EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ardoideachas a nuachóiriú in AE

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún (COM(2011) 567 leagan deireanach) — clár oibre chun córais ardoideachais AE a nuachóiriú

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach inti príomhthosaíochtaí don ardoideachas in AE. Tá an clár oibre ceaptha ionas gur féidir le córais ardoideachais cur le spriocanna straitéis Eoraip 2020 i leith fáis ar bhealach níos fearr.

Tugadh 2 thuarascáil don Choimisiún Eorpach i ndiaidh na teachtaireachta seo in 2013 agus 2014 maidir le feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama in institiúidí ardoideachais na hEorpa, agus maidir le bealaí úra teagaisc agus foghlama san ardoideachas.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach 5 phríomhréimse tosaíochta sa teachtaireacht le haghaidh gníomhaíochta ag tíortha agus institiúidí ardoideachais AE, chomh maith leis na bearta a dhéanfaidh AE chun tacú lena n-iarrachtaí.

  • 1.

    Leibhéil ghnóthachtála a mhéadú — is é ceann de na spriocanna do straitéis Eoraip 2020, gur cheart do 40 % de dhaoine óga staidéar ardoideachais a bheith curtha i gcrích acu faoi 2020. Tá sé measta chomh maith go dteastóidh scileanna taighde ardleibhéil le haghaidh milliún post a bheidh ar fáil.

  • Chun é sin a bhaint amach, moltar an méid seo a leanas sa teachtaireacht:
    • luathfhágáil scoile a laghdú agus níos mó daoine a mhealladh isteach san ardoideachas, go háirithe trí thacaíocht for-rochtana agus airgeadais do dhaltaí scoile ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus d’aosaigh;
    • feabhas a chur ar dhálaí don tionscal le hinfheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus nuálaíocht, agus scileanna taighde níos fearr a thabhairt don lucht oibre atá ann cheana;
    • bealaí soiléirí a fhorbairt le dul ar aghaidh ón ngairmoideachas agus cineálacha eile oideachais go dtí an ardoideachas agus lasmuigh den saol acadúil do thaighdeoirí.

I staidéar 2015 leagadh amach na rátaí críochnaithe agus luathfhágála maidir leis an ardoideachas ar fud na hEorpa.

  • 2.

    Feabhas a chur ar cháilíocht agus ar ábharthacht an ardoideachais

  • Moltar an méid seo a leanas sa teachtaireacht:
    • curaclaim, lena n-áirítear oiliúint taighdeoirí, le freagairt a thabhairt ar riachtanais an mhargaidh shaothair anois agus amach anseo trí scileanna agus trí theilgin fháis agus chomh maith leis sin trí thabhairt ar fhostóirí agus ar institiúidí an mhargaidh shaothair a bheith páirteach ina dearadh agus ina seachadadh;
    • go mbainfear leas as teicneolaíochtaí úra do mhodhanna taighde níos éifeachtaí agus do theagasc níos solúbtha agus níos pearsantaithe (e.g. ríomh-Fhoghlaim);
    • dálaí oibre níos fearr, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil leanúnach agus dreasachtaí a thabhairt isteach chun luach saothair a thabhairt d’institiúidí chun foireann teagaisc agus taighde ardcháilíochta a mhealladh.
  • 3.

    Soghluaisteacht agus comhoibriú trasteorann a chur chun cinn — tá sprioc leagtha síos ag airí ardoideachais Eorpacha chun líon na mac léinn a chuireann tréimhse staidéir nó oiliúna i gcrích thar lear a mhéadú go 20 % faoi 2020.

  • Chun é sin a bhaint amach, moltar an méid seo a leanas sa teachtaireacht:
    • soghluaisteacht a chur isteach sna curaclaim ar bhonn córasach;
    • feabhas a chur ar aitheantas dioplómaí agus creidmheasanna nó iniomparthacht deontas trí úsáid inchomparáide agus chomhsheasmhach a bhaint as ECTS agus an Fóirdheontas Dioplómaí, agus cáilíochtaí a nascadh leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí;
    • feabhas a chur ar rochtain, ar dhálaí fostaíochta agus ar dheiseanna chun dul chun cinn do mhic léinn, do thaighdeoirí agus do mhúinteoirí ó thíortha eile.
  • 4.

