EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0467

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/467 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 lena ndéantar foráil maidir le cabhair choigeartúcháin eisceachtúil le haghaidh táirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta

C/2022/1872

OJ L 96, 24.3.2022, p. 4–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/467/oj

24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/467 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2022

lena ndéantar foráil maidir le cabhair choigeartúcháin eisceachtúil le haghaidh táirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 219(1) agus in éineacht le hAirteagal 228 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (2) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 106(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tionchar á imirt ag ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 ar fheirmeoirí san Aontas.

(2)

Is í an infhaighteacht iompair an phríomhchúis imní maidir leis an trádáil idir an Úcráin agus an tAontas. Ba iad aerfoirt na hÚcráine is túisce a bhí thíos leis de dheasca ionradh na Rúise agus cuireadh na hoibríochtaí loingseoireachta tráchtála uile i gcalafoirt na hÚcráine ar fionraí.

(3)

Is dócha go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim ar sholáthar an ghráin ar an leibhéal domhanda, agus fágfaidh sin go dtiocfaidh ardú breise ar phraghsanna, rud a chuirfidh leis an ardú as cuimse atá ag teacht ar phraghsanna fuinnimh agus leasachán, agus a mbeidh tionchar aige ar fheirmeoirí san Aontas.

(4)

An dara hábhar imní atá ann nach féidir leanúint de tháirgí an Aontais a sheachadadh chun na hÚcráine ná, seans, chun na Rúise agus na Bealarúise ach oiread ar chúiseanna lóistíochta agus airgeadais, rud a chuirfeadh isteach ar an trádáil i roinnt earnálacha, agus a d’fhágfadh go mbeadh míchothromaíochtaí margaidh ar an margadh inmheánach. Dhéanfadh sin difear go príomha d’earnálacha na bhfíonta agus na mbiotáillí, na mbianna próiseáilte (lena n-áirítear torthaí agus glasraí próiseáilte), bainne foirmle do naíonáin, agus bia peataí i gcás na Rúise, torthaí agus glasraí i gcás na Bealarúise, táirgí ainmhí i gcás na hÚcráine.

(5)

Dá bhrí sin, tá géarbhagairt ann go mbeidh suaitheadh sa mhargadh i ngeall ar arduithe móra ar chostais agus ar shuaitheadh trádála, ar nithe iad a dteastaíonn gníomhaíocht éifeachtach éifeachtúil ina leith.

(6)

Na bearta idirghabhála sa mhargadh atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i bhfoirm idirghabhála poiblí, cabhrach stórála príobháidí nó aistarraingtí ón margadh, d’fhéadfaidís a bheith éifeachtach maidir le cothromaíocht áirithe sa mhargadh a athbhunú trí tháirgí a bhaint den mhargadh go sealadach nó go buan, ach ní bearta iad de chineál a chabhródh le cur i gcoinne suaitheadh sa mhargadh mar thoradh ar arduithe ar chostais. Cé gur gá don mhargadh dul in oiriúint de réir a chéile d’imthosca nua, tá gá le tacaíocht do tháirgeoirí in earnálacha ina bhfuil costais ionchuir ag ardú go leibhéil nach bhfuil inbhuanaithe agus i gcás nach féidir gnáth-asraon margaidh a fháil do tháirgí.

(7)

Chun freagairt go héifeachtúil éifeachtach don bhagairt go mbeidh suaitheadh sa mhargadh, tá sé fíor-riachtanach cabhair a sholáthar do tháirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta sin san Aontas atá thíos leis an suaitheadh sin sa mhargadh. Ba cheart do na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha lena mbaineann, nó cuid díobh, a roghnú chun tacú leis na táirgeoirí is mó atá thíos le suaitheadh sa mhargadh.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, deontas airgeadais a thabhairt do na Ballstáit chun tacú le táirgeoirí atá i mbun gníomhaíochtaí lena gcothaítear an tslándáil bia nó lena dtugtar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh, rud a fhágfaidh go bhféadfar an coigeartú is gá a dhéanamh. Ba cheart an méid atá ar fáil do gach Ballstát a leagan amach, agus tábhacht gach Ballstáit in earnáil talmhaíochta an Aontais á chur san áireamh, ar bhonn na nglan-uasteorainneacha d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(9)

