Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 31993L0109

    Ceart vótála agus incháilitheacht i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa

    Ceart vótála agus incháilitheacht i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa

     

    ACHOIMRE AR:

    Treoir 93/109/CE — mionsonraithe maidir leis an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú i gcomhair shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu i dtír AE seachas a dtír AE féin

    CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

    Leagtar síos inti socruithe mionsonraithe faoinar féidir le saoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu i dtír AE nach náisiúnaigh den tír sin iad a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa (PE) sa tír sin a fheidhmiú.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Ceanglais atá le comhlíonadh

    Sainítear sa treoir na ceanglais atá le comhlíonadh ag náisiúnach thír eile AE chun vóta a chaitheamh nó chun seasamh mar iarrthóir ina thír/tír chónaithe. Ní mór don duine:

    • a bheith ina shaoránach/saoránach AE;
    • a bheith ina chónaí/cónaí i dtír AE a bhfuil sé beartaithe aige/aici vótáil inti nó seasamh mar iarrthóir inti;
    • na coinníollacha céanna le náisiúnach den tír AE sin ar mian leis/léi vóta a chaitheamh nó seasamh mar iarrthóir a chomhlíonadh (prionsabal an chomhionannais idir vótálaithe ar náisiúnaigh iad agus vótálaithe nach náisiúnaigh iad).

    Nósanna imeachta maidir le hiarratais chun seasamh mar iarrthóir a chur isteach

    Leasaíodh an treoir in 2013 chun na nósanna imeachta maidir le hiarratais iarrthóirí a chur isteach a shimpliú i gcás go bhfuil siad ina gcónaí i dtír AE nach náisiúnaigh den tír sin iad. Roimhe sin, b’éigean do shaoránaigh AE sa chás sin deimhniú a sholáthar óna dtír shaoránachta ag sonrú nach raibh siad dícháilithe ó sheasamh i dtoghcháin PE sa tír sin. Ó 2014 i leith, nuair a chuireann saoránaigh AE a n–iarratas isteach chun seasamh i dtoghcháin, féadfaidh siad dearbhú a sholáthar in ionad deimhnithe. Ní mór d’údaráis na tíre AE ina bhfuil siad ina gcónaí idirchaidreamh a dhéanamh leis an tír náisiúntachta chun bailíochtú an dearbhaithe a fhíorú. Chun cumarsáid éifeachtach a áirithiú, ní mór do gach tír AE pointe teagmhála amháin a ainmniú a bheidh freagrach as an bhfógra maidir le faisnéis i ndáil leis na hiarrthóirí sin.

    An ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú

    Féadfaidh saoránaigh AE a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir sa tír chónaithe AE ina dtír dhúchais a fheidhmiú. Ní ceadmhach ach vóta amháin a chaitheamh nó seasamh mar iarrthóir i mbreis is tír amháin an AE ag an toghchán céanna.

    Clárú ar an rolla toghthóirí

    Ní chuirfear vótálaithe ar rolla toghthóirí a dtíre cónaithe ach amháin má iarrann siad amhlaidh roimh ré. I dtíortha AE i gcás go bhfuil sé d’oibleagáid de réir dlí ar náisiúnaigh vóta a chaitheamh, beidh vótálaithe nach náisiúnaigh iad a iarrann go gcuirfear ar an rolla toghthóirí iad faoi réir na n–oibleagáid céanna.

    D’fhonn go gcuirfear a n–ainmneacha ar an rolla toghthóirí, ní mór do vótálaithe nach náisiúnaigh iad na doiciméid chéanna le vótálaithe ar náisiúnaigh iad a sholáthar. Lena chois sin, ní mór dóibh tuilleadh faisnéise a chur ar fáil i bhfoirm dearbhaithe fhoirmiúil.

    Leigheasanna dlíthiúla

    Ní foláir nó go mbeidh na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil do náisiúnaigh ar fáil chomh maith do neamhnáisiúnaigh ar diúltaíodh iad a chur ar an rolla toghthóirí nó ar diúltaíodh a n–iarratas chun seasamh mar iarrthóir.

    Rialacha náisiúnta maidir le náisiúnaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá gcríoch féin

    Ní bheidh éifeacht ag aon rud i dTreoir 93/109/CE ar rialacha thír AE maidir le ceart a náisiúnach a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dá gcríoch toghthóirí chun vótála nó chun seasamh mar iarrthóir.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

    Tá feidhm leis an treoir ón 30 Nollaig 1993. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Feabhra 1994.

    AN CÚLRA

    Le haghaidh breis faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart chun vótáil agus seasamh mar iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i gcomhair shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh ann iad (IO L 329, 30.12.1993, lgh. 34-38)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 93/109/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

    Nuashonraithe 15.12.2017

    Barr