EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2125
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2125 of 31 October 2022 approving non-minor amendments to the specification for a name entered in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Carne Barrosã’ (PDO))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2125 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Carne Barrosã” (STFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2125 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Carne Barrosã” (STFC))
C/2022/7988
OJ L 285, 7.11.2022, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 285/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2125 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2022
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Carne Barrosã” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Portaingéile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Carne Barrosã” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún (2). |
(2) |
Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin. |
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Carne Barrosã” (STFC) is leasú é atá formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiúin an 1 Iúil 1996 lena bhforlíontar an iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 maidir le clárú na dtásc geografach faoi chosaint agus na sonrúchán tionscnaimh de bhua an nós imeachta a bheartaítear le hAirteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 (IO L 163, 2.7.1996, lch. 19).