EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cáilíocht breoslaí peitril agus díosail: sulfar agus luaidhe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 98/70/CE maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos léi caighdeáin ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh peitril agus díosail a úsáidtear i gcarranna, trucailí agus feithiclí eile easbhóthair chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, lena n–áirítear cosc ar luaidhe i bpeitreal agus teorainn ar an gcion sulfair i mbreoslaí díosail.
  • Éilítear léi ar sholáthraithe breosla laghdú 6% a dhéanamh de réir a chéile ar shaolré astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreosla nó ó fhuinneamh a sholáthraítear faoi 2020 i gcomparáid le bunlíne breosla iontaise 2010.
  • Téann sí i gcion ar chumasc breoslaí malartacha de bhunadh neamh-iontaise i gcumaisc pheitril agus díosail a úsáidtear in iompar de bhóthar, chomh maith le holaí gáis a úsáidtear in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é*, tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, árthaí intíre uisce-iompartha agus árthaí áineasa nuair nach bhfuil siad ar muir.

PRÍOMHPHOINTÍ

Peitreal

  • Ní féidir le tíortha AE peitreal a chur ar an margadh ach amháin peitreal a chomhlíonann na sonraíochtaí in Iarscríbhinn I den treoir. Úsáidtear na sonraíochtaí sin agus peitreal a dhíoltar in AE á mhargú.
  • Ní féidir le tíortha AE ach peitreal nach bhfuil ann ach méid beag luaidhe nach féidir é a úsáid ach i sean-fheithiclí a chur ar an margadh. Ní féidir an cion luaidhe a bheith níos airde ná 0.15g/l, agus ní féidir iomlán na ndíolachán a bheith níos mó ná 0.03%.
  • Tá rogha ag roinnt tíortha AE peitreal a chur ar an margadh lena bhfuil brú gaile níos airde i rith an tsamhraidh má tá an teocht chomhthimpeallach íseal nó má tá cumaisc níos airde eatánóil sa pheitreal (a mbíonn brú gaile níos ísle mar thoradh air). Ní mór don Choimisiún Eorpach fad agus inmhianaitheacht na n–eisceachtaí sin a mheas.

Díosal

  • Ní féidir le tíortha AE ach díosal a cloíonn le hIarscríbhinn II a chur ar an margadh. Úsáidtear na sonraíochtaí sin agus díosal a dhíoltar in AE á mhargú.
  • Má chomhlíontar na ceanglais eile go léir in Iarscríbhinn II, beidh tíortha AE ábalta díosal a thabhairt isteach a mbeidh eistir mheitile aigéid shailligh (FAME) níos airde ann, arb iad sin na príomhmhóilíní sa bhreosla bithdhíosail.
  • Níor cheart go mbeadh níos mó ná 10mg/kg sulfair i ndíosal.
  • D’fhéadfadh eisceachtaí áirithe a bheith ag baint leis an riail seo i réigiúin iargúlta agus i dtíortha AE a mbíonn drochaimsir iontu sa gheimhreadh.

Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

  • Ceapann tíortha AE an fhreagracht ar sholáthraithe breosla as faireachán agus tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar shaolré astaíochtaí gás ceaptha teasa* ó bhreosla.
  • Ní mór do sholáthraithe breosla laghdú suas le 10% a dhéanamh ar shaolré astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin 31 Nollaig 2020, i gcomparáid leis an gcaighdeán bunlíne breosla (atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle). Is éard atá sa laghdú sin sprioc éigeantach 6% de laghdú faoin 31 Nollaig 2020, sprioc bhreise tháscach de 2% faoin 31 Nollaig 2020 atá le baint amach tríd an gcineál fuinnimh a sholáthraítear le haghaidh iompair agus/nó úsáid aon teicneolaíochta (lena n–áirítear gabháil agus stóráil carbóin) atá in ann saolré na n–astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in aghaidh an aonaid fuinnimh ó bhreosla nó fuinneamh a sholáthraítear; agus sprioc bhreise tháscach de 2% faoin dáta céanna atá le baint amach trí úsáid a bhaint as creidmheasanna a ceannaíodh trí Mheicníocht Ghlanfhorbraíochta Phrótacal Kyoto.

Tuairisciú

  • Gach bliain, faoin 31 Lúnasa, ní mór do thíortha AE faisnéis a thíolacadh maidir le cáilíocht náisiúnta an bhreosla agus maidir leis an laghdú ar dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa bhreoslaí peitril agus díosail a sholáthraítear d’iompar de bhóthar, d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i dtuarascáil ina mbailítear na sonraí ábhartha uile ón mbliain féilire roimhe sin. Ní mór na sonraí a bhailiú ó chóras faireacháin ar cháilíocht an bhreosla i gcomhréir le caighdeáin ábhartha AE. Faoin 31 Lúnasa gach bliain, ní mór do gach tír AE faisnéis a thíolacadh de réir Airteagal 8(1) agus Airteagal 7a de Threoir 98/70/CE (arna leasú). Éilítear le hAirteagal 8(1) achoimre ar shonraí faireacháin ar cháilíocht an bhreosla a bhailítear le linn na tréimhse ó mhí Eanáir go mí na Nollag den bhliain féilire roimhe sin.Forchuirtear le hAirteagal 7a ceanglais ar sholáthraithe breosla chun déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh a sholáthraítear le haghaidh iompair de bhóthar a laghdú.
  • Gach bliain faoin 31 Nollaig, ní mór do thíortha AE faisnéis a thíolacadh maidir lena ndul chun cinn.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Iúil 1999. B’éigean do thíortha AE na rialacha a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2000 i leith.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Innealra soghluaiste nach innealra bóthair é: líon mór suiteálacha innill i meaisíní a úsáidtear chun críocha seachas earraí nó paisinéirí a iompar, amhail ollscartairí, comhbhrúiteoirí, lódairí cúil, nó lódairí tosaigh.
tuairisciú ar shaolré astaíochtaí gás ceaptha teasa: tuairisciú ar astaíochtaí CO2, CH4 agus N2O ó eastóscadh, próiseáil agus dáileadh na mbreoslaí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lgh. 58-68)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 98/70/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1-77)

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 82-209)

Treoir ón gComhairle (AE) 2015/652 an 20 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna ríofa agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht bhreoslaí peitril agus díosail (OJ L 107, 25.4.2015, lgh. 26-67)

Rialachán (AE) Uimh. 1307/2014 an 8 Nollaig 2014 maidir le critéir agus raonta geografacha féarthailte an-bhithéagsúlachta a shainiú chun críocha Airteagal 7b(3)(c) de Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus Airteagal 17(3)(c) de Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 351, 9.12.2014, lgh. 3-5)

Moladh ón gCoimisiún 2005/27/CE an 12 Eanáir 2005 maidir le cad is brí le peitreal agus breoslaí díosail gan luaidhe le huasmhéid sulfair ann a chur ar fáil ar bhonn geografach cuí cothrom, chun críocha chuspóirí na Treorach 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breoslaí peitril agus díosail (IO L 15, 19.1.2005, lgh. 26-29)

Nuashonraithe 19.09.2019

Top