EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2305
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/2305 of 21 October 2021 supplementing Regulation (EU) 2017/625 of the European Parliament and of the Council with rules on the cases where and conditions under which organic products and in-conversion products are exempted from official controls at border control posts, the place of official controls for such products and amending Commission Delegated Regulations (EU) 2019/2123 and (EU) 2019/2124 (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na cásanna ina ndíolmhaítear táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina ndíolmhaítear iad, mar aon le rialacha maidir leis an áit ina ndéantar rialuithe oifigiúla ar na táirgí sin, agus lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2305 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na cásanna ina ndíolmhaítear táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina ndíolmhaítear iad, mar aon le rialacha maidir leis an áit ina ndéantar rialuithe oifigiúla ar na táirgí sin, agus lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/6946
OJ L 461, 27.12.2021, p. 5–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
27.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 461/5 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2305 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Deireadh Fómhair 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na cásanna ina ndíolmhaítear táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina ndíolmhaítear iad, mar aon le rialacha maidir leis an áit ina ndéantar rialuithe oifigiúla ar na táirgí sin, agus lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 48, pointe (h), agus Airteagal 51(1), pointe (a), Airteagal 53(1), pointe (a) agus pointe (e), agus Airteagal 77(1), pointe (k), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), na rialuithe oifigiúla a dhéantar sna Ballstáit chun comhlíonadh na gcoinníollacha agus na mbeart a fhíorú maidir le hallmhairiú isteach san Aontas na dtáirgí a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú, is rialuithe iad atá le déanamh ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2017/625. |
(2) |
Le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) 2017/625, sonraítear catagóirí na n-ainmhithe agus na n-earraí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha, ar ainmhithe agus earraí iad a bhfuil rialuithe oifigiúla le déanamh orthu ag na húdaráis inniúla ag poist rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas. Na táirgí orgánacha agus na táirgí atá á dtiontú dá dtagraítear in Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848, is táirgí iad a thagann faoi chatagóirí na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2017/625, de bharr na forála sin i Rialachán (AE) 2018/848. Ina theannta sin, féadfaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú teacht faoi chatagóirí na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2017/625, de bharr gníomhartha nó rialacha dá dtagraítear san fhoráil sin freisin, seachas Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848. Mar an gcéanna, féadfaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú teacht faoi chatagóirí na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2017/625, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais ábhartha. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 48, pointe (h), de Rialachán (AE) 2017/625, i gcás ainmhithe agus earraí a bhfuil riosca íseal ag baint leo nó nach bhfuil aon riosca sonrach ag baint leo, féadfar iad a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. In Airteagal 3, pointe (24), de Rialachán (AE) 2017/625, sainmhínítear “riosca” trí thagairt a dhéanamh do thionchar díobhálach ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe nó plandaí, ar leas ainmhithe nó ar an gcomhshaol ach gan tagairt a dhéanamh do cháilíocht bhia. Nuair a bheidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú ag teacht isteach san Aontas, féadfar iad a mheas mar tháirgí a bhfuil riosca íseal ag baint leo nó mar tháirgí nach bhfuil aon riosca sonrach ag baint leo a mhéid a bhaineann le sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó plandaí, leas ainmhithe nó an comhshaol, i gcás nach dtiocfaidh siad faoi chatagóirí na n-ainmhithe agus na n-earraí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 47(1), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2017/625, nó i gcás nach dtiocfaidh siad faoi chatagóirí na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2017/625, ar ainmhithe agus earraí iad ar leagadh síos coinníollacha agus bearta i leith a dteacht isteach san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 126 nó Airteagal 128 faoi seach de Rialachán (AE) 2017/625, nó i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h) agus (j), den Rialachán sin, rialacha lena gceanglaítear gur gá comhlíonadh na gcoinníollacha agus na mbeart sin a dheimhniú ar theacht isteach na n-ainmhithe nó na n-earraí sin san Aontas. Dá bhrí sin, is iomchuí na táirgí sin a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
(4) |
Rialuithe oifigiúla ar tháirgí orgánacha agus ar tháirgí atá á dtiontú a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais, ar táirgí iad atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir leis an Rialachán seo, is rialuithe oifigiúla iad ba cheart a dhéanamh ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht ina ndéantar na rialuithe sin. Ba cheart don Choimisiún an liosta de na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht a choimeád cothrom le dáta sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear in Airteagal 133(4) de Rialachán (AE) 2017/625. |
