Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22015A0521(01)

    Comhaontuithe um tharscaoileadh víosaí

    Comhaontuithe um tharscaoileadh víosaí

     

    ACHOIMRE AR:

    Comhaontú agus Cinntí 2009/478/CE agus 2009/896/CE idir an tAontas Eorpach agus Antigua agus Barbúda

    Comhaontú agus Cinntí 2009/479/CE agus 2009/898/CE idir an tAontas Eorpach agus Barbadós

    Comhaontú agus Cinntí 2009/480/CE agus 2009/899/CE idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís

    Comhaontú agus Cinntí 2009/481/CE agus 2009/897/CE idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí

    Comhaontú agus Cinntí 2016/431 agus 2016/2044 idir an tAontas Eorpach agus Daon–Phoblacht na Síne (sealbhóirí pasanna taidhleoireachta)

    Comhaontú agus Cinntí 2009/482/CE agus 2009/900/CE idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal

    Comhaontú agus Cinntí 2009/483/CE agus 2009/901/CE idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm San Críostóir-Nimheas

    Comhaontú agus Cinntí 2010/622/AE agus 2012/508/AE idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle

    Comhaontú agus Cinntí 2011/157/AE agus 2010/621/AE idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (sealbhóirí pasanna taidhleoireachta)

    Comhaontú agus Cinntí 2015/2399 agus 2016/1743 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Colóime

    Comhaontú agus Cinntí 2016/1888 agus 2017/235 idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Sholomón

    Comhaontú agus Cinntí 2016/1363 agus 2017/233 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileáin Marshall

    Comhaontú agus Cinntí 2016/1342 agus 2017/225 idir an tAontas Eorpach agus Tuvalu

    Comhaontú agus Cinntí 2016/1197 agus 2017/232 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chireabaití

    Comhaontú agus Cinntí 2016/1879 agus 2017/234 idir an tAontas Eorpach agus Stáit Chónaidhme na Micrinéise

    Comhaontú agus Cinntí 2016/437 agus 2016/1744 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú

    Comhaontú agus Cinntí 2015/2377 agus 2016/1741 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Palau

    Comhaontú agus Cinntí 2015/2226 agus 2016/1742 idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Thonga

    Comhaontú agus Cinntí 2015/1033 agus 2016/270 idir an tAontas Eorpach agus Greanáda

    Comhaontú agus Cinntí 2015/1030 agus 2016/273 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Timor–Leste

    Comhaontú agus Cinntí 2015/1037 agus 2016/275 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága

    Comhaontú agus Cinntí 2015/1031 agus 2016/268 idir an tAontas Eorpach agus Saint Lucia

    Comhaontú agus Cinntí 2015/1032 agus 2016/269 idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas Dhoiminice

    Comhaontú agus Cinntí 2015/1035 agus 2016/272 idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú

    Comhaontú agus Cinntí 2015/1036 agus 2016/274 idir an tAontas Eorpach agus Stát Neamhspleách Samó

    Comhaontú agus Cinntí 2015/1034 agus 2016/271 idir an tAontas Eorpach agus San Uinseann agus na Greanáidíní

    Comhaontú agus Cinntí 2015/785 agus 2016/267 idir an tAontas Eorpach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

    CAD IS AIDHM LEIS NA COMHAONTUITHE?

    • Tá siad ina gcuid de chomhbheartas víosa an Aontais Eorpaigh (AE) agus féachtar leo taisteal taistealaithe dlisteanacha a éascú idir an tAontas Eorpach agus tíortha áirithe nach tíortha den Aontas Eorpach iad, ar bhonn cómhalartach.
    • Foráiltear sna comhaontuithe i leith taisteal gan víosa do shaoránaigh AE agus do shaoránaigh i dtír neamh-AE agus iad ag taisteal chuig críoch an pháirtí eile ar feadh uastréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Limistéar Schengen

    Ní bhaineann na comhaontuithe ach le taisteal go tíortha limistéar Schengen agus uathu. Tá 23 ceann de 27 Ballstát AE páirteach i limistéar Schengen. Tá dualgas dlíthiúil ar an mBulgáir, ar an gCipir agus ar an Rómáin ballraíocht a ghlacadh sa limistéir in am trátha, agus coinníonn Éire rogha an diúltaithe. Ní baill de AE iad an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin ach is cuid de limistéar Schengen iad.

