EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32006R1921

Staidreamh ar ghabhálacha iascaigh

Staidreamh ar ghabhálacha iascaigh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1921/2006 — rialacha maidir le tíolacadh córasach shonraí staidrimh AE i ndáil le táirgí iascaigh a chuirtear i dtír

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis modh aonfhoirmeach, ar fud na hEorpa a áirithiú chun sonraí staidrimh a thiomsú maidir le táirgí iascaigh a thugtar i dtír ar chríocha náisiúnta. Uirlis thábhachtach is ea an staidreamh den chomhbheartas iascaigh inar leagadh síos teorainneacha gabhála atá deartha le bheith inbhuanaithe agus chun a áirithiú go ndéanfar stoic éisc a chothú go fadtéarmach.

Aisghairtear leis Rialachán (CEE) Uimh. 1382/91.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Gach bliain, ní mór do gach tír AE sonraí a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach (Eurostat) maidir le táirgí arna dtabhairt i dtír ag soithí atá cláraithe (nó a bhfuil an bhratach ar foluain acu) i dtír AE nó CSTE.
  • Cumhdaítear gabhálacha iomlána maidir leis an gcríoch náisiúnta laistigh de AE sna sonraí.
  • Baineann na sonraí le líon iomlán agus luachanna aonaid* na dtáirgí iascaigh a thugtar i dtír sa bhliain féilire.
  • Tá an fhormáid, na hathróga agus na cóid chun na sonraí a chur isteach leagtha amach sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an rialachán.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón Dé hAoine 19 Eanáir 2007.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Luach aonaid: luach dhíol na dtáirgí iascaigh arna roinnt ar an líon nó, i gcás táirgí iascaigh nach ndíoltar láithreach, an meánphraghas in aghaidh an tonna, a mheastar ag baint úsáid as modh iomchuí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1921/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le tíolacadh sonraí staidrimh i ndáil le táirgí iascaigh a chuirtear i dtír i mBallstáit agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1382/91 ón gComhairle (IO L 403, 30.12.2006, lgh. 1-8)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1921/2006 a ionchorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22-61)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle an 31 Iúil 1972 lena mbunaítear Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta (IO L 179, 7.8.1972, lch. 1)

Nuashonraithe 15.05.2018

Barr