(5) |
De thairbhe Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún (3), is féidir leis na húdaráis inniúla ag poist rialaithe teorann seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ag pointe rialaithe seachas an post rialaithe teorann, ar seiceálacha iad a dhéantar ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c) agus pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625 agus ar choinsíneachtaí bia agus beatha nach de bhunadh ainmhíoch iad, faoi réir na mbeart dá bhforáiltear sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), den Rialachán sin. Mar an gcéanna, de thairbhe Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123, is féidir leis na húdaráis inniúla seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phost rialaithe teorann ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 72(1) agus Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Mar sin féin, níl feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 maidir le coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c) agus pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625 más táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú iad atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848. |
(6) |
Chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 i bhfeidhm maidir le coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c) agus pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625, ar táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú iad atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848, is gá raon feidhme an Rialacháin a mhéadú. Ina theannta sin, ba cheart forálacha a leagan síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 lena leagfar amach na cásanna ina bhféadfaidh agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ag pointe rialaithe seachas an post rialaithe teorann, ar seiceálacha iad a dhéantar ar choinsíneachtaí táirgí áirithe atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848. |
(7) |
Chun láimhseáil thapa na n-ainmhithe agus na n-earraí atá ag teacht isteach san Aontas a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla ag poist rialaithe teorann a údarú, sula mbeidh torthaí na hanailíse agus na dtástálacha saotharlainne ar fáil, go n-iomprófar ar aghaidh chuig an gceann scríbe deiridh na coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (c) agus pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625, i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún (5), lena n-áirítear i gcás inar táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú iad atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124 a leasú dá réir. |
(9) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
na cásanna ina ndíolmhaítear agus na coinníollacha faoina ndíolmhaítear táirgí orgánacha áirithe agus táirgí áirithe atá á dtiontú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe a dhéantar chun comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha a fhíorú, nuair atá na táirgí sin ag teacht isteach san Aontas agus is táirgí iad a bhfuil riosca íseal ag baint leo nó is táirgí iad nach bhfuil aon riosca sonrach ag baint leo a mhéid a bhaineann le sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó plandaí, leas ainmhithe nó an comhshaol; |
(b) |
an áit a bhfuil na rialuithe oifigiúla le déanamh ar na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais; agus |
(c) |
leasuithe ar Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2123 agus (AE) 2019/2124. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. |
ciallaíonn “táirge orgánach” táirge faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/848; |
2. |
ciallaíonn “táirge atá á thiontú” táirge faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (7), de Rialachán (AE) 2018/848. |
Airteagal 3
Táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann
Na táirgí orgánacha agus na táirgí atá á dtiontú seo a leanas, táirgí atá ag teacht isteach san Aontas, is táirgí iad a bheidh díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag post rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas:
(a) |
táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú seachas na táirgí a bhaineann le catagóirí na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2017/625; agus |
(b) |
táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú, ar táirgí iad a bhaineann le catagóir na n-ainmhithe agus na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2017/625, seachas na táirgí ar leagadh síos coinníollacha nó bearta i leith a dteacht isteach san Aontas trí bhíthin gníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 126 nó Airteagal 128 faoi seach de Rialachán (AE) 2017/625, sin nó ar leagadh síos coinníollacha nó bearta i leith a dteacht isteach san Aontas i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h) agus (j) den Rialachán sin. |
Airteagal 4
An áit a ndéantar rialuithe oifigiúla ar tháirgí orgánacha agus ar tháirgí atá á dtiontú ar táirgí iad atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann
1. I gcás táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú dá dtagraítear in Airteagal 3, táirgí a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais, déanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe oifigiúla orthu ag na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht sa Bhallstát sin ina scaoilfear an choinsíneacht i saorchúrsaíocht san Aontas.
