EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0877

Rialachán (AE) 2022/877 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

ST/8661/2022/INIT

OJ L 153, 3.6.2022, p. 11–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/877/oj

3.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/11


RIALACHÁN (AE) 2022/877 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2).

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 do na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle (3), leathnaítear raon feidhme na smachtbhannaí chun na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Márta 2022 a chur chun feidhme a thuilleadh tar éis rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha míleata doghlactha neamhdhleathach arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráine, arb é atá ann gníomh ionsaithe faoin dlí idirnáisiúnta.

(4)

I bhfianaise thromchúis na staide, is gá bearta breise a dhéanamh. Le Cinneadh (CBES) 2022/882, leathnaíodh liosta na n-eintiteas atá faoi réir srianta maidir le húdaruithe le haghaidh díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, agus earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíochta na Bealarúise, nó le forbairt earnáil cosanta agus slándála na Bealarúise. Le Cinneadh (CBES) 2022/882, leathnaítear freisin liosta institiúidí creidmheasa na Bealarúise agus a bhfochuideachtaí Bealarúiseacha atá faoi réir bearta sriantacha maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1zb:

“Airteagal 1zb

1.   Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XV.

2.   Maidir le gach duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn XV, beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 ón dáta a luaitear dó san Iarscríbhinn sin. Beidh feidhm ag an toirmeasc amhail ón dáta céanna sin maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50% dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XV.”;

(2)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, pionóis choiriúla, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.”;

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) 765/2006;

(4)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) 765/2006.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i leith na Bealarúise agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN V

LIOSTA NA nDAOINE NADÚRTHA NÓ DLÍTHEANACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 1e(7), 1f(7) AGUS 1fa(1)

Aireacht Chosanta na Bealarúise

140 Repair Plant JSC

558 Aircraft Repair Plant JSC

2566 Radioelectronic Armament Repair Plant JSC

AGAT - Control Systems - Managing Company of Geoinformation Control Systems Holding, JSC

AGAT - Electromechanical Plant OJSC

AGAT - SYSTEM

ATE - Engineering LLC

BelOMO Holding

Belspetsvneshtechnika SFTUE

Beltechexport CJSC

BSVT-New Technologies

Department of Internal Affairs of the Gomel Region Executive Committee

Internal Troops of the Ministry of Internal Affairs of the Republic of Belarus

KGB Alpha

Kidma Tech OJSC

Minotor-Service

Minsk Wheeled Tractor Plant

Oboronnye Initsiativy LLC

OJS KB Radar Managing Company

Peleng JSC

State Authority for Military Industry of the Republic of Belarus

State Security Committee of the Republic of Belarus

Transaviaexport Airlines JSC

Volatavto OJSC”.


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN XV

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1zb

Ainm an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta

Dáta cur i bhfeidhm

Belagroprombank

20 Márta 2022

Bank Dabrabyt

20 Márta 2022

Development Bank of the Republic of Belarus

20 Márta 2022

Belinvestbank (Belarusian Bank for Development and Reconstruction)

14 Meitheamh 2022


Top