EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0117

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/117 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena leasaítear den 328ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida

C/2022/604

OJ L 19, 28.1.2022, p. 65–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/117/oj

28.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 19/65


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/117 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2022

lena leasaítear den 328ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 24 Eanáir 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Ar son an Uachtaráin

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)  IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha”:

“Khalil Ben Ahmed Ben Mohamed Jarraya (script bhunaidh:

Image 1
) (ailias dea-cháilíochta: (a) Khalil Yarraya; (b) Ben Narvan Abdel Aziz (Dáta breithe: 15.8.1970; áit bhreithe: Sereka, an iar-Iúgslaiv); (c) Abdel Aziz Ben Narvan (Dáta breithe: 15.8.1970; áit bhreithe: Sereka, an iar-Iúgslaiv); ailias ísealcháilíochta: (a) Amro; (b) Omar; (c) Amrou; (d) Amr). Dáta breithe: 8.2.1969. Áit bhreithe: Sfax, an Túinéis. Náisiúntacht: Túinéiseach. Pas uimh. K989895 (pas Túinéiseach, eisithe an 26.7.1995 in Genova, an Iodáil, a chuaigh as feidhm an 25.7.2000). Seoladh: Nuoro, an Iodáil. Faisnéis eile: (a) Díbríodh ón Iodáil go dtí an Túinéis é an 24.2.2015. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 25.6.2003.”


Top