Ba cheart do na Ballstáit bearta a cheapadh lena rannchuidítear leis an tslándáil bia nó lena dtugtar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh. Ba cheart d’fheirmeoirí a bheith incháilithe chun tacaíocht a fháil faoi na bearta sin ar choinníoll go mbíonn siad ag gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas agus na spriocanna sin á saothrú acu: an geilleagar ciorclach, bainistíocht cothaitheach, úsáid éifeachtúil acmhainní, agus modhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit an chabhair a dháileadh trí na bealaí is éifeachtaí ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar critéir iad lena gcuirtear san áireamh méid an tsuaite sa mhargadh a tharla sna hearnálacha éagsúla, agus é á áirithiú san am céanna gurb iad na feirmeoirí a thairbheoidh den chabhair ar deireadh, agus aon saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht á sheachaint.

(11)

Maidir leis an méid a leithdháilfear ar gach Ballstát, ós rud é nach gcúiteofaí leis ach cuid den chaillteanas iarbhír a bhain do tháirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tacaíocht bhreise a dheonú do na táirgeoirí sin, faoi na coinníollacha céanna maidir le hoibiachtúlacht, neamh-idirdhealú agus neamhshaobhadh iomaíochta. I bhfianaise mhéid na géarchéime atá ann faoi láthair, féadfaidh an tacaíocht náisiúnta bhreise sin, ar bhonn eisceachtúil, a bheith a dhá oiread níos mó, ar a mhéad, ná na méideanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(12)

Chun an tsolúbthacht a thabhairt do na Ballstáit an chabhair a dháileadh de réir mar is gá chun déileáil le suaitheadh an mhargaidh, ba cheart cead a bheith acu í a charnadh le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

(13)

An chabhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart í a dheonú mar bheart lena dtacaítear leis na margaí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, tar éis aistriú cistí ón gcúlchiste le haghaidh géarchéim san earnáil talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Rialachán sin.

(14)

Ós rud é gur in euro a shocraítear an chabhair ón Aontas, is gá, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhuaineach a áirithiú, dáta a shocrú chun an tsuim a leithdháiltear ar na Ballstáit nár ghlac an euro a chomhshó ina n-airgeadra náisiúnta. Is iomchuí, dá bhrí sin, an t-imeacht feidhme a chinneadh le haghaidh an ráta malairte i gcomhréir le hAirteagal 106 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. I bhfianaise an phrionsabail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 agus na gcritéar a leagtar síos i mír 5, pointe (c) den Airteagal sin, is é dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ba cheart a bheith san imeacht feidhme.

(15)

Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a thabhóidh na Ballstáit a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe.

(16)

Chun trédhearcacht, faireachán agus riar cuí a áirithiú maidir leis na méideanna atá ar fáil dóibh, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta nithiúla a bheidh le déanamh, faoi na critéir a úsáideadh chun iad a bhunú, faoin réasúnaíocht leis an gcabhair a dháileadh ar na hearnálacha éagsúla trí chéile, faoi na bearta a glacfar chun saobhadh na hiomaíochta sna margaí lena mbaineann a sheachaint, faoi thionchar beartaithe na mbeart agus faoi na modhanna chun a sheiceáil gur baineadh amach é.

(17)

Suaitheadh láithreach ar an margadh is ea na deacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar ionchuir agus na fadhbanna lóistíochta a eascraíonn as stad tobann a theacht ar lastais tráchtála agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás go héifeachtúil éifeachtach.

(18)

Chun a áirithiú go bhfaighidh táirgeoirí cabhair a luaithe is féidir, ba cheart a chur a gcumas do na Ballstáit an Rialachán seo a chur chun feidhme gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart feidhm a bheith aige ar choinníoll gur i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aistreofar EUR 350 000 000 ón gcúlchiste chuig na línte buiséid lena maoineofar an beart a bhfuil gá leis (4); ón lá a fhoilseofar teachtaireacht ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar teachtaireacht í lena sonrófar go ndearnadh an t-aistriú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Beidh cabhair ar luach iomlán EUR 500 000 000 ón Aontas ar fáil do na Ballstáit chun cabhair choigeartúcháin eisceachtúil a sholáthar do tháirgeoirí sna hearnálacha a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Úsáidfidh na Ballstáit na méideanna atá ar fáil dóibh mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le haghaidh na mbeart dá dtagraítear i mír 3 in earnálacha a ndéanann suaitheadh margaidh difear dóibh mar gheall ar chostais ionchuir mhéadaithe nó ar shrianta trádála. Glacfar na bearta ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha lena gcuirtear san áireamh méid an tsuaite sa mhargadh atá ag tarlú sna hearnálacha éagsúla, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le saobhadh iomaíochta.