    Comhaontuithe um tharscaoileadh víosaí

    Is ionann na comhaontuithe um tharscaoileadh víosaí agus comhaontuithe idir tíortha AE agus tíortha nach tíortha de AE iad a cheadaíonn taisteal saor ó víosa dá saoránaigh a bhfuil pas acu agus iad ag taisteal go dtí críoch an pháirtí eile, ar feadh suas le 90 lá le linn tréimhse 180 lá.

    Príomhchoinníollacha

    • Ríomhtar an tréimhse 90 lá go neamhspleách ar aon fhanacht i mBallstát nach bhfuil i limistéar Schengen.
    • De ghnáth, ní théann na comhaontuithe i bhfeidhm ar an bhféidearthacht go bhféadfaidh na páirtithe an tréimhse fanachta a shíneadh thar 90 lá i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta faoi seach agus dlí AE.
    • Ní bhíonn feidhm de ghnáth ag na comhaontuithe maidir le críocha neamh-Eorpacha na Fraince nó na hÍsiltíre.
    • Níl feidhm ag an tarscaoileadh víosa maidir le daoine atá ag taisteal chun gníomhaíocht íoctha a dhéanamh, mura gcinneann na páirtithe a mhalairt de réir tíre.
    • Forchoimeádann na tíortha lena mbaineann an ceart iontráil a dhiúltú mura gcomhlíontar na coinníollacha iontrála nó gearrfhanachta.
    • Déanann comhchoiste saineolaithe faireachán ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe, agus déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh.
    • Ní fhéadfaidh na páirtithe an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh ach maidir le gach Ballstát.

    Tá feidhm ag comhaontuithe ar leith maidir le tarscaoileadh víosa do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta nó oifigiúla atá ag taisteal chuig an tSín nó uaithi.

    I Rialachán (AE) 2018/1806 maidir le ceanglais víosa do náisiúnaigh neamh-AE cuimsítear liosta de thíortha nach bhfuil víosaí de dhíth ar a náisiúnaigh chun taisteal chuig an Aontas Eorpach agus liosta tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosa a bheith acu agus iad ag taisteal chuig an Aontas Eorpach.

    Bunaítear le Cód Víosaí AE na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh tréimhsí gearra laistigh de chríocha na mBallstát agus idirthurais trí chríocha na mBallstát. Liostaítear ann freisin na tíortha neamh-AE a gceanglaítear ar a náisiúnaigh víosa idirthurais aerfoirt a bheith acu agus iad ag dul trí na limistéir idirthurais idirnáisiúnta in aerfoirt AE agus bunaítear leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí den sórt sin a eisiúint.

    DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

    Tír

    Dáta teacht i bhfeidhm

    Antigua agus Barbúda

    1 Samhain 2021

    Barbadós

    1 Márta 2010

    Oileán Mhuirís

    1 Márta 2010

    Bahámaí

    1 Aibreán 2010

    An tSín (sealbhóirí pasanna taidhleoireachta)

    1 Eanáir 2017

    na Séiséil

    1 Eanáir 2010

    San Críostóir-Nimheas

    1 Lúnasa 2015

    An Bhrasaíl

    1 Deireadh Fómhair 2012

    An Bhrasaíl (sealbhóirí pasanna taidhleoireachta)

    1 Aibreán 2011

    An Cholóim

    1 Eanáir 2017

    Oileáin Sholomón

    1 Bealtaine 2017

    Oileáin Marshall

    28 Meitheamh 2016 (iarratas sealadach)

    Tuvalu

    1 Feabhra 2019

    Cireabaití

    24 Meitheamh 2016 (iarratas sealadach)

    An Mhicrinéis

    Níl siad i bhfeidhm go fóill

    Peiriú

    15 Márta 2016 (iarratas sealadach)

    Palau

    08 Nollaig 2015 (iarratas sealadach)

    Tonga

    21 Samhain 2015 (iarratas sealadach)

    Greanáda

    1 Feabhra 2019

    Tíomór Thoir

    1 Bealtaine 2022

    Oileán na Tríonóide agus Tobága

    1 Bealtaine 2016

    Saint Lucia

    1 Samhain 2023

    Doiminice

    28 Bealtaine 2015 (iarratas sealadach)

    Vanuatú

    28 Bealtaine 2015 (iarratas sealadach), curtha ar fionraí go hiomlán ón 4 Feabhra 2023 (féach Cinneadh (AE) 2022/2198)

    Samó

    1 Márta 2018

    San Uinseann agus na Greanáidíní

    1 Bealtaine 2023

    Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

    06 Bealtaine 2015 (iarratas sealadach)

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Antigua agus Barbúda

    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Antigua agus Barbúda maidir leis an tarscaoileadh víosa gearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lgh. 3–8).