    An “triantán eolais” lena nasctar oideachas, taighde agus nuálaíocht a neartú

  • Moltar an méid seo a leanas sa teachtaireacht:
    • beartais phoiblí chun comhpháirtíochtaí a spreagadh idir institiúidí ardoideachais agus gnóthaí trí:
      • struchtúir luach saothair agus dreasachtaí d’fhorbairt réigiúnach,
      • ildisciplíneacht,
      • comhar traseagraíochta, agus
      • laghdú ar bhacainní rialála agus riaracháin ar chomhpháirtíochtaí idir earnálacha;
    • úsáid le baint ag institiúidí ardoideachais as torthaí an taighde agus na nuálaíochta ina dtairiscint oideachais chun forbairt scileanna fiontraíochta, cruthaitheacha agus nuálacha a spreagadh.
  • 5.

    Feabhas ar rialachas agus ar mhaoiniú

  • Moltar an méid seo a leanas sa teachtaireacht:
    • cost-éifeachtúil na hinfheistíochta poiblí san ardoideachas a mhéadú trí mhaoiniú a nascadh le feidhmíocht lena mbeidh gné iomaíochta;
    • infheistíocht san ardoideachas a mhéadú trí fhoinsí maoiniúcháin a éagsúlú, agus rochtain ar acmhainní malartacha, lena n-áirítear maoiniú príobháideach, a éascú;
    • infheistíocht i mbainistíocht ghairmiúil;
    • córais maoiniúcháin agus rialachais a dhéanamh níos solúbtha chun féinriail institiúidí ardoideachais a mhéadú agus chun cur ar a gcumas a dtreo straitéiseach féin a fhorbairt.

Cion AE

Tá sé beartaithe ag AE tacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag údaráis náisiúnta agus institiúidí sna 5 réimse sin trí:

  • monatóireacht a dhéanamh ar straitéis Eoraip 2020 agus
  • a chinntiú go mbeifear ábalta tacaíocht a thabhairt do nuachóiriú an ardoideachais leis na beartais éagsúla trí bhíthin a chreata airgeadais do 2014-2020.

Áirítear ar na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Coimisiún:

  • a chur ar chumas scoláirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí uirlis rangaithe (Ilrangú Ollscoileanna (U-Multirank)) d’ollscoileanna bunaithe ar fheidhmíocht i 5 réimse;
  • feabhas a chur ar aitheantas staidéir thar lear tríd an gCóras Eorpach d’Aistriú Creidmheasa (ECTS);
  • saoráid ráthaíochtaí iasachtaí (Máistir-Iasacht Erasmus+) a thabhairt isteach do mhic léinn a bhfuil céim mháistreachta a ndéanamh acu i dtír AE eile;
  • Clár Oibre Nuálaíochta Straitéisí a ghlacadh;
  • creat cáilíochta i leith cúrsaí oiliúna a moladh ina mbeidh ardán aonair maidir le tairiscintí cúrsaí oiliúna san Eoraip;
  • caidreamh a fhorbairt leis an ardoideachas i dtíortha nach bhfuil in AE (féach teachtaireacht 2013 maidir leis an ardoideachas Eorpach sa domhan);
  • leasú a dhéanamh ar na treoracha maidir le mic léinn agus taighdeoirí chun AE a dhéanamh níos mealltaí arís do thaighdeoirí.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Ag tacú le fás agus poist — clár oibre maidir le córais ardoideachais na hEorpa a nuachóiriú (COM(2011) 567 leagan deiridh an 20.9.2011)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Ag dul i ngleic le luathfhágáil scoile: Cúnamh riachtanach do Chlár Oibre Eoraip 2020 (COM(2011) 18 leagan deireanach an 31.1.2011)

Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil scoile a laghdú (IO C 191, 1.7.2011, lgh. 1–6)

Conclúidí ón gComhairle maidir le luathfhágáil scoile a laghdú agus rath sa scoil a chur chun cinn (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 36–40)

Nuashonraithe 14.06.2016

Top