EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2160

Cinneadh (CBES) 2021/2160 ón gComhairle an 6 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

ST/13630/2021/INIT

OJ L 436, 7.12.2021, p. 40–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2160/oj

7.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 436/40


CINNEADH (CBES) 2021/2160 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Nollaig 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1).

(2)

Tá feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1999 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 go dtí an 8 Nollaig 2021.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999, ba cheart síneadh a chur, go dtí an 8 Nollaig 2022, leis na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 den Chinneadh sin a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin, seachas a mhéid a bhaineann le duine amháin éagtha, ar cheart an iontráil ina leith a scriosadh ón Iarscríbhinn sin. Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le seachtar a áirítear san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart, Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 8 Nollaig 2023 agus coinneofar faoi shíor-athbhreithniú é. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, go dtí an 8 Nollaig 2022.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. CIGLER KRALJ


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine. (IO L 410I, 7.12.2020, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999, leasaítear an liosta de dhaoine nádúrtha a leagtar amach i roinn A (“Daoine nádúrtha”) mar a leanas:

(1)

scriostar iontráil 11 (a bhaineann le Mohammed Khalifa AL-KANI (ar a dtugtar freisin: Mohamed Khalifa Abderrahim Shaqaqi AL-KANI, Mohammed AL-KANI, Muhammad Omar AL-KANI));

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha maidir leis an seachtar nduine nádúrtha seo a leanas:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach i script na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“4.

Viktor Vasilievich (Vasilyevich) ZOLOTOV

Виктор Васильевич ЗОЛОТОВ

Post/Poist: Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia)

Dáta breithe: 27.1.1954

Áit bhreithe: Sasovo, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Viktor Vasilievich Zolotov ina Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) ón 5 Aibreán 2016 i leith agus, dá bhrí sin, ina Ardcheannasaí ar National Guard Troops of the Russian Federation, agus ina Cheannasaí ar OMON, aonad soghluaiste sainchuspóireach arna chomhtháthú in Rosgvardia. Sa cháil seo, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile thrúpaí Rosgvardia agus OMON. Ina cháil mar stiúrthóir Rosgvardia, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, agus sáruithe forleathana córasacha ar shaoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, go háirithe trí chur faoi chois foréigneach agóidí agus léirsithe.

2.3.2021

 

 

 

 

Fostaíodh Rosgvardia chun deireadh a chur leis na léirsithe ar son Navalny a reáchtáladh an 23 Eanáir agus an 21 Aibreán 2021, agus tuairiscíodh gur úsáid roinnt mhaith oifigigh de chuid OMON agus an Gharda Náisiúnta brúidiúlacht agus foréigean in aghaidh na n-agóideoirí. D’ionsaigh na fórsaí slándála na scórtha iriseoirí, lena n-áirítear comhfhreagraí Meduza, Kristina Safronova, ar bhuail oifigeach OMON í agus iriseoir ó Novaya Gazeta, Yelizaveta Kirpanova, a bhí ag cur fola i ndiaidh buille a fháil sa cheann le smachtín. Le linn na léirsithe an 23 Eanáir 2021, chuir na fórsaí slándála níos mó ná 300 mionaoiseach faoi choinneáil go treallach.

 

5.

ZHU Hailun

朱海仑 (Litriú Síneach)

Post/Poist: Comhalta den 13th National People's Congress of the People's Republic of China (ina suí ó 2018 go 2023) agus ionadaíocht á déanamh aige ar Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR); Ball den National People’s Congress Supervisory and Judicial Affairs Committee (ón 19 Márta 2018 i leith)

IarRúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus iarLeas-Rúnaí an Party Committee of the XUAR (2016 go 2019). IarLeas-Cheann ar Standing Committee of the13th People’s Congress of the XUAR, comhlacht reachtach réigiúnach (2019 go dtí an 5 Feabhra 2021, ach gníomhach i gcónaí go dtí Márta 2021, ar a laghad). Comhalta den 13th National People's Congress of the People's Republic of China (ar seisiún ó 2018 go 2023) agus ionadaíocht á déanamh aige ar XUAR. Comhalta den National People’s Congress Supervisory and Judicial Affairs Committee ón 19 Márta 2018 i leith.