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú le hAntigua agus Barbúda a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Cinneadh 2009/478/CE ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Antigua agus Barbúda maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lgh. 1–2).

    Cinneadh 2009/896/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Antigua agus Barbúda maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 321, 8.12.2009, lch. 38).

    Barbadós

    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós ar tharscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lgh. 10–15).

    Cinneadh 2009/479/CE ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós ar an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lch. 9).

    Cinneadh 2009/898/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 321, 8.12.2009, lch. 40).

    Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Barbadós lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta (IO L 109, 8.4.2022, lch. 13).

    Poblacht Oileán Mhuirís

    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís ar an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lgh. 17–22).

    Cinneadh 2009/480/CE ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lch. 16).

    Cinneadh 2009/899/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 321, 8.12.2009, lch. 41).

    Comhlathas na mBahámaí

    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lgh. 24–29).

    Cinneadh 2009/481/CE ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lch. 23).

    Cinneadh ón gComhairle 2009/897/CE an 30 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 321, 8.12.2009, lch. 39).

    Daon-Phoblacht na Síne

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Daon–Phoblacht na Síne maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta (IO L 76, 23.3.2016, lgh. 19–25).

    Cinneadh (AE) 2016/431 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Daon–Phoblacht na Síne, maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta (IO L 76, 23.3.2016, lgh. 17–18).

    Cinneadh (AE) 2016/2044 ón gComhairle an 18 Samhain 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Daon–Phoblacht na Síne maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta (IO L 318, 24.11.2016, lgh. 1–2).

    Poblacht na Séiséal

    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal ar an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lgh. 31–36).

    Cinneadh 2009/482/CE ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lch. 30).

    Cinneadh 2009/900/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 321, 8.12.2009, lch. 42).

    Cónaidhm San Críostóir-Nimheas

    Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm San Críostóir-Nimheas maidir leis an tarscaoileadh víosa gearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lch. 38–43).

    Cinneadh 2009/483/CE ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm San Críostóir–Nimheas maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 169, 30.6.2009, lch. 37).

    Cinneadh 2009/901/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm San Críostóir–Nimheas a thabhairt chun críche maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 321, 8.12.2009, lch. 43).

    Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí gnáthphasanna (IO L 255, 21.9.2012, lgh. 4–9)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh 2010/622/AE ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaonaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí gnáthphasanna (IO L 275, 20.10.2010, lgh. 3–4).

    Cinneadh 2012/508/AE ón gComhairle an 24 Feabhra 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí gnáthphasanna (IO L 255, 21.9.2012, lch. 3).

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse nó oifigiúla (IO L 66, 12.3.2011, lgh. 2–6).

    Cinneadh 2010/621/AE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2010 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse nó oifigiúla (IO L 273, 19.10.2010, lgh. 2–3).

    Cinneadh 2011/157/AE ón gComhairle an 24 Feabhra 2011 maidir le maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir leis an tarscaoileadh ar víosa gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse nó oifigiúla (IO L 66, 12.3.2011, lch. 1).

    Poblacht na Colóime

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Colóime maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 333, 19.12.2015, lgh. 3–9).

    Cinneadh (AE) 2015/2399 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Colóime maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 333, 19.12.2015, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2016/1743 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Colóime maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 264, 30.9.2016, lgh. 25–26).

    Oileáin Sholomón

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Sholamón maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 292, 27.10.2016, lgh. 3–9).

    Cinneadh (AE) 2016/1888 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Sholamón maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 292, 27.10.2016, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2017/235 ón gComhairle an 7 Feabhra 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Sholamón maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 36, 11.2.2017, lgh. 7–8).

    Poblacht Oileáin Marshall

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileáin Marshall maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 216, 11.8.2016, lgh. 3–9).

    Cinneadh (AE) 2016/1363 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileáin Marshall ar an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 216, 11.8.2016, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2017/233 ón gComhairle an 7 Feabhra 2017 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileáin Marshall maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 36, 11.2.2017, lgh. 3–4).

