maidir lena chur chun feidhme a ionchur sa phróiseas cinnteoireachta. Nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach faoin gcur chun feidhme sa tréimhse 2021–2027 ar fáil, ní mór don Choimisiún Eorpach measúnú eatramhach a dhéanamh faoi 2024 ar a dhéanaí agus a chonclúidí a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.
  • Ceanglaítear ar fhaighteoirí mhaoiniú an Comhphobail tionscnamh na gcistí sin a admháil agus infheictheacht an mhaoinithe a áirithiú, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn acu, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá soiléir, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do spriocphobail iomadúla, lena n–áirítear do na meáin agus don phobal.
  • Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gcinneadh seo a chur chun feidhme chomh maith, lena n–áirítear maidir leis na torthaí a gheofar.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 19 Aibreán 2007.

CÚLRA

  • Tá taighde Eorpach ar fhuinneamh comhleá á dhéanamh le breis agus 40 bliain. Chuir an tionscadal tóras Eorpach comhpháirteach, a bunaíodh in 1978, leis an ardtaighde i réimse an fhuinnimh comhleá le roinnt blianta. Ó lár na 1980í, léirigh forbairt an tionscadail ITER céim nua i réimse an chomhleá, agus níos mó agus níos mó comhpháirtithe idirnáisiúnta ag glacadh páirt sa tionscadal le himeacht ama. Cuireadh tús le hobair dheartha choincheapúil in 1988, agus faomhadh an dearadh deiridh don tsaoráid ITER in 2001. Ghlac sé go leor ama suíomh a roghnú le haghaidh an ITER. Tá tógáil choimpléasc an ITER, ag Cadarache i ndeisceart na Fraince, á cur i gcrích faoi láthair agus cuireadh tús le cóimeáil an tokamak* in 2020.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tokamak. Feiste ar chruth fáinne, ar a dtugtar tóras freisin, chun comhleá núicléach rialaithe a tháirgeadh a bhaineann le plasma gásach a chúngú agus a théamh trí shruth leictreach agus trí réimse maighnéadach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a fhorbairt agus lena dtugtar buntáistí dó (IO L 90, 30.3.2007, lgh. 58–72).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2007/198/Euratom a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 16.12.2021

Barr