EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Foinsí dhlí an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 216 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAIL 216 AGUS 288 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS LE HAIRTEAGAL 6 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá trí fhoinse dhlí AE ann: an dlí príomha, prionsabail ghinearálta dhlí AE agus an dlí tánaisteach (leagtha amach sa chéimiúlacht caighdeán).

An dlí príomha

Prionsabail ghinearálta an dlí

An dlí tánaisteach

Cuimsítear sa dlí tánaisteach gníomhartha dlí, ar féidir iad a roinnt in dhá chatagóir:

comhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha nach bhfuil in AE nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta ina ndlúthchuid de dhlí AE freisin. Tá siad scartha ón dlí príomha agus ón dlí tánaisteach. De réir rialú CBAE i gcás Meryem Demirel v Stadt Schwäbisch Gmünd (Cás 12/86), d’fhéadfadh éifeacht dhíreach a bheith leo agus tá a bhfeidhm dhlíthiúil níos láidre ná an reachtaíocht thánaisteach, agus dá bhrí sin ní mór di cloí leo. Bíonn éifeacht dhíreach lena rialacha má bhíonn oibleagáid shoiléir bheacht iontu nach bhfuil faoi réir aon bheart ina dhiaidh sin a ghlacadh.

Foinsí eile dhlí AE

Áirítear leo sin an méid seo a leanas:

  • Cásdlí CBAE.
  • dlí idirnáisiúnta – is minic gur foinse inspioráide do CBAE é nuair a fhorbraítear a chásdlí. Luann CBAE an dlí scríofa agus dlí an ghnáis.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – Cuid a Cúig – Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais – Teideal V – Comhaontuithe idirnáisiúnta – Airteagal 216 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – Cuid a Sé – Forálacha institiúideacha agus airgeadais – Teideal I – Forálacha ag rialú na n-institiúidí – Caibidil 2 – Gníomhartha dlí an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile – Roinn 1 – Gníomhartha dlí an Aontais – Airteagal 288 (sean–Airteagal 249 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 171).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach – Teideal I – Forálacha coiteanna – Airteagal 6 (sean–Airteagal 6 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 19).

Nuashonraithe 21.04.2022

Top