    Tuvalu

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Tuvalu maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 213, 6.8.2016, lch. 3–9).

    Cinneadh (AE) 2016/1342 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Tuvalu maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 213, 6.8.2016, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2017/225 ón gComhairle an 7 Feabhra 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Tuvalu maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 35, 10.2.2017, lgh. 1–2).

    Poblacht Chireabaití

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chireabaití maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 198, 23.7.2016, lgh. 3–9).

    Cinneadh (AE) 2016/1197 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chireabaití maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 198, 23.7.2016, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2017/232 ón gComhairle an 7 Feabhra 2017 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chireabaití maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 36, 11.2.2017, lgh. 1–2).

    Stáit Chónaidhme na Micrinéise

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Chónaidhme na Micrinéise maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 289, 25.10.2016, lgh. 4–12).

    Cinneadh (AE) 2016/1879 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Chónaidhme na Micrinéise maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 289, 25.10.2016, lgh. 2–3).

    Cinneadh (AE) 2017/234 ón gComhairle an 7 Feabhra 2017 maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Chónaidhme na Micrinéise maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a thabhairt i gcrích (IO L 36, 11.2.2017, lgh. 5–6).

    Poblacht Pheiriú

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 78, 24.3.2016, lgh. 4–10).

    Cinneadh (AE) 2016/437 ón gComhairle an 10 Márta 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 78, 24.3.2016, lgh. 2–3).

    Cinneadh (AE) 2016/1744 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 264, 30.9.2016, lgh. 27–28).

    Poblacht Oileáin Palau

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileáin Palau maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 332, 18.12.2015, lgh. 13–18).

    Cinneadh (AE) 2015/2377 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Palua maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 332, 18.12.2015, lgh. 11–12).

    Cinneadh (AE) 2016/1741 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Palau maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 264, 30.9.2016, lgh. 21–22).

    Ríocht Thonga

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Thonga maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 317, 3.12.2015, lgh. 3–8).

    Cinneadh (AE) 2015/2226 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2015 maidir le síniú an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Thonga maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 317, 3.12.2015, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2016/1742 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Thonga maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 264, 30.9.2016, lgh. 23–24).

    Greanáda

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Greanáda maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 30–36).

    Cinneadh (AE) 2015/1033 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Greanáda maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 28–29).

    Cinneadh (AE) 2016/270 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Greanáda maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 7–8).

    Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 3–9).

    Cinneadh (AE) 2015/1030 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2016/273 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 13–14).

    Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 66–72).

    Cinneadh (AE) 2015/1037 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 64–65).

    Cinneadh (AE) 2016/275 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 17–18).

    Saint Lucia

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Saint Lucia maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 12–18).

    Cinneadh (AE) 2015/1031 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Saint Lucia maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 10–11).

    Cinneadh (AE) 2016/268 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Saint Lucia a thabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an tarscaoileadh víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 3–4).

    Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Saint Lucia maidir leis an tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta (IO L, 2023/2212, 19.10.2023)

    Comhlathas Dhoiminice

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas Dhoiminice maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 21–27).

    Cinneadh (AE) 2015/1032 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas Dhoiminice maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 19–20).

    Cinneadh (AE) 2016/269 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas Doiminice maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 5–6).

    Poblacht Vanuatú

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 48–54).

    Cinneadh (AE) 2015/1035 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 46–47).

    Cinneadh (AE) 2016/272 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 11–12).

    Stát Neamhspleách Shamó

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stát Neamhspleách Shamó maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 57–63).

    Cinneadh (AE) 2015/1036 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stát Neamhspleách Shamó maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 55–56).

    Cinneadh (AE) 2016/274 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stát Neamhspleách Shamó maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 15–16).

    San Uinseann agus na Greanáidíní

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus San Uinseann agus na Greanáidíní maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 39–45).

    Cinneadh (AE) 2015/1034 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus San Uinseann agus na Greanáidíní maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lgh. 37–38).

    Cinneadh (AE) 2016/271 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus San Uinseann agus na Greanáidíní maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 9–10).

    Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 125, 21.5.2015, lgh. 3–9).

    Cinneadh (AE) 2015/785 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 125, 21.5.2015, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2016/267 ón gComhairle an 12 Feabhra 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 52, 27.2.2016, lgh. 1–2).

