This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32001L0086
An Reacht um Chuideachta Eorpach
Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 maidir leis an Reacht um Chuideachta Eorpach
Rialachán (CE) Umh. 2157/2001
Cur i bhfeidhm comhcheangailte an rialacháin SE agus an dlí náisiúnta
Rialaítear SE lena oifig chláraithe i dtír AE:
Na rialacha a bhaineann le SE a bhunú
Bunaítear SE le dhá chuideachta ar a laghad a thagann as tíortha LEE éagsúla, rud a chiallaíonn nach féidir é a chruthú ach amháin ó bhonn atá ann cheana féin. Caithfidh íoschaipiteal de luach €120,000 a bheith aige, agus is féidir é a chruthú sna bealaí seo a leanas.
Cineál comhdhéanaimh |
Cineál cuideachta |
Critéir a bheidh le comhlíonadh |
Cumasc (chun SE a bhunú) |
Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta |
Caithfidh 2 cheann ar a laghad de na cuideachtaí teacht as tíortha éagsúla LEE |
Cuideachta sealbhaíochta Eorpach a bhunú |
Cuideachtaí poiblí nó príobháideacha faoi dhliteanas teoranta |
Caithfidh 2 chuideachta ar a laghad teacht as tíortha éagsúla LEE, nó caithfidh fochuideachta nó brainse a bheith acu i dtír eile AE ar feadh 2 bhliain ar a laghad |
Fochuideachta Eorpach a bhunú |
Cuideachtaí, gnólachtaí nó eintitis dhlíthiúla eile |
Caithfidh 2 cheann ar a laghad de na heintiteas teacht as tíortha éagsúla LEE, nó caithfidh fochuideachta nó brainse bheith acu i dtír AE eile ar feadh 2 bhliain ar a laghad |
Tiontú |
Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta |
Caithfidh fochuideachta bheith ag an gcuideachta i dtír eile LEE ar feadh 2 bhliain ar a laghad |
Maidir le SE:
Foilsítear clárú agus cur i gcrích leachtú SE chun críche faisnéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Dhá struchtúr eagraíochta fhéideartha
Féadfaidh reachtanna an SE a bheith bainteach le 2 chóras eagrúcháin éagsúla:
Easpa comhchuibhiú cánach
Gearrtar cánacha agus muirir ar SEnna i ngach tír LEE i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme sna tíortha úd.
Tugtar isteach le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/699 díolúine shealadach ó na rialacha lena rialaítear SEnna (agus Comharchumainn Eorpacha (SCEnna), a cruthaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003). Óir gur deacair do SEnna agus SCEnna leis na bearta gaibhniúcháin agus scartha shóisialta i dtaca le COVID-19 a gcuid cruinnithe ginearálta a eagrú laistigh de 6 mhí ó dheireadh a mbliana airgeadais, mar a cheanglaítear faoin dlí; ceadaítear do SEnna agus SCEnna leis an mbeart sealadach seo a gcruinnithe ginearálta a thionól laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais, ach gan bheith níos déanaí ná an 31 Nollaig 2020.
Treoir 2001/86/CE
Rannpháirtíocht fostaithe sa SE
Le haghaidh breise faisnéise, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 i ndáil leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE) (IO L 294, 10.11.2001, lgh. 1-21)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht um Chuideachta Eorpach i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 294, 10.11.2001, lgh. 22-32)
Rialachán (AE) 2020/699 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le bearta sealadacha a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SEnna) agus Comharchumann Eorpach (SCEnna) (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 25-26)
Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 i ndáil leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) (IO L 207, 18.8.2003, lgh. 1-24)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2003/72/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena bhforlíontar an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 207, 18.8.2003, lgh. 25-36)
Nuashonraithe 28.09.2020