2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht, áit a ndéanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe oifigiúla i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh siad a n-ainm, a seoladh agus a sonraí teagmhála in iúl don Choimisiún.
An liosta de na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht, is liosta é a choimeádfaidh an Coimisiún cothrom le dáta sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES).
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an teicneolaíocht agus an trealamh is gá ag na húdaráis inniúla ag na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht dá dtagraítear i mír 1, ionas go mbeidh siad in ann TRACES a oibriú go héifeachtúil.
Airteagal 5
Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 mar a leanas:
1. |
leasaítear Airteagal 1(1) mar a leanas:
|
2. |
cuirtear isteach an tAirteagal 1a seo a leanas roimh Chaibidil I: “Airteagal 1a Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(*) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bhfuil sé beartaithe iad a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, xxx, lch. 13)”;" |
3. |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
4. |
cuirtear an tAirteagal 2a seo a leanas isteach: “Airteagal 2a Na coinníollacha faoina bhféadfaidh seiceálacha orgánacha i bhfoirm seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ag pointe rialaithe seachas an post rialaithe teorann ar seiceálacha iad a dhéantar ar choinsíneachtaí táirgí áirithe atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848 1. Seiceálacha orgánacha i bhfoirm seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a)(ia), agus ar choinsíneachtaí bia agus beatha nach de bhunadh ainmhíoch iad dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a)(ii), coinsíneachtaí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann de bhun Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2018/848, is seiceálacha iad a fhéadfaidh na húdaráis inniúla a dhéanamh ag pointe rialaithe a shonraítear sa deimhniú cigireachta nach post rialaithe teorann é, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
2. An ceanglas maidir le cóip fhíordheimhnithe den deimhniú cigireachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (g), a bheith ag gabháil leis an gcoinsíneacht, ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin más amhlaidh a d’eisigh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe sa tríú tír an deimhniú sin in TRACES i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, sin nó más amhlaidh a d’uaslódáil an t-oibreoir in TRACES é agus go ndearna údaráis inniúla an phoist rialaithe teorann a chinntiú go bhfuil sé ag teacht leis an mbundeimhniú cigireachta. (*) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na doiciméid agus na fógraí atá ag teastáil le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bhfuil sé beartaithe iad a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 461, xxx, lch 30).”;" |
5. |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
6. |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
7. |
in Airteagal 6, cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach: “6. I ndáil le coinsíneachtaí a aistrítear chuig pointe rialaithe chun gur féidir seiceálacha orgánacha a dhéanamh orthu, ar seiceálacha iad atá i bhfoirm seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha, déanfaidh údaráis inniúla an phointe rialaithe an méid seo a leanas:
|
8. |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: “Seiceálacha doiciméadacha ar choinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réad eile atá ag teacht isteach san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), is seiceálacha iad a fhéadfaidh ceachtar díobh seo a leanas a dhéanamh:”; |
9. |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
Airteagal 6
Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 mar seo a leanas:
1. |
in Airteagal 1(1), pointe (a), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
(*) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).”;" |
2. |
in Airteagal 6(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: “An t-oibreoir a bhfuil an choinsíneacht faoina chúram, an choinsíneacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a)(i), (ii) agus (iia), áiritheoidh sé gur dúnadh nó gur séalaíodh pacáistíocht nó modh iompair na coinsíneachta sa chaoi gurb amhlaidh, le linn a hiompair chuig an tsaoráid iompair ar aghaidh agus a stórála inti:”. |
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na gcásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).
(4) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá faoi bhealach, á dtrasloingsiú agus á n-iompar ar aghaidh tríd an Aontas, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 1251/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010, (AE) Uimh. 605/2010, (AE) Uimh. 142/2011, (AE) Uimh. 28/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/777/CE ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 73).