An Coinbhinsiún maidir leis an Danóib a chosaint
ACHOIMRE AR:
An Coinbhinsiún maidir le Comhoibriú um Chosaint agus um Úsáid Inbhuanaithe na Danóibe
Cinneadh 97/825/CE maidir leis an gcoinbhinsiún maidir le comhoibriú um chosaint agus um úsáid inbhuanaithe na Danóibe
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?
- Tá sé mar aidhm leis an gcoinbhinsiún comhoibriú maidir le bainistíocht uisce trasteorann in Abhantrach na Danóibe a áirithiú agus, ag déanamh amhlaidh, a áirithiú go ndéanfar uiscí dromchla agus screamhuisce laistigh den abhantrach a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe agus cothrom.
- Leis an gcinneadh faomhtar an coinbhinsiún thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuspóirí
Tá roinnt cuspóirí leis an gcoinbhinsiún:
- bainistíocht uisce inbhuanaithe agus cothrom a bhaint amach, lena n–áirítear — a mhéid is féidir — caomhnú, feabhsú agus úsáid réasúnach uiscí dromchla agus screamhuisce sa dobharcheantar;
- na guaiseacha a thagann as timpistí a bhaineann le substaintí atá guaiseach d’uisce, tuilte agus guaiseacha oighir na habhann a rialú;
- ualaí truaillithe na Mara Duibhe ó fhoinsí sa dobharcheantar a laghdú.
Comhoibriú
- Aontaíonn na páirtithe oibriú i gcomhar ar shaincheisteanna bunúsacha bainistíochta uisce agus bearta a dhéanamh chun:
- dálaí reatha comhshaoil agus cáilíochta uisce na habhann agus na n–uiscí ina dobharcheantar a choimeád agus a fheabhsú,
- tionchair dhíobhálacha agus athruithe atá ag tarlú nó ar dóigh go dtarlóidh siad, a chosc agus a laghdú, a mhéid is féidir.
- Ní mór do na páirtithe tosaíochtaí a leagan síos agus bearta ar leibhéal intíre agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a neartú, a chomhchuibhiú agus a chomhordú.
- Bunaítear leis an gcoinbhinsiún an prionsabal “íoc mar a thruaillítear” agus prionsabal an “réamhchúraim” mar bhunús chun an abhainn agus na ceantair máguaird a chosaint.
- Leagtar amach sa choinbhinsiún rialacha maidir le comhar iltaobhach i roinnt réimsí, lena n–áirítear:
- tionchar trasteorann a chosc, a rialú agus a laghdú;
- bearta sainiúla um chosaint foinsí uisce;
- teorainneacha astaíochtaí.
Raon feidhme
Baineann an coinbhinsiún le dobharcheantar na Danóibe mar a shainítear sa choinbhinsiún. Baineann sé go sonrach le gníomhaíochtaí beartaithe agus bearta leanúnacha áirithe is cúis le, nó ar dóigh go mbeadh siad ina gcúis le, tionchair trasteorann:
- scaoileadh fuíolluisce, ionchur cothaitheach agus substaintí guaiseacha, agus scaoileadh teasa;
- gníomhaíochtaí agus bearta beartaithe in obair bhonneagair uisce;
- gníomhaíochtaí beartaithe eile agus bearta maidir le húsáid uisce, amhail úsáid cumhachta uisce agus aistriú agus astarraingt uisce;
- oibriú an bhonneagair hidriteicniúil atá ann cheana amhail taiscumair agus gléasraí cumhachta uisce, agus bearta chun tionchar comhshaoil a chosc agus éiceachórais a chosaint;
- láimhseáil substaintí atá guaiseach d’uisce agus cosc réamhchúraim ar thimpistí.
Tá feidhm ag an gcoinbhinsiún le saincheisteanna iascaigh agus loingseoireachta intíre i gcomhthéacs truailliú a tharlaíonn de bharr gníomhaíochtaí dá leithéid.
Coimisiún Idirnáisiúnta um Chosaint na Danóibe (ICPDR)
Bunaítear leis an gcoinbhinsiún an ICPDR lena chuid aidhmeanna agus rialacha a chur chun feidhme.
Éascaíonn an ICPDR comhoibriú sna cásanna seo a leanas chomh maith:
- idir tíortha Abhantrach na Danóibe agus réigiún na Mara Duibhe ina bhfuil comhordú ag teastáil;
- le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile;
- ar dhúshláin bhainistíochta uisce eile agus cinn nua.
Tá comhaltaí an ICPDR, lena n–áirítear tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, tiomanta do Chreat–treoir Uisce AE — Treoir 2000/60/CE (féach an achoimre) a chur chun feidhme.
DÁTA TEACHT I BHFEIDHM
Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm ar an 22 Deireadh Fómhair 1998.
CÚLRA
- Uisce (An Coimisiún Eorpach).
PRÍOMHDHOICIMÉID
Coinbhinsiún maidir le comhoibriú um chosaint agus um úsáid inbhuanaithe na Danóibe (Coinbhinsiún maidir leis an Danóib a chosaint) (IO L 342, 12.12.1997, lgh. 19–43).
Cinneadh 97/825/CE ón gComhairle an 24 Samhain 1997 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le comhoibriú um chosaint agus um úsáid inbhuanaithe na Danóibe (IO L 342, 12.12.1997, lch. 18).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce (IO L 327, 22.12.2000, lgh 1–73).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2000/60/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 20.10.2021