22.3.2021

 

 

 

Dáta breithe: Eanáir 1958

Áit bhreithe: Lianshui, Jiangsu (China)

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR (2016 go 2019), is é Zhu Hailun a bhí freagrach as an tslándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála, agus cur chun feidhme an chláir sin, faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Tá trácht déanta ar Zhu Hailun mar ‘ailtire’ an chláir sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneálacha treallacha ar mórscála a rinneadh ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.

Mar Leas-Cheann an Standing Committee of the 13th People’s Congress of the XUAR (2019 go dtí an 5 Feabhra 2021), lean Zhu Hailun de thionchar cinntitheach a imirt in XUAR mar a bhfuil an clár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile ag dul ar aghaidh.

 

9.

JONG Kyong-thaek (ar a dtugtar freisin: CHO’NG Kyo’ng-t’aek)

정경택 (Litriú Cóiréach)

Post/Poist: Aire Slándála Stáit an Democratic People’s Republic of Korea (DPRK)

Dáta breithe: idir 1.1.1961 agus 31.12. 1963

Náisiúntacht: Democratic People’s Republic of Korea (DPRK)

Inscne: fireann

Is é Jong Kyong-thaek Aire Slándála Stáit Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) ó 2017. Tá Aireacht Slándála Stáit DPRK ar cheann de na hinstitiúidí ceannródaíocha a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena ndírítear ar easaontas polaitiúil, teacht isteach faisnéise ‘treascraí’ ó thar lear agus aon iompar eile a mheastar a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar an gcóras polaitiúil agus ar a cheannaireacht a shainaithint agus a chur faoi chois.

Ina cháil mar Cheann ar an Aireacht Slándála Stáit, tá Jong Kyong-thaek freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.

22.3.2021

10.

RI Yong Gil (ar a dtugtar freisin: RI Yong Gi, RI Yo’ng-kil, YI Yo’ng-kil)

리영길 (Litriú Cóiréach)

Post/Poist: Aire Cosanta Náisiúnta an Democratic People’s Republic of Korea (DPRK)

Dáta breithe: 1955

Náisiúntacht: Democratic People’s Republic of Korea (DPRK)

Inscne: fireann

Is é Ri Yong Gil Aire Cosanta Náisiúnta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK). Ba é an tAire Slándála Sóisialta é ó Eanáir 2021 go dtí Meitheamh nó Iúil 2021. Ba é Ceannasaí ar Fhoireann Ghinearálta an Korean People’s Army (KPA) é idir 2018 agus Eanáir 2021.

Ina cháil mar Aire Cosanta Náisiúnta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in DPRK, lena n-áirítear na sáruithe sin a rinne comhaltaí den Military Security Command agus d’aonaid eile de KPA.

Is iad Aireacht Slándála Stáit DPRK (ar a dtugtaí Aireacht Slándála na nDaoine nó Aireacht Slándála Poiblí tráth) agus an Military Security Command na príomhinstitiúidí a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceastóireacht agus pionós a chur ar dhaoine a bhí ag teitheadh ‘go neamhdhleathach’ ó DPRK. Tá an Aireacht Slándála Sóisialta i bhfeighil na gcampaí príosúin agus na n-ionad coinneála oibre trína Biúró Príosúin, mar a mbíonn príosúnaigh agus cimí faoi réir ocras d’aon ghnó agus íde mhídhaonna eile.

22.3.2021

 

 

 

 

Ina cháil mar iarCheann ar an Aireacht Slándála Sóisialta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.

Ina cháil mar iarCheannaire ar Fhoireann Ghinearálta KPA, tá Ri Yong Gil freagrach chomh maith as sáruithe tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine arna ndéanamh ag KPA.

 

12.

