EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0838

Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara

PE/18/2022/REV/1

OJ L 148, 31.5.2022, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/838/oj

31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 148/1


RIALACHÁN (AE) 2022/838 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 85 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaíodh Eurojust agus leagtar amach ann a chúraimí, inniúlacht agus feidhmeanna.

(2)

Le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1727, foráiltear go bhfuil Eurojust inniúil i dtaca leis na foirmeacha coireachta tromchúisí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, lena n-áirítear cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh. De bhun Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2018/1727, cumhdaítear faoi inniúlacht Eurojust freisin cionta coiriúla a bhaineann leis na cionta coiriúla a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

An 24 Feabhra 2022, thosaigh Cónaidhm na Rúise ag tabhairt fogha míleata faoin Úcráin. Tá bonn réasúnach ann chun a chreidiúint go ndearnadh coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh san Úcráin agus go bhfuil siad á ndéanamh san Úcráin i gcomhthéacs na cogaíochta atá ann faoi láthair.

(4)

I bhfianaise thromchúis na staide, ba cheart don Aontas gach beart is gá a dhéanamh, mar ábhar práinne, chun a áirithiú go gcuirfear an fhreagracht orthu siúd a dhéanann coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh san Úcráin.

(5)

Tá tús curtha ag seirbhísí ionchúisimh i roinnt Ballstát agus san Úcráin le himscrúduithe maidir leis na himeachtaí san Úcráin, ag brath, nuair is iomchuí, ar thacaíocht ó Eurojust. An 27 Meitheamh 2016, thug Eurojust comhaontú comhair i gcrích leis an Úcráin. I gcomhréir leis an gcomhaontú sin, rinne an Úcráin ionchúisitheoir idirchaidrimh a phostú chuig Eurojust chun comhar idir Eurojust agus an Úcráin a éascú.

(6)

De bhun Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998, tá an chumhacht ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a dlínse a fheidhmiú ar dhaoine atá freagrach as na coireanna is tromchúisí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad, dá dtagraítear ann. Comhlánaíonn dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta dlínsí coiriúla náisiúnta. Tá sé fógartha ag Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta go bhfuil imscrúdú oscailte aici faoin staid san Úcráin.

(7)

De bharr chur i bhfeidhm phrionsabal na dlínse uilíche i roinnt Ballstát agus de bharr chineál comhlántach dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, tá sé tábhachtach fianaise a chomhordú agus a mhalartú idir údaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndlínsí éagsúla agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó le haon chúirt, binse nó sásra eile a bunaíodh chun na críche sin ionas go n-áiritheofar éifeachtacht na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh a dhéantar ar chinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara, lena n-áirítear na cionta agus na coireanna sin a d’fhéadfaí a dhéanamh san Úcráin i gcomhthéacs na cogaíochta atá ann faoi láthair.

(8)

An fhianaise agus na dea-chleachtais a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a ionchúiseamh, chun a áirithiú go ndéanfar an fhianaise sin agus na dea-chleachtais sin a chomhroinnt le húdaráis náisiúnta inniúla agus le húdaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, ba cheart do Eurojust feabhas a chur ar a chomhar le cúirteanna coiriúla, le binsí coiriúla agus le sásraí coiriúla arna mbunú chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar an dlí idirnáisiúnta. Chun na críche sin, ba cheart do Eurojust dlúthchomhar a bhunú leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le haon chúirt, binse nó sásra eile arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar choireanna a dhéanann difear don tsíocháin idirnáisiúnta agus don tsábháilteacht idirnáisiúnta. Dá réir sin, maidir le hiarrataí ar chomhar breithiúnach ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó ó chúirteanna coiriúla speisialta, binsí coiriúla speisialta nó sásraí coiriúla speisialta i ndáil le fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara, ba cheart do Eurojust forghníomhú na n-iarrataí sin a éascú.

(9)

Tá baol ann nach féidir fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a stóráil go sábháilte ar an gcríoch ina bhfuil an chogaíocht ar siúl. Is amhlaidh an cás freisin maidir le fianaise a bhaineann leis an gcogaíocht leanúnach san Úcráin. Dá bhrí sin, is iomchuí saoráid stórála lárnach a bhunú in áit shábháilte. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le saoráid stórála lárnach freisin maidir le fianaise arna bailiú ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, údaráis idirnáisiúnta nó tríú páirtithe amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta ionas go mbeadh rochtain ag údaráis náisiúnta inniúla agus ag údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta ar an bhfianaise.

(10)

Tá an saineolas agus an taithí ag Eurojust chun tacú le himscrúduithe agus ionchúisimh a dhéantar ar choireanna trasteorann, lena n-áirítear cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara. Áirítear le tacú den sórt sin fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil a mhéid a bhaineann le hinghlacthacht na fianaise sin os comhair na gcúirteanna agus le hiontaofacht na fianaise sin.

(11)

Trí fhianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil agus, nuair is gá agus nuair is iomchuí, trí mhalartú na fianaise sin i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme a chumasú, is féidir le Eurojust tacú le cásanna a chur le chéile in imscrúduithe náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is féidir leis tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla agus do na húdaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta. Go háirithe, d’fhéadfadh anailís den sórt sin a bheith an-luachmhar chun iontaofacht fianaise ó fhinnéithe a fhionnadh nó chun aon naisc ábhartha a shuí. Mar sin féin, ní thugtar isteach leis an Rialachán seo aon oibleagáid ar údaráis náisiúnta fianaise a chomhroinnt le Eurojust.