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail ar Víosaí (Cód Víosa) (IO L 243, 15.9.2009, lgh. 1–58).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 39–58).

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Antigua agus Barbúda

    Cinneadh (AE) 2017/2083 ón gComhairle an 6 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Antigua agus Barbúda, lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Antigua agus Barbúda maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 297, 15.11.2017, lgh. 1–2).

    Cinneadh (AE) 2019/75 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Antigua agus Barbúda, lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Antigua agus Barbúda maidir leis an tarscaoileadh víosa gearrfhanachta (IO L 18, 21.1.2019, lgh. 1–3).

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Antigua agus Barbúda lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Antigua agus Barbúda maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 300, 24.8.2021, lch. 1).

    Barbadós

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Barbadós lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 18, 21.1.2019, lgh. 11–14).

    Cinneadh (AE) 2017/2084 ón gComhairle an 6 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Barbadós lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós ar tharscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 297, 15.11.2017, lgh. 3–4).

    Cinneadh (AE) 2019/76 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Barbadós, lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 18, 21.1.2019, lgh. 8–10).

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 56, 6.3.2010, lch. 1).

    Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Barbadós lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta (IO L 109, 8.4.2022, lch. 13).

    Poblacht Oileán Mhuirís

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 18, 21.1.2019, lgh. 25–28).

    Cinneadh (AE) 2017/2087 ón gComhairle an 6 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 297, 15.11.2017, lgh. 9–10).

    Cinneadh (AE) 2019/78 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 18, 21.1.2019, lgh. 22–24).

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís ar an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 56, 6.3.2010, lch. 1).

    Comhlathas na mBahámaí

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 18, 21.1.2019, lgh. 18–21).

    Cinneadh (AE) 2017/2085 ón gComhairle an 6 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (OJ L 297, 15.11.2017, lgh. 5–6).

    Cinneadh (AE) 2019/77 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (OJ L 18, 21.1.2019, lgh. 15–17).

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Comhlathas na mBahámaí maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 56, 6.3.2010, lch. 1).

    Daon-Phoblacht na Síne

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Daon-Phoblacht na Síne maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta (IO L 358, 29.12.2016, lch. 1).

    Poblacht na Séiséal

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 18, 21.1.2019, lgh. 32–35).

    Cinneadh (AE) 2017/2088 ón gComhairle an 6 Samhain 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 297, 15.11.2017, lgh. 11–12).

    Cinneadh (AE) 2019/79 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 18, 21.1.2019, lgh. 29–31).

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 56, 6.3.2010, lch. 1).

    Cónaidhm San Críostóir-Nimheas

    Eolas maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm San Críostóir–Nmheas maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 170, 1.7.2015, lch. 1).

    Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle lena leasaítear an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse nó oifigiúla (IO L 113, 11.4.2022, lgh. 3–8).

    Cinneadh (AE) 2018/1870 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí gnáthphasanna (IO L 306, 30.11.2018, lgh. 4-6).

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí gnáthphasanna (IO L 263, 28.9.2012, lch. 1).

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, seirbhíse nó oifigiúla (IO L 63, 10.3.2011, lch. 1).

    Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse nó pasanna oifigiúla (IO L 179, 14.7.2023, lch. 1).

    Poblacht na Colóime

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Colóime maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 6, 11.1.2017, lch. 1).

    Ceartúchán maidir le faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Colóime maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 23, 28.1.2017, lch. 122).

    Oileáin Sholomón

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Sholomón maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 110, 27.4.2017, lch. 1).

    Tuvalu

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Túvalú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 6, 9.1.2019, lch.1).

    Greanáda

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Greanáda maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 6, 9.1.2019, lch. 1).

    Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir

    Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir maidir leis an tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta (IO L 115, 13.4.2022, lgh. 42–42).

    Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága maidir leis an tAontas Eorpach tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 115, 29.4.2016, lch. 1).

    Poblacht Vanuatú

    Cinneadh (AE) 2022/2198 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine (IO L 292, 11.11.2022, lgh. 47-49).

    Stát Neamhspleách Shamó

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stát Neamhspleách Shamó maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 17, 23.1.2018, lch. 1).

    San Uinseann agus na Greanáidíní

    Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus San Uinseann agus na Greanáidíní i ndáil leis an tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta (IO L 105, 20.4.2023, lch. 1).

    Nuashonraithe 17.11.2023

    Barr