Abderrahim AL-KANI (ar a dtugtar freisin: Abdul-Rahim AL-KANI, Abd-al-Rahim AL-KANI)

الرحيم الكاني عبد (Litriú Arabach)

Post/Poist: comhalta den Kaniyat Militia

Dáta breithe: 7.9.1997

Náisiúntacht: Libiach

Uimhir an phas: PH3854LY

Uimhir aitheantais: 119970331820

Inscne: fireann

Tá Abderrahim Al-Kani ina chomhalta lárnach den Kaniyat Militia agus is deartháir le Ceann an Kaniyat Militia, Mohammed Khalifa Al-Khani é (a d’éag i mí Iúil 2021). Bhí smacht ag an Kaniyat Militia ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020.

Tá Abderrahim Al-Kani i gceannas ar an tslándáil inmheánach thar ceann an Kaniyat Militia. Sa cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Libia, go háirithe daoine a mharú go seachbhreithiúnach agus a fhuadach le forneart idir 2015 agus Meitheamh 2020 in Tarhuna.

Theith Abderrahim Al-Kani agus an Kaniyat Militia ó Tarhuna go luath i mí an Mheithimh 2020 chuig oirthear na Libia. Ina dhiaidh sin, aimsíodh roinnt olluaigheanna in Tarhuna agus meastar gurb é an Kaniyat Militia is cúis leo.

22.3.2021

13.

Aiub Vakhaevich KATAEV (ar a dtugtar freisin: Ayubkhan Vakhaevich KATAEV)

Аюб Вахаевич КАТАЕВ (ar a dtugtar freisin: Аюбхан Вахаевич КАТАЕВ ) (litriú Rúisise)

Post/Poist: IarCheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun sa Chechen Republic

Dáta breithe: 1.12.1980 nó 1.12. 1984

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun i bPoblacht na Seisnia go dtí 2018.

Ina cháil mar Cheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise in Argun, rinne Aiub Kataev maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanann gníomhaireachtaí áitiúla um shlándáil an stáit agus gníomhaireachtaí áitiúla póilíneachta. Ina cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad, agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Cheann Phoblacht na Seisnia. Tá Aiub Kataev agus fórsaí a bhí faoina cheannas tráth freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha nó treallacha.

Dar le go leor finnéithe, ghlac Aiub Kataev féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin.

22.3.2021

14.

Abuzaid (Abuzayed) Dzhandarovich VISMURADOV

Абузайд Джандарович ВИСМУРАДОВ (litriú Rúisise)

Post/Poist: IarCheannasaí ar fhoireann ‘Terek’ de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR), Leas-Phríomh-Aire an Chechen Republic, garda cosanta neamhoifigiúil Cheann an Chechen Republic, Ramzan Kadyrov

Dáta breithe: 24.12.1975

IarCheannasaí ar Fhoireann ‘Terek’ de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR). Leas-Phríomh-Aire Phoblacht na Seisnia ón 23 Márta 2020. Garda cosanta neamhoifigiúil Cheann Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadyrov.

Ba é Abuzaid Vismuradov ceannasaí fhoireann ‘Terek’ de chuid an SOBR ó Mhárta 2012 go dtí Márta 2020. Ina cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Ceann Phoblacht na Seisnia Ramzan Kadyrov.

22.3.2021’

 

 

 

Áit bhreithe: Akhmat-Yurt/Khosi-Yurt, Checheno-Ingush Autonomous Soviet Socialist Republic (ASSR) mar a thugtaí air, Chechen Republic mar a thugtar anois uirthi (Cónaidhm na Rúise)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Tá Abuzaid Vismuradov agus an t-aonad ‘Terek’ a bhí faoina cheannas roimhe seo freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus maruithe agus básuithe seachbhreithiúnacha agus treallacha.

Dar le go leor finnéithe, ghlac Abuzaid Vismuradov féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin. Is dlúthchomhlach le Ramzan Kadyrov, Ceann Phoblacht na Seisnia, é, atá i mbun feachtas cos ar bolg i gcoinne a fhreasúra pholaitiúil le roinnt mhaith blianta.

 


Top