(12)

Ba cheart saoráid nua stórála shealadach a bhunú, saoráid a fhágann gur féidir fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil. Ós rud é go bhfuil géarghá le fianaise den sórt sin a stóráil, is gá do Eurojust í a stóráil i saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, saoráid atá ar leithligh ón gcóras bainistithe cásanna a bunaíodh faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2018/1727 (‘saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí’). Tá forálacha maidir le córas nua bainistithe cásanna a bhunú sa togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta. A luaithe a bunófar an córas nua bainistithe cásanna sin, ba cheart na sonraí oibríochtúla arna bpróiseáil go sealadach sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a chomhtháthú isteach ann. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar amach i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) gan dochar do na rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727.

(13)

Maidir le fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, agus maidir le hinrochtaineacht na fianaise sin, nuair is gá agus nuair is iomchuí, ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag na húdaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, ba cheart na caighdeáin is airde maidir le cibearshlándáil agus cosaint sonraí a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe Airteagal 91 de, agus na rialacha sonracha cosanta sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727.

(14)

Is féidir íomhánna satailíte, grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a bheith úsáideach chun a léiriú go ndearnadh cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara. Dá bhrí sin, ba cheart do Eurojust a bheith in ann íomhánna satailíte, grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a phróiseáil agus a stóráil chun na críche sin.

(15)

Ba cheart do Eurojust agus Europol comhoibriú go dlúth le chéile i gcomhthéacs a sainorduithe faoi seach, agus an gá le hathobair a sheachaint agus a n-acmhainneacht oibríochtúil faoi seach á gcur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann le faisnéis a phróiseáil agus a anailísiú i gcomhthéacs chóras tiomnaithe Europol atá ann cheana maidir le coireanna idirnáisiúnta, ar a dtugtar ‘an Tionscadal Anailíse maidir le Croí-choireanna Idirnáisiúnta’, chun tacú le húdaráis inniúla le linn dóibh cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Dá bhrí sin, faisnéis a fhaigheann Europol agus an fheidhm oibríochtúil atá aige faoi Rialachán (AE) 2018/1727 á déanamh aige, arb é atá san fheidhm sin tacú le gníomhaíocht na mBallstát cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chomhrac, ba cheart dó a bheith in ann an fhaisnéis sin a tharchur go Europol. Ba cheart a áireamh i gcomhar den sórt sin meastóireacht chomhpháirteach rialta ar shaincheisteanna oibríochtúla agus teicniúla.

(16)

I bhfianaise an ghá phráinnigh atá le saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a chur ar bun ag Eurojust chun déileáil le fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara d’fhonn an chuntasacht i leith coireanna den sórt sin arna ndéanamh san Úcráin a áirithiú, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(19)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ligean do Eurojust fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil, malartú fianaise den sórt sin a chumasú agus saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí atá ar leithligh ó chóras bainistithe cásanna Eurojust atá ann faoi láthair a bhunú agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(20)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 13 Bealtaine 2022.

(21)

Ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun saoráid nua um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a chur ar fáil go práinneach ag Eurojust, saoráid a fhágann gur féidir fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil d’fhonn an chuntasacht i leith coireanna den sórt sin arna ndéanamh san Úcráin a áirithiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1727

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(j)

tacú le gníomhaíocht na mBallstát maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chomhrac, lena n-áirítear trí fhianaise a bhaineann leis na coireanna sin agus na cionta coiriúla gaolmhara sin a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil agus trí mhalartú na fianaise sin le húdaráis náisiúnta inniúla agus údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, go háirithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a chumasú nó tríd an bhfianaise sin a chur ar fáil ar bhealach eile dóibh.”;

(2)

In Airteagal 80, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   De mhaolú ar Airteagal 23(6), féadfaidh Eurojust saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a bhunú, saoráid atá ar leithligh ón gcóras bainistithe cásanna dá dtagraítear in Airteagal 23 chun sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil chun an fheidhm oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), (‘saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí’) a dhéanamh.

Leis an tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, comhlíonfar na caighdeáin cibearshlándála is airde.

D’ainneoin Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh Eurojust i gcomhairle le MECS sula ndéantar an tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a oibriú. Tabharfaidh MECS tuairim laistigh de 2 mhí ó fhógra a fháil ón Oifigeach Cosanta Sonraí.

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad san fhógra ón Oifigeach Cosanta Sonraí dá dtagraítear sa tríú fomhír:

(a)

tuairisc ghinearálta ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe;

(b)

measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí;

(c)

na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus chun a léiriú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, agus cearta agus leasanna dlisteanacha na n-ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann á gcur san áireamh.

Beidh feidhm ag na forálacha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil na sonraí sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a mhéid is nach mbaineann siad go díreach le bunú teicniúil an chórais bainistithe cásanna. Na cearta rochtana agus na teorainneacha ama a bhaineann leis na sonraí a stóráiltear sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rochtain ar na comhaid oibre shealadacha a bhfuil na sonraí á stóráil i dtaca leo agus leis na teorainneacha ama ábhartha, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 29 den Rialachán seo.

Beidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo fad a bheidh an córas bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus d’innéacs i bhfeidhm.”;

(3)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(n):

“(n)

próifílí DNA a fhaightear ón gcuid neamhchódúcháin de DNA, grianghraif agus méarloirg agus, i ndáil leis na coireanna agus na cionta coiriúla gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), físeáin agus taifeadtaí fuaime.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(f):

“(f)

tuairisc agus cineál na gcionta a bhaineann leis an duine lena mbaineann, an dáta a ndearnadh na cionta agus an suíomh ina ndearnadh iad, catagóir choiriúil na gcionta, dul chun cinn na n-imscrúduithe agus, i ndáil leis na coireanna agus na cionta coiriúla gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), faisnéis a bhaineann le hiompar coiriúil, lena n-áirítear taifeadtaí fuaime, físeáin, íomhánna satailíte agus grianghraif;”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2022

(2)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top