3.   Na bearta a ghlacfaidh na Ballstáit, rannchuideoidh siad leis an tslándáil bia nó tabharfar aghaidh leo ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh agus tacóidh siad le feirmeoirí a bhíonn ag gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas agus na spriocanna sin á saothrú acu:

(a)

an geilleagar ciorclach;

(b)

bainistíocht cothaitheach;

(c)

úsáid éifeachtúil acmhainní;

(d)

modhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach iad na feirmeoirí a thairbheoidh go díreach d’íocaíochtaí na cabhrach ón Aontas go gcuirfear sochar eacnamaíoch na cabhrach ón Aontas ar aghaidh chucu ina iomláine.

5.   Caiteachas na mBallstát i ndáil leis na híocaíochtaí i leith na mbeart dá dtagraítear i mír 3, ní bheidh sé incháilithe do chabhair ón Aontas ach amháin má dhéanfar na híocaíochtaí sin faoin 30 Meán Fómhair 2022.

6.   Maidir leis na Ballstáit nár ghlac an euro isteach ina gcuid airgeadraí náisiúnta, is é dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an t-imeacht feidhme don ráta malairte dá dtagraítear in Airteagal 106 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis na méideanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

7.   Féadfar bearta faoin Rialachán seo a charnadh in éineacht le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

Airteagal 2

Féadfaidh na Ballstáit cabhair náisiúnta bhreise a dheonú le haghaidh na mbeart arna ndéanamh faoi Airteagal 1 suas le huasmhéid 200 % den mhéid comhfhreagrach a leagtar amach do gach Ballstát san Iarscríbhinn, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le saobhadh iomaíochta.

Íocfaidh na Ballstáit an tacaíocht bhreise faoin 30 Meán Fómhair 2022.

Airteagal 3

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2022:

(1)

tuairisc ar na bearta atá le déanamh;

(2)

na critéir a úsáidtear chun na modhanna maidir le deonú na cabhrach a chinneadh agus an réasúnaíocht is bonn leis an gcabhair a dháileadh ar na hearnálacha éagsúla trí chéile;

(3)

tionchar beartaithe na mbeart d’fhonn an tslándáil bia a bhaint amach agus an margadh a chobhsú;

(4)

na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh lena sheiceáil go mbainfear amach an tionchar atá beartaithe;

(5)

na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint;

(6)

leibhéal na tacaíochta breise arna deonú de bhun Airteagal 2;

(b)

tráth nach déanaí ná an 15 Bealtaine 2023, na méideanna iomlána a íocadh in aghaidh an bhirt, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú de réir chabhair an Aontais agus de réir na cabhrach náisiúnta breise, mar aon le líon agus cineál na dtairbhithe agus an measúnú ar éifeachtacht an bhirt.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar choinníoll gur i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aistreofar EUR 350 000 000 ón gcúlchiste chuig na línte buiséid lena maoineofar an beart eisceachtúil. Beidh feidhm aige ón lá a fhoilseofar teachtaireacht ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar teachtaireacht í lena sonrófar go ndearnadh an t-aistriú.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671

(2)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Na méideanna atá ar fáil do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

Ballstát

EUR

An Bheilg

6 268 410

An Bhulgáir

10 611 143

An tSeicia

11 249 937

An Danmhairg

10 389 359

An Ghearmáin

60 059 869

An Eastóin

2 571 111

Éire

15 754 693

An Ghréig

26 298 105

An Spáinn

64 490 253

An Fhrainc

89 330 157

An Chróit

5 354 710

An Iodáil

48 116 688

An Chipir

632 153

An Laitvia

4 235 161

An Liotuáin

7 682 787

Lucsamburg

443 570

An Ungáir

16 939 316

Málta

69 059

An Ísiltír

8 097 139

An Ostair

8 998 887

An Pholainn

44 844 365

An Phortaingéil

9 105 131

An Rómáin

25 490 649

An tSlóivéin

1 746 390

An tSlóvaic

5 239 169

An Fhionlainn

6 872 674

An tSualainn

9 109 115


Top