Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32003R0782

    An fharraige agus an biashlabhra a chosaint ar éifeachtaí comhdhúile orgánastáin

    An fharraige agus an biashlabhra a chosaint ar éifeachtaí comhdhúile orgánastáin

    Is féidir an timpeallacht mhuirí agus sláinte an duine a chosaint ach cosc a chur ar úsáid comhdhúile áirithe ceimiceacha ar longa agus ar eangacha.

    GNÍOMH

    Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le comhdhúile orgánastáin a chosc ar longa

    ACHOIMRE

    Is féidir an timpeallacht mhuirí agus sláinte an duine a chosaint ach cosc a chur ar úsáid comhdhúile áirithe ceimiceacha ar longa agus ar eangacha.

    CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?

    Faoin rialachán seo, ionchorpraítear rialacha an Choinbhinsiúin ar Chórais Frithsmálaithe (AFS)* de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) i ndlí an Aontais Eorpaigh (AE). Féachtar leis an rialachán úsáid chomhdhúile orgánastáin a chosc ar na longa a thugann cuairt ar chalafoirt AE, chun éifeachtaí díobhálacha na dtáirgí sin a laghdú nó a dhíothú.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Cad iad comhdhúile orgánastáin?

    Is iad comhdhúile orgánastáin ná ceimiceáin ó na péinteanna frithsmálaithe a úsáidtear ar chabhlacha báid agus ar eangacha. Gníomhaíonn na brataithe dromchla sin mar bhithicídí, a ceapadh chun cosc a chur ar algaí, ar mhoilisc agus ar orgánaigh eile greamú d’árthaí, rud a mhoillíonn a luas.

    Cad iad éifeachtaí na gcomhdhúile orgánastáin?

    Tá siad an-tocsaineach don bheatha mhuirí (larbhaí, diúilicíní, oisrí agus éisc) agus, mar sin, tá cosc curtha orthu in a lán tíortha AE.

    Cuirtear an rialachán i bhfeidhm ar:

    • longa a bhfuil bratach de thír AE ar foluain acu;
    • longa nach bhfuil bratach de thír AE ar foluain acu ach atá ag oibriú faoi údarás tíre den Aontas Eorpach;
    • agus ar longa a thugann cuairt ar chalafort de thír AE, nach gcuimsítear iad faoin dá phointe thuas.

    Ní chuirtear an rialachán i bhfeidhm ar longa cogaidh, ar longa cúnta cabhlaigh ná ar longa ar le stát iad, cibé an cuid nó nach cuid den Aontas Eorpach iad, agus a úsáidtear chun críocha rialtais.

    Cuirtear na srianta seo i bhfeidhm faoin rialachán:

    • ón 1 Iúil 2003 ar aghaidh, ní féidir comhdhúile orgánastáin, a ghníomhaíonn mar bhithicídí i gcórais frithsmálaithe, a úsáid a thuilleadh ar longa a bhfuil bratach de thír AE ar foluain acu;
    • ón 1 Eanáir 2008ar aghaidh,ní ceadmhach bratú comhdhúile orgánastáin, a ghníomhaíonn mar bhithicídí, a bheith ar na longa a thugann cuairt ar chalafort de thír AE ná brat eile a chuireann cosc ar chomhdhúile orgánastáin teacht amach as an mbunbhrat neamhchomhlíonta frithsmálaithe.

    Suirbhé agus deimhniú

    Faoin rialachán seo, cuirtear córas suirbhé agus deimhnithe ar bun le haghaidh long a bhfuil bratach de thír AE ar foluain acu. Ní mór:

    • suirbhé a dhéanamh ar na longa a bhfuil olltonnáiste 400 nó níos mó orthu agus ní mór iad a dheimhniú, beag beann ar a dturas;
    • dearbhú comhlíonta a thaispeánann go gcloítear leis an rialachán nó le Coinbhinsiún AFS a bheith i seilbh ag longa atá 24 mhéadar nó níos mó ar fhad, ach a bhfuil olltonnáiste de níos lú ná 400 orthu.
    • Ní mheastar go mbeidh suirbhé ná deimhniú de dhíth ar longa atá níos lú ná 24 mhéadar ar fhad, .i. báid áineasa agus báid iascaireachta den chuid is mó.

    Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 536/2008 ón gCoimisiún, lena leasaítear an rialachán bunaidh, gur gá do na longa a bhfuil bratach de thír neamh-AE ar foluain acu cloí leis na srianta. Ní mór:

    • Deimhniú Idirnáisiúnta um an Córas Frithsmálaithe a bheith ag na longa a bhfuil bratach de Stát atá páirteach sa Choinbhinsiún AFS ar foluain acu,chun a thaispeáint go bhfuil an rialachán á chomhlíonadh acu ;
    • deimhniú comhlíonta a bheith i seilbh ag na longa a bhfuil bratach de stát nach bhfuil páirteach sa Choinbhinsiún AFS ar foluain acu; deimhniú a d’eisigh an bratstát i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún AFS agus leis an gCoiste chun an Mhuirthimpeallacht a Chosaint de chuid an IMO.

    EOCHAIRFHOCAIL

    * An Córas Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe ar Longa a Rialú : comhaontú a chuireann cosc ar orgánastáin dhíobhálacha sna péinteanna a úsáidtear ar longa agus a chruthaíonn sásra chun cosc a chur ar shubstaintí díobhálacha eile a úsáid i córais frithsmálaithe amach anseo.

    Féach Córais Frithsmálaithe ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí chun tuilleadh faisnéise a fháil.

    TAGAIRTÍ

    Gníomh

    Teacht i bhfeidhm

    Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    Rialachán (CE) Uimh. 782/2003

    10.5.2003

    -

    IO L 115, 9.5.2003, lgh. 1-11

    Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

    Teacht i bhfeidhm

    Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

    Iris Oifigiúil

    Rialachán (CE) Uimh. 536/2008

    4.7.2008

    -

    IO L 156, 14.6.2008, lgh. 10-11

    Rialachán (CE) Uimh. 219/2009

    20.4.2009

    -

    IO L 87, 31.3.2009, lgh. 109-154

    Nuashonraithe 25.08.2015

    Barr