Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32006L0111

    Trédhearcacht caidrimh airgeadais idir údaráis phoiblí agus gnóthais phoiblí

    Trédhearcacht caidrimh airgeadais idir údaráis phoiblí agus gnóthais phoiblí

     

    ACHOIMRE AR:

    Treoir 2006/111/CE — cuntasaíocht shoiléir i leith cuideachtaí faoi úinéireacht stáit

    CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

    Tá sé ina aidhm léi trédhearcacht a áirithiú sa chaidreamh airgeadais idir tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus cuideachtaí faoi úinéireacht stáit lena áirithiú go mbeidh iomaíocht chóir i réim le cuideachtaí príobháideacha agus nach ndéanfar leithcheal orthu.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Go sonrach, ceanglaítear ar thíortha AE trédhearcacht a áirithiú i dtaobh aon chistí poiblí a chuirfear ar fáil do chuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus i dtaobh a n–úsáide, agus a áirithiú go leagfar amach go soiléir costais agus ioncam na gcuideachtaí sin i gcuntais ar leithligh.
    • I measc na gcineálacha caidrimh airgeadais a thagann faoin treoir tá soláthar caipitil, deontas nó iasachtaí ar théarmaí faoi phribhléid agus fritháireamh caillteanas* oibriúcháin.
    • Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcoinneofar ar leithligh cuntais inmheánacha na gcuideachtaí lena mbaineann i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí éagsúla, agus go leagfar amach go cuí na costais agus an t–ioncam go léir de réir prionsabail chuí cuntasaíochta costála.
    • Déantar cineálacha áirithe caidrimh airgeadais a eisiamh ón treoir, mar shampla, idir tíortha AE agus bainc cheannais, nó caidreamh airgeadais le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit maidir le soláthar seirbhísí nach dócha go mbeadh tionchar suntasach acu ar an trádáil idir tíortha AE.
    • Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis airgeadais chuí ar fáil donChoimisiún Eorpach ar feadh tréimhse suas le 5 bliana tar éis na cistí poiblí a chur ar fáil don chuideachta. Ní fhéadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a nochtadh atá cumhdaithe faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla, áfach.
    • Maidir le hearnáil na déantúsaíochta, ní mór an fhaisnéis sin a sholáthar don Choimisiún ar bhonn bliantúil agus ba chóir go n–áireofaí léi an tuarascáil bhliantúil agus na cuntais bhliantúla.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

    Tá feidhm léi ón 20 Nollaig 2006. Le Treoir 2006/111/CE códaítear Treoir 80/723/CEE agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus gabhann sí in ionad na Treorach sin. B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir 80/723/CEE i dtíortha AE faoi 1981.

    CÚLRA

    Chun tuileadh faisnéise a fháil, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Fritháireamh caillteanas: téarma cuntasaíochta a chiallaíonn, i gcás caillteanas a thaifeadadh, go ndéantar é a fhritháireamh i gcoinne mír bhrabúsach chun a éifeacht a chur ar ceal.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (Leagan códaithe) (IO L 318, 17.11.2006, lgh. 17-25)

    Nuashonraithe 24.05.2019

    Barr