Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 31996L0009

Cosaint dlí: bunachair shonraí

Cosaint dlí: bunachair shonraí

ACHOIMRE AR:

Treoir 96/9/CE maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Féachtar leis an treoir cosaint dhlíthiúil a sholáthar maidir le bunachair shonraí1 lena mbaineann dhá ghné:

  • cosaint cóipchirt maidir leis an gcruthú intleachtúil a bhaineann le roghnú agus eagrú ábhair;
  • sui generis2 cosaint maidir le hinfheistíocht shuntasach (airgeadais agus i dtéarmaí acmhainní daonna, iarrachtaí agus fuinnimh) i ndáil le hábhair bhunachair shonraí a fháil, a fhíorú nó a chur i láthair.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Maidir leis an treoir:

  • baineann sí le bunachair shonraí, beag beann ar a bhfoirm (e.g. leictreonach (ar líne) nó neamh-leictreonach (seachlíne));
  • ní bhaineann sí leis na bogearraí a úsáidtear chun an bunachar sonraí a dhéanamh nó a oibriú nó leis na saothair agus na hábhair atá iontu.

Ní dhéantar difear léi do na rialacha dlí ina gcuimsítear go sonrach paitinní, trádmharcanna, dearaí agus samhlacha nó iomaíocht éagórach.

Cóipcheart

  • Cosnófar bunachar sonraí faoi chóipcheart más ionann roghnú nó eagrú a n–ábhar agus cruthú intleachtúil an chruthaitheora féin.
  • Tá grúpa de chearta eisiacha ag cruthaitheoir bunachair shonraí (gníomhartha srianta), e.g. atáirgeadh, athrú, dáileadh, etc.
  • Féadfaidh úsáideoir dlisteanach bunachair shonraí na gníomhartha srianta a dhéanamh atá riachtanach chun an bunachar sonraí a úsáid, faoi réir srianta áirithe.
  • Meastar eisceachtaí eile freisin (e.g. léaráid le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíoch).

Cearta sui generis

  • De bhreis ar na socruithe cóipchirt, leagtar síos leis an treoir sraith de shocruithe sui generis ionas go bhféadfaidh cruthaitheoir bunachair shonraí cosc a chur ar bhaint amach neamhúdaraithe agus/nó athúsáid na n–ábhar atá ann.
  • Is cearta eacnamaíocha iad cearta sui generis agus dá bhrí sin is féidir iad a aistriú, a shannadh nó a dheonú faoi cheadúnas conartha.
  • Féadfaidh úsáideoirí dlíthiúla codanna neamhshubstaintiúla d’ábhair bunachair shonraí a bhaint amach as agus a athúsáid, gan údarú. Mar sin féin, ní fhéadfaidh siad gníomhartha a dhéanamh lena ndéantar díobháil neamhréasúnach do leasanna dlisteanacha chruthaitheoir an bhunachair shonraí nó don duine a sholáthraíonn na saothair nó na seirbhísí atá ann.
  • Beartaítear eisceachtaí eile chomh maith (e.g. léaráid le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíoch).
  • Síneann an ceart chun cosc a chur ar bhaint amach neamhúdaraithe agus/nó athúsáid ábhar bunachair shonraí go ceann tréimhse 15 bliana le héifeacht ón dáta a cuireadh cruthú an bhunachair shonraí i gcrích.
  • Deonaítear cosaint i gcoinne baint amach nó athúsáid neamhúdaraithe bunachar sonraí ar saoránach den Aontas é a chruthaitheoir nó, ar cuideachta nó gnó é/í a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe, riarachán lárnach nó a p(h)ríomháit ghnó in AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .

CÚLRA

Rinneadh dhá mheasúnú ar an treoir, ceann amháin in 2005 agus ceann eile in 2018.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Bunachar sonraí: bailiúchán de shaothair neamhspleácha, de shonraí nó d’ábhair eile arna eagrú ar bhealach córasach nó modheolaíoch agus ar féidir iad a rochtain ceann ar cheann ar bhealach leictreonach nó ar bhealach eile.
  2. Ceart sui generis: ceart maoine, cosúil le cóipcheart ach ní hionann agus cóipcheart é. Tá sé ann chun aitheantas a thabhairt don infheistíocht shuntasach atá déanta maidir le fáil, fíorú nó cur i láthair ábhar bunachar sonraí, fiú nuair nach mbaineann an ghné chruthaitheach a léirítear le cóipcheart leis sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, , lgh. 20-28)

nuashonrú is deireanaí

Barr