EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 31992L0091

Sláinte agus sábháilteacht na n–oibrithe sna tionscail a bhaineann le heastóscadh mianraí

Sláinte agus sábháilteacht na n–oibrithe sna tionscail a bhaineann le heastóscadh mianraí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/91/CEE — íoscheanglais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte sna tionscail asbhainte mianraí trí dhruileáil a fheabhsú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm leis na híoscheanglais a leagan síos maidir le sláinte agus sábháilteacht na ndaoine atá ag obair a chosaint — ar an tír mhór agus amach ón gcósta — sna tionscail a bhaineann le heastóscadh mianraí trí dhruileáil*.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do gach ionad oibre a úsáidtear le haghaidh taiscéalaíocht agus eastóscadh mianraí trí dhruileáil na ceanglais íosta sláinte agus sábháilteachta atá liostaithe sa treoir agus san iarscríbhinn a ghabhann léi a shásamh, ag cur san áireamh gnéithe an ionaid oibre, an ghníomhaíocht, na himthosca nó riosca ar leith.

Oibleagáidí ginearálta an fhostóra

Éilítear ar fhostóirí:

  • cúinsí sábháilteachta a chur i bhfeidhm ar ionaid oibre díreach ón gcéim dearaidh;
  • a áirithiú go bhfuil maoirseoir i gceannas;
  • obair a bhfuil riosca speisialta ag baint léi a chur ar iontaoibh ball foirne atá cáilithe go cuí, agus dóibh siúd amháin;
  • a áirithiú go bhfuil na treoracha sábháilteachta intuigthe do na hoibrithe go léir lena mbaineann;
  • saoráidí garchabhrach a sholáthar agus cleachtaí sábháilteachta a reáchtáil go tráthrialta.

Doiciméad ar shláinte agus ar shábháilteacht

Sula dtosaíonn an obair ar eastóscadh mianraí, ní mór don fhostóir a áirithiú gur ullmhaíodh doiciméad ar shábháilteacht agus ar shláinte agus go bhfuil sé cothrom le dáta (i gcomhréir le hAirteagail 6, 9 agus 10 de Threoir 89/391/CEE lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sláinte agus sábháilteacht cheirde). Ní mór go léirítear an méid a leanas, go sonrach, sa doiciméad sin:

  • go ndearnadh na rioscaí atá ann d’oibrithe san ionad oibre a chinneadh agus a mheas;
  • go ndearnadh bearta iomchuí; agus
  • go ndéantar an t–ionad oibre a dhearadh, a oibriú agus a chothabháil de réir na gceanglas sábháilteachta.

Nuair a bhíonn oibrithe ó níos mó ná gnólacht amháin i láthair ag an ionad oibre céanna, ní mór don fhostóir atá freagrach as an ionad oibre sin, i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus/nó cleachtais, na bearta sláinte agus sábháilteachta a bhfuil feidhm leo maidir leis na hoibrithe sin a chomhordú agus iad a leagan amach sa doiciméad.

Ní dhéantar difear leis an gcomhordú sin do dhliteanas fostóirí aonair.

Tuairisciú timpistí agus teagmhas contúirteach

Ní mór don fhostóir timpistí marfacha agus tromchúiseacha ceirde agus teagmhais chontúirteacha a thuairisciú do na húdaráis inniúla gan mhoill.

Bearta coisctheacha agus cumarsáide

Chun oibrithe a chosaint ar bhaol (lena n–áirítear ó thine, pléascanna agus atmaisféar atá baolach don tsláinte), ní mór d’fhostóirí:

  • bearta coisctheacha cuí a ghlacadh chun
    • tosú agus scaipeadh tinte agus pléascanna a sheachaint, a bhrath agus a chomhrac
    • tarlú atmaisféir phléascaigh agus/nó atmaisféir atá baolach don tsláinte a chosc;
  • druileanna sábháilteachta a dhéanamh go rialta;
  • bealaí cuí éalaithe agus tarrthála a sholáthar agus a chothabháil lena áirithiú go bhféadfaidh oibrithe imeacht ó ionad oibre go pras agus go sábháilte i gcás contúirte;
  • na córais rabhaidh agus córais chumarsáide eile is gá a sholáthar chun go bhféadfar oibríochtaí cúnaimh, éalaithe agus tarrthála a sheoladh láithreach más gá;
  • oibrithe a chur ar an eolas, ar bhealach intuigthe, maidir leis na bearta uile a glacadh maidir lena sábháilteacht agus lena sláinte.

Mionathruithe ar ionaid oibre

Nuair a dhéantar na hionaid oibre a mhionathrú, a leathnú agus/nó a athchóiriú tar éis an dáta ar a dtiocfaidh an treoir seo i bhfeidhm, ní mór d’fhostóirí a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta atá leagtha síos san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir.

Seiceáil sláinte na n–oibrithe

Ní mór seiceáil sláinte a dhéanamh ar gach oibrí sula dtugtar dualgais dó/di a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa treoir agus ag tréimhsí tráthrialta ina dhiaidh sin.

Comhairliúchán agus rannpháirtíocht oibrithe

Ní mór d’fhostóirí comhairliúchán agus rannpháirtíocht oibrithe a áirithiú maidir leis na nithe a chumhdaítear sa treoir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 11 Samhain 1992 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 3 Samhain 1994.

CÚLRA

Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tionscail a bhaineann le heastóscadh mianraí trí dhruileáil: tionscail a chleachtann:
  • eastóscadh, sa chiall chruinn den fhocal, eastóscadh mianraí trí dhruileáil trí thollphoill (poill a dhruileáiltear sa talamh chun sirtheoireacht a dhéanamh ar ola agus ar mhianraí eile); agus/nó
  • sirtheoireacht d’fhonn é a eastóscadh; agus/nó
  • ábhair eastósctha a ullmhú le díol, gan na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na hábhair eastósctha a phróiseáil a áireamh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 92/91/CEE ón gComhairle an 3 Samhain 1992 maidir le híoscheanglais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte sna tionscail asbhainte mianraí trí dhruileáil a fheabhsú (an t–aonú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L348, 28.11.1992, lgh. 9-24)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/91/CEE a chorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.